Súil siar ar na cluichí Gaeltachta

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a d’imir foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine.

D Breathnach
Dónal Breathnach. Pictúir: Inpho

 Craobh Phort Láirge Thiar buaite ag fir na Gaeltachta

Is iad An Ghaeltacht seaimpíní iomána faoi-21 B Phort Láirge Thiar tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chaisleáin Cuanach i bPáirc Uí Fhearchair inné. Is é an chéad uair le 12 bliain atá an chraobh buaite acu tar éis farasbarr cúig phointe a bheith acu sa chluiche ceannais, 2-12 in aghaidh 0-13.

Ba iad foireann Chaisleáin Cuanach ba láidre a thosaigh an cluiche agus bhí siad 0-5 in aghaidh 0-1 chun cinn tar éis 10 nóiméad. Fuair An Ghaeltacht an-spreagadh sa chéad deich nóiméad eile nuair a d’aimsigh Fergal Ó Cuirrin dhá cúl dóibh, scóranna a chuir chun cinn iad, 2-2 in aghaidh 0-6.

Tháinig Caisleáin Cuanach ar ais ar comhscór ach bhí farasbarr de thrí chúilín ag An Ghaeltacht ag an mbriseadh, 2-5 in aghaidh 0-8, tar éis cúpla puc saor ó Dhónal Breathnach.

Is ó bhuillí saora a fuair Breathnach don Ghaeltacht agus Jamie Barron do Chaisleáin Cuanach, is mó a tháinig na scóranna go luath sa dara leath agus ag teacht isteach sa cheathrú uaire deireanach, bhí cúig chúilín idir na foirne, 2-8 in aghaidh 0-9.

Bhí foireann na Gaeltachta in ann an farasbarr sin a choinneáil go dtí lán ama agus anois tabharfaidh siad aghaidh ar Thrá Mhór i gcluiche ceannais an chontae an Domhnach seo chugainn.

 

Screen Shot 2014-12-08 at 08-12-2014

Cliseann An Spidéal sa chluiche ceannais

Thug Anach Cuain leo craobh sóisear iomána na Gaillimhe inné tar éis bua cheithre phointe i gcoinne fhoireann an Spidéil, 1-8 in aghaidh 0-7. Ar lá thar a bheith fuar, bhí sé deacair iomáint a imirt agus bhí sé sin le feicáil ag tús an chluiche seo. Ní raibh ach trí phointe an taobh ag na foirne tar éis 20 nóiméad.

Tháinig scór mór an chluiche cúig nóiméad roimh leath ama. D’aimsigh Anach Cuain cúl iontach tábhachtach agus cé go raibh conspóid bheag faoin gcúl, cheadaigh an réiteoir é. Is é an cúl sin a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-3 ag Anach Cuain, 0-3 ag fir an Spidéil.

Mhéadaigh Anach Cuain an bhearna go luath sa dara leath agus bhí siad cúig phointe chun cinn tar éis 45 nóiméad. Is ansin a bhí an tréimhse is fearr ag An Spidéal sa chluiche. D’aimsigh Fergal Ó Mainnín agus Stiofán Ó Cuanaigh pointe chun cúl glan a fhagáil idir na foirne ach cé go raibh cúpla deis ag an Spidéal brat glais a ardú, níor ghéill cosantóirí Anach Cuain.

Nuair a d’aimsigh imreoir peile na Gaillimhe Damien Comer, a bhí thar barr i rith an chluiche, scór breá chun ceithre chúilín a fhágáil idir na foirne, bhí an beart déanta ag fir Anach Cuain.

Cé go mbeidh díomá ar an Spidéal nár imir siad chomh maith agus ab fhéidir, níl aon dabht ach go raibh an bua tuillte ag Anach Cuain agus an grád idirmheánach bainte amach acu tar éis an cluiche ceannais a chailleadh anuraidh.

Paddy McBrearty. Pictúir Inpho
Paddy McBrearty. Pictúir Inpho

Conspóid i gcraobh faoi-21 Dhún na nGall

Imríodh trí cinn de chluichí ceathrú ceannais faoi-21 ‘A’ Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo ach níl a fhios againn cé hiad an ceathrú foireann sna babhtaí leathcheannais fós de bharr nár tharla an cluiche idir An Clochán Liath agus Cloich Cheann Fhaola.

Bhí Cloich Cheann Fhaola réidh le dul chun páirce ach ní raibh foireann An Clochán Liath i láthair agus tabharfar an cás os comhair bhord an chontae an tseachtain seo. Cibé acu foireann a thiocfaidh slán as an gcluiche sin, tabharfaidh siad aghaidh ar Na Ceithre Maistrí sa chluiche leathcheannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhun Cranncha, 4-8 in aghaidh 0-10.

Bualfaidh Naomh Adhamhnáin agus Cill Chartha le chéile sa chluiche leathcheannais eile.

Fuair Naomh Adhamhnáin an ceann is fearr ar Aodh Ruadh Bhéal Átha Seanaigh, 0-12 in aghaidh 0-6, agus bhí farasbarr de sé phointe ag Cill Chartha ar Naomh Conaill, 1-20 in aghaidh 3-8. Chas an dá fhoireann seo le chéile sa chluiche ceannais anuraidh agus bhí an bua arís ag Cill Chartha i mbliana, a bhuí le 0-12 ó bhróig an imreora idirchontae, Paddy McBrearty.

Bhí ocht bpointe idir na foirne tar éis 52 nóiméad agus cé go raibh Shane Ó Máille in ann dhá cúl a fháil do Naomh Conaill, tháinig Cill Chartha slán ar deireadh de bharr pointí ó McBrearty agus a dheartháir Stiofán.

Fiontán Ó Curraoin. pictúir Inpho
Fiontán Ó Curraoin. pictúir Inpho

Míchéal Breathnach agus Cill Aithnín cáillithe do chluichí ceannais na sraithe

Beidh Míchéal Breathnach agus Carna-Caiseal in iomaíocht lena chéile i gcluiche ceannais Sraith 3 i nGaillimh tar éis do na Breathnaigh an beart a dhéanamh sa chluiche cáillithe in aghaidh Mhaigh Cuilinn. Deich bpointe a bhí idir na foirne ar deireadh, 1-9 in aghaidh 0-2. Is ag tús an chluiche agus díreach roimh lán ama a d’aimsigh Maigh Cuilinn na scóranna sin ach chaon taobh sin, ba iad fir Mhíchéal Breathnach a bhí in uachtar.

Tháinig an cúl do Mhícheál Breathnach deich nóiméad isteach sa chluiche, Seán Denvir ag ardú an bhrait ghlais chun fir Chois Fharraige a chur chun cinn. Bhí ocht bpointe idir na foirne ag leath am, 1-6 in aghaidh 0-1 agus nuair a fuair an imreoir idirchontae, Gareth Bradshaw, carta dhubh do Mhaigh Cuilinn go luath sa dara leath, ní raibh ach foireann amháin sa chluiche.

Le cabhair Fhiontáin Uí Curraoin, a bhí ag buachan coimhlint lár na páirce, mhéadaigh Míchéal Breathnach an bhearna agus cé gur aimsigh Conor Noone an pointe deireanach do Mhaigh Cuilinn, bhí an cluiche thart mar choimhlint i bhfad roimhe sin.

I Sraith 2, tá seaimpíní idirmheánach Chonnacht, Cill Aithnín, cáillithe don chluiche ceannais. Bhí an bua, 1-12 in aghaidh 0-9, acu ar fhoireann na Ceathrún Rua i gcluiche deireadh na sraithe an Satharn seo caite.

Bhí an dá fhoireann ag iarraidh áit a bhaint amach sa chluiche ceannais i gcoinne Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach ach is iad Chill Aithnín a tháinig amach chun tosach, a bhuíochas le cúl ó Pheadar Ó Hallaráin cuig nóiméad roimh leath ama.

Bhí an dá fhoireann cothrom go maith sa chéad leath agus is é an cúl sin a bhí idir na foirne ag an mbriseadh, 1-6 in aghaidh 0-6. Gan ach deich nóiméad fágtha, is é an cúl céanna a bhí fós ag scaradh na bhfoirne ach bhí Cill Aithnín in ann trí chúilín a fháil roimh an bhfeadóg dheireanach chun an bua a chinntiú.

Fág freagra ar 'Súil siar ar na cluichí Gaeltachta'