Stádas UNESCO á lorg don Ghàidhlig agus cultúr Gaelach na hAlban

Dúirt Ceannasaí an Chomuinn Ghaidhealaich gur cheart an Ghàidhlig agus cultúr Gaelach na hAlban a chur ar comhchéim leis an 200 cultúr agus traidisiún eile a fuair stádas oifigiúil ó UNESCO ó 2008 i leith

Stádas UNESCO á lorg don Ghàidhlig agus cultúr Gaelach na hAlban

Tá fáilte curtha ag Comhairle nan Eilean Siar in Albain roimh an rún a cuireadh chun cinn ag an Mòd Nàiseanta Rìoghail, macasamhail Oireachtas na Samhna, go lorgófaí stádas UNESCO don Gháidhlig, don chultúr Gaelach in Albain agus do na h-Eileanan Siar.

Agus é ag labhairt ag searmanas oscailte na féile an deireadh seachtaine seo, atá á reáchtáil i mbliana sna hoileáin, dúirt Ceannasaí an Chomuinn Ghaidhealaich, Iain Mac Leòid, go bhfuil an stádas UNESCO tuillte ag cultúr Gaelach na hAlban, idir bhéaloideas, cheol, dhamhsa, agus cheardaíocht, i measc rudaí eile.

“Ó bhí 2008 ann, tá beagnach 400 traidisiún cultúrtha ar fud na cruinne liostáilte ag UNESCO mar thraidisiúin a bhfuil tacaíocht tuillte acu lena ’n-oidhreacht dhobhraite’ a chaomhnú. Ní bhaineann aon cheann de na traidisiúin aitheanta sin leis an Ríocht Aontaithe.

“Creidim gur cheart go n-aithneofaí an cultúr sainiúil ‘sean-nós’ Gaelach atá againn in Albain, go háirithe sna hEilean Siar, mar a aithnítear na traidisiúin eile seo,” a dúirt sé.

Dúirt sé go gcreideann gur cheart go ndíreofaí ar na hEilean Siar mar cheantar caomhnaithe agus forbartha teanga. Thug sé le fios, mar sin féin, go mairfeadh an Ghàidhlig in áiteanna eile in Albain, áit ar bith a mbíonn cainteoirí Gàidhlig ag dul i méad ann”, ach go bhfuil “timpeallacht speisialta” sna hoileáin agus go gcaillfí “croí na teanga” dá ngabhfadh sí sin in éag.

Chuir Norman A MacDonald, Neach-Gairm (Cathaoirleach) Chomhairle nan Eilean Siar fáilte roimh an méid a bhí le rá ag MacLeòid.

“Cuirfear fáilte roimh rud ar bith a chabhródh linn an Ghàidhlig a chaomhnú, a fheabhsú agus a fhorbairt. Tá stádas UNESCO ag Clachan Chalanais cheana féin, agus tá stádas dúbailte UNESCO ag Hiort, don chultúr agus don timpeallacht – is í an t-aon áit sa Ríocht Aontaithe a bhfuil an stádas dúbailte aici.

“Chinnteodh a leithéid de stádas don Ghàidhlig go gcuirfí cultúr agus Oidhreacht nan Eilean Siar ar comhchéim le cultúir agus traidisiúin eile ar fud an domhain. Tugann an Chomhairle tacaíocht iomlán d’achainí an Chomuinn agus táimid ag súil le cúnamh a thabhairt dóibh lena n-iarrachtaí an stádas a bhaint amach,” a dúirt MacDonald.

Cuireadh tús leis an Mòd an deireadh seachtaine seo caite agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 22 Deireadh Fómhair. Táthar ag súil le suas le 8,000 duine sna hoileáin don fhéile. Bíonn an fhéile á reáchtáil i mbailte éagsúla ar fud na hAlban gach bliain. Seo í an chéad uair le trí bliana a reáchtáladh sna hEilean Siar í.

D’oscail Cathaoirleach BBC Alba, Maggie Cunningham an fhéile i Steòrnabhagh i ndiaidh mórshiúl coinnle trí shráideanna an bhaile. Thug MacLeòid a óráid uaidh i ndiaidh na hoscailte seo, agus labhair sé freisin faoi thábhacht an tumoideachais Gàidhlig chun cur le líon na gcainteoirí óga.

Beidh beagnach 200 comórtas ar siúl i gcaitheamh na seachtaine chomh maith le himeachtaí spóirt, drámaíochta agus ceolchoirmeacha.