Soiléiriú cinniúnach – ní ‘coir’ é bean a threorú chun na Breataine Móire le haghaidh ginmhilleadh a fháil

Tá soiléiriú dlí tugtha ó thuaidh ar sciath chosanta é do dhaoine gairmiúla go dtig leo a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe le hothair gan an sirriam a bheith ag an doras

Soiléiriú cinniúnach – ní ‘coir’ é bean a threorú chun na Breataine Móire le haghaidh ginmhilleadh a fháil

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Barra McGrory

Tá ginmhilleadh mídhleathach i dTuaisceart Éireann ach amháin faoi chúinsí an-teoranta agus an DUP i measc na bpríomhdhreamanna is mó a éilíonn gur mar sin a bheidh go brách.

Dá n-ainneoin, cheadaigh a bpáirtnéirí, rialtas na Breataine, trí mhí ó shin go mbeadh ginmhilleadh ar fáil, saor in aisce, ar an NHS ag mná an tuaiscirt sa chuid eile den Ríocht Aontaithe feasta. Anois, tá breithiúnas déanta ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nach bhfuil baol ar bith go bhféadfaí oibrithe sláinte a chúiseamh as mná a atreorú chun leas a bhaint as seirbhísí ginmhillte thall.

Is ag freagairt ceiste ó Amnesty International abhus a bhí an stiúrthóir, Barra McGrory. B’fhada imní ar lucht leighis go gcuirfí an dlí orthu as cabhair nó treoir a thabhairt do bhean a bheadh ag iarraidh ginmhilleadh a fháil. Níor mhaolaigh treoirlínte ón Roinn Sláinte anuraidh a bhfaitíos. Ar ndóigh, tá speisialtóirí, mná cabhrach agus altraí ann nach ndéanfadh an gnó sin ar phrionsabal agus an ceart sin acu, ach b’fhada imní ar oibrithe sláinte eile go gcúiseofaí iad as ginmhilleadh a éascú. D’fhág sin mná leochaileacha ag imeacht gan treoir, maoiniú ná cabhair go Sasana agus cuid acu i gcruachás, go háirithe mná a bhí ag súil le leanbh nach mbeadh inmharthana.

Fiú tar éis chinneadh an rialtais sa Mheitheamh, ní raibh sé glan soiléir nach mbeadh cnáimhseoirí agus mná cabhrach i dtrioblóid. D’iarr Gráinne Taggart ó Amnesty ar Bharra McGrory soiléiriú a thabhairt ar dhá cheist. Ba é a fhreagra ná nach mbeadh baol cúisimh ann d’oibrithe sláinte agus nach bhfuil a leithéid de chion ann faoin dlí coiriúil agus “ginmhilleadh a mholadh is a spreagadh”.

Leag Amnesty an-bhéim ar an dara cuid den fhreagra sin. D’iarr Gráinne Taggart soiléiriú ón Roinn maidir le conas a cuireadh treoir i gcáipéis dá gcuid in 2016 ag rá gur chion é “ginmhilleadh a mholadh agus a spreagadh”. D’éiligh sí soiléiriú ón Roinn agus ceartú ar na treoirlínte, faoi phráinn.

Dúirt Breedagh Hughes, stiúrthóir Choláiste Ríoga na mBan Chabhrach gur chéim chinniúnach é fógra an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Bhí faitíos ar mhná cabhrach ó foilsíodh treoirlínte in 2013 a bhí “bagrach, imeaglach”, dar leis an gcoláiste. Ní bhfuair mná an cúram a bhí de dhíth orthu, a dúirt Hughes ‘de bharr contúirt a bhfuil a fhios anois nach raibh bonn dleathach léi’. Mhaígh Alban Magennis, iartheachta tionóil an SDLP, abhcóide agus feachtasóir aitheanta in aghaidh an ghinmhillte nach raibh oibrithe sláinte i mbaol cúisimh riamh. Níor aontaigh feachtasóirí ar son rogha leis. D’fháiltigh go leor roimh an soiléiriú cé go maíonn siad go bhfuil an soláthar reatha easnamhach, éagórach agus gur chóir an tseirbhís ghinmhillte atá ag saoránaigh sa chuid eile den Ríocht Aontaithe a bheith ar fáil abhus, sa bhaile.

Ar éigean is gá a rá gur cáineadh tuairim Bharra McGrory freisin. Cé gur sainmhíniú ar an dlí coiriúil é, dúirt Bernadette Smyth, bunaitheoir Precious Life agus Youth for Life NI gur cheart an cinneadh a thástáil sna cúirteanna. Mhaígh sí go raibh sé neamhdhaonlathach mar gur gnó do Stormont amháin é. Bhí sí ag déanamh talamh slán de go mbeadh móramh i Stormont (dá mba ann dó) ar aon intinn léi. B’fhéidir go mbeadh, ach tá an saol ag athrú agus diaidh ar ndiaidh tá leagan amach na bpolaiteoirí ag freagairt do thuairimí an phobail.

Is fíor do Smyth agus a comhfheachtasóirí nach bhfuil móramh an phobail ag iarraidh ginmhilleadh ar éileamh i dTuaisceart Éireann. Ach tá i bhfad níos mó daoine ná mar a d’admhódh sise a chreideann gur gníomh barbartha é iachall a chur ar bhean a bhfuil féatas neamhmharthana á iompar aici a dhul thar sáile le cóir leighis a fháil.

Ní leor é soiléiriú an DPP ná baol air chun an tseirbhís chuí a thabhairt do bhean sa ngábh sin ach is feabhas mór é. Crios sábhála nó sciath chosanta is ea é do dhaoine gairmiúla go dtig leo a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe le hothair gan an sirriam a bheith ag an doras. Céim chun tosaigh, dá laghad í.