Slán leis an Taoiseach Sealadach. Habemus Leath-Thaoiseach!

Uaireanta i gcúrsaí polaitíochta baineann tú – fiú nuair a chailleann tú, mar a chruthaigh Enda Kenny sa Dáil inniu.

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tuigeann tú go mbeadh cainteanna móra fada ann i ndiaidh olltoghcháin. Tuigeann tú go mbeadh gach aon uile pholaiteoir ag iarraidh a cheart agus a bhuntáiste féin a bhaint amach. Tuigeann tú, thar rud ar bith eile, go mbeadh na Teachtaí Dála a bhain ag iarraidh na vótóirí a sheachaint oiread agus ab fhéidir leo – agus ligean orthu féin go raibh an lá leo.

Sea, tá cluiche na polaitíochta cruálach cáidheach – ach is é an t-aon chluiche ar domhan é gur féidir leat a rá gur bhain tú – fiú nuair a chaill tú.

Amharc, mar shampla, ar an Taoiseach – ahem – Sealadach a bhí ag an Stát le cúpla mí anuas, Enda Kenny. Chaill Fine Gael an toghchán oiread chéanna le Páirtí an Lucht Oibre. Ní raibh an chaill chomh holc ó thaobh líon na suíochán de ach ba chaill í – caill lán chomh tubaisteach, lán chomh géar. Níor éirigh le Enda Kenny na vótóirí a thabhairt leis; ní dheachaigh sé i gcion orthu agus ní raibh gean acu air ná ar a pháirtí. Bhí airgead taobh thiar dá pháirtí; bhí mórán iriseoirí báúla ar a shon; bhí cumhacht aige agus bhí mí-eagar agus mí-éifeacht ag baint leis na foirne a bhí ina aghaidh.

Ach chaill sé. Níor bhain sé. Thit an tóin as a chuid iarrachtaí. Ní raibh rath air. Abair é cibé cén bealach is fearr leat é ach theip air an rud is bunúsaí a bhaint amach sa pholaitíocht – theip air toil an phobail a fháil.

Ó tharla gur de bhunadh Mhaigh Eo é Kenny, cuirimis i dtéarmaí peile é. Chaill Kenny an cluiche ceannais lá chraobh na huile-Éireann. Bhí Kenny ar an pháirc, a gheansaí Fine Gaelach air, ag imirt – ach chaill sé. Níor scóráil sé an cúl a bhí riachtanach. Ina ainneoin sin uilig, tá Kenny ag dreapadh an staighre sa seastán, ag tógáil an choirn agus ag fógairt a bhua – nach bua – don saol mór: “A phobal na hÉireann, bíodh is gur chaill muid anseo inniu, is mór an onóir dom an corn seo a thógáil. D’imir Fine Gael go maith sna babhtaí cáilithe…”

Ar ndóigh, ní tharlaíonn sé sin sa spórt in am ar bith. Caithfidh tú baint le, bhuel, le go bhfaighfeá aitheantas mar bhuaiteoir.

Bíodh sin mar atá, tá a cuid rialacha féin ag an pholaitíocht, rialacha a thugann deis do dhaoine a rá gur bhain siad, fiú nuair nár bhain. Ní shéidtear an fheadóg dheiridh – is iad na polaiteoirí féin atá i mbun na feadóige – ach cuirtear tuilleadh ama leis an imirt – mar mhaithe leis an lucht féachana. “Tá na vótóirí róthuirseach,” a deir na réiteoirí cum polaiteoirí. “Níor mhaith leis na vótóirí vóta a chaitheamh arís. Tá na créatúir spíonta amach!”

Och, bhuel, nach cineálta é sin ag polaiteoirí, iad ag tógáil na hoibre seo orthu féin ionas nach gcuirfí crua ar vótóirí arís? Agus nach sásta an cineáltas é dóibh sin a bhfuil suíochán acu?

Bhí mé ar tí a rá nach raibh údarás ‘morálta’ ar bith ag Enda Kenny rialtas a bhunú – ach gur aithin mé go tobann nár cheart dom an focal ‘morálta’ a úsáid agus mé ag plé le cúrsaí polaitíochta. Aidiacht eile dá gcuid féin a bhíonn ag polaiteoirí agus iad ag plé leis na cúrsaí seo – polaitiúil.

Tig le cinneadh ‘polaitiúil’ bheith morálta, mímhorálta, gannmhorálta, lánmhorálta nó neamh-mhorálta. Ag brath ort féin ar fad atá sé. Is iontach an coincheap é – agus is seift í nach bhfuil ar fáil ach do pholaiteoirí amháin. Ná déan thusa iarracht úsáid a bhaint as ‘cinneadh polaitiúil’ le táillí uisce nó eile a sheachaint. Níl ionat ach vótóir. Níl an cead sin agat.

Tig le polaiteoir, ámh, cinneadh ‘polaitiúil’ a thógáil. Tig leis rud amháin a rá agus rud eile a dhéanamh. Tig leis deargbhréag a rá le do bhéal – “Níl mise ar a shon seo. Dom do vóta” – agus tig leis an rud nach raibh sé ar a shon a dhéanamh i ndiaidh dó do vóta a fháil. 

Thóg polaiteoirí an Stáit cinneadh polaitiúil gan olltoghchán eile a reáchtáil. Thóg siad an cinneadh sin mar mhaithe leatsa, a vótóir thuirsigh.

Tá Enda Kenny sa seastán anois. Tá an corn in airde agus é réidh le hóráid a thabhairt. Slán leis an Taoiseach Sealadach. Habemus Leath-Thaoiseach!