Seans réasúnta ag Luimneach ach an Clár an rogha más ar éigean é

Agus Luimneach agus Contae an Chláir ag tabhairt aghaidh ar a chéile bainfidh buntáiste mór leis an gcluiche a bhuachan, go háirithe agus Tiobraid Árann díbeartha ó chraobh an chúige

Seans réasúnta ag Luimneach ach an Clár an rogha más ar éigean é

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

I mí na Samhna nuair a deineadh an tarraingt do chraobhacha iomána na gcúigí 2017, thugas suntas don chluiche a bheidh á imirt amárach idir na comharsana, Luimneach agus an Clár. Tá buntáiste mór ag baint leis an gcluiche seo a bhuachan – áit i gcraobh na Mumhan agus áit i mbabhta ceathrú ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann ar a laghad.

In 2013 bhuaigh ógánaigh an Chláir Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann agus an chraobh faoi-21 .Dar ndóigh bhuadar an chraobh faoi-21 in 2009 agus in 2012  freisin agus bhí tuairimí láidre ann go raibh ré órga iomána tosnaithe sa chontae. Ach cé gur bhuaigh siad an chraobh faoi-21 arís in 2014 theip glan orthu aon dul chun cinn a dhéanamh i ngrád na sinsear. Is deacair a chreidiúint nach bhfuil Craobh Shinsear na Mumhan buaite acu ó 1998 agus nach bhfuil ach cluiche amháin buaite acu sa chúige ó 2008. Ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí i gCúige Mumhan i mbliana agus Tiobraid Árann as an áireamh. Beidh seaimpíní nua againn agus seans réalaíoch ag na ceithre fhoireann atá fós ina mbeathaidh.

Ach faoin am a bheidh na ba á gcrú amárach ní bheidh fágtha san iomaíocht sa chúige ach trí fhoireann acu sin agus an dream eile ag triall ar an mbóthar fada go dtí Páirc an Chrócaigh. Cuimhnigh go bhfuil Tiobraid Árann ar an turas sin cheana féin agus go mbeidh Corcaigh nó Port Láirge ann agus Loch Garman nó Cill Chainnigh i measc na bhfoirne a bheidh leo faoi cheann tamaill. 

Ach cé a bheidh ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar is giorra?

Bhuel, ó bhuaigh an Clár na craobhacha faoi 21 faoi stiúir Gerry O’ Connor  agus Dónal Moloney ba í tuairim láidir lucht leanta an chontae gurb iadsan  an bheirt cheart chun an fhoireann sinsear a chur ar bhóthar a leasa. Bhí mórán clamhsáin agus gearáin faoi iarbhainisteoir na foirne Davy FitzGerald agus a stíl imeartha, agus a chuid geáitsíochta ar an taobh líne ach bhuadar craobh na hÉireann agus an tsraith lena linn. Ní haon dóithín é sin.

Ach tá beirt nua i gceannas anois agus súil ghéar mhuintir an chontae orthu. Is deacair aon léamh ceart a dhéanamh ar an bhfoireann bunaithe ar a bhfeachtas sraithe. Gan amhras bhíodar níos laige d’uireasa Tony Kelly agus mar is gnáth leis beidh mórán ag brath air amárach.

Ach tá sé in am anois ag leithéidí Colm Galvin, Séadna Morey, David Reidy agus Conor Cleary níos mó ceannaireachta a léiriú agus cuid den ualach a iompar. Is treise iad mar phainéal agus Conor McGrath agus Shane O Donnell fillte ó ghortuithe.

Is iad Luimneach na híochtaráin ag dul isteach sa chluiche seo agus theip orthu arís ardú céime a fháil as roinn 1B na sraithe. Mar sin féin tá glúin nua imreoirí cumasacha acu agus taithí acu ar a bheith ag buachan faoi aois. Tá fear eagraithe, cumasach acu mar bhainisteoir, John Kiely, agus beidh plean imeartha soiléir acu faoina stiúir. Ach is iad na himreoirí a chaithfidh an t-aicsean a dhéanamh ar an bpáirc agus is iadsan a bhuafaidh nó a chaillfidh an cluiche. Tá sé deacair go leor cás a dhéanamh dóibh bunaithe ar an méid atá feicthe againn go dtí seo i mbliana ach tugaim seans réasúnta dóibh. Bhíodar lag go leor anuraidh i gcoinne an fhreasúra chéanna sa chluiche cáilithe a chailleadar. Tá tosaithe dainséaracha acu, áfach, bíodh is go bhfuil ceisteanna faoin bhfonn chun oibre a bhíonn ar dhuine nó beirt díobh.

Braithfidh mórán, measaim, ar cé a bhíonn ag feidhmiú sa líne lánchúil agus conas mar a bheidh acu i gcoinne thosaithe tapaidh sciliúla an Chláir (pé triúr a bhíonn ann).

Ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne. Níl ceachtar foireann ag cruthú rómhaith le tamall ach dá mbeinn ag cur geall air is dócha gur ar an gClár a bheadh mo euro ag dul.

Fág freagra ar 'Seans réasúnta ag Luimneach ach an Clár an rogha más ar éigean é'