Seanfhondúirí agus núíosaigh Bhaile Átha Cliath, easpa iomaíochta in Ulaidh agus a raibh le foghlaim ó na cluichí CLG…

A raibh le foghlaim ó chluichí ceannais Uladh agus Laighean chomh maith leis na cluichí ó Bhabhta 3B de na cluichí cáilithe

Seanfhondúirí agus núíosaigh Bhaile Átha Cliath, easpa iomaíochta in Ulaidh agus a raibh le foghlaim ó na cluichí CLG…

Imreoir Bhaile Átha Cliath, Con O'Callaghan. INPHO/James Crombie

Meascán den sean agus den nua a rinne an beart do Bhaile Átha Cliath

Tá cófraí Con O’Callaghan beagnach lán le boinn faoin tráth seo. Le bliain anuas, tá Craobh na hÉireann buaite faoi thrí aige – le foireann shinsir Bhaile Átha Cliath, le foireann Faoi-21 an chontae agus lena chumann, Cuala. Tá ceithre chraobh Laighean buaite aige chomh maith le craobh an chontae le linn na tréimhse cénna. I ndiaidh a chuid taispeántas sa Chraobh Faoi-21, measadh go mbeadh O’Callaghan in ann a lorg a fhágáil ar fhoireann Jim Gavin an samhradh seo ach seans gur beag a cheap go mbeadh tionchar chomh suntasach sin aige.

Tá 0-17 scóráilte ag an tosach óg i gCraobh Laighean 2017 agus dhá phointe dhéag díobh sin aige i sa chluiche inné in aghaidh Chill Dara. Nuair a cuireadh Dean Rock den pháirc, cuireadh cúram na gciceanna saora ar O’Callaghan agus cé nach bhfuil ach trí chluiche craoibhe tosaithe aige do shinsir Bhaile Átha Cliath, níor chuir an fhreagracht bhreise isteach air beag ná mór.

D’aimsigh O’Callaghan scóranna leis an gcos dheas agus leis an gcos chlé ach léiríodh chomh maith dó inné nach bhféadfaidh sé na maidí a ligean le sruth. Tá an fear óg á lua mar chomharba Bernard Brogan ag lucht tacaíochta Bhaile Átha Cliath ach léirigh Brogan go bhfuil speach ann go fóill tar éis dó teacht isteach in áit Rock. Cúig chúilín ón imirt a d’aimsigh sé, ceann níos lú ná O’Callaghan. Is leis an dá chos a bhí Brogan ag scóráil chomh maith agus é ag meabhrú dá bhainisteoir go bhfuil cumas ann go fóill.

Foireann Chill Dara. INPHO/Oisin Keniry

Cill Dara ag dul an treo ceart ach obair fós le déanamh

Cé nach raibh mórán de lucht tacaíochta Chill Dara ag súil go mbeadh siad in ann Baile Átha Cliath a bhualadh i bPáirc an Chrócaigh inné, mar sin féin bhraith go leor acu go raibh a ndóthain dul chun cinn déanta acu le croitheadh a bhaint as curaidh na hÉireann. D’éirigh leo é sin a dhéanamh ar feadh naoi nóiméad, b’fhéidir, ach léirigh an bhearna naoi bpointe a bhí idir na foirne ag an deireadh go bhfuil go leor fós le déanamh acu.

Beidh díomá ar Chian O’Neill faoin méid spáis a thug a chuid cosantóirí do Bhaile Átha Cliath don dá chúl ach fiú agus iad ar an ionsaí, d’fhéadfadh Cill Dara a bheith níos fearr. Agus 18 nóiméad imeartha, d’éirigh leo dul ar an ionsaí den chéad uair le fada ach choinnigh Daniel Flynn an liathróid rófhada agus chuir James McCarthy ar a thóin é. Fuair Jack McCaffrey seilbh na liathróide agus taobh istigh de roinnt soicindí ba ar an taobh eile den pháirc a bhí sé agus pointe a chruthú aige do Con O’Callaghan.

Ba é Flynn freisin a chuir deis iontach ar chúl amú sa dara leath. Dá mbeadh an scór sin faighte aige, ní bheadh ach trí phointe idir na foirne ach bhuail sé a iarracht in aghaidh Stephen Cluxton agus sa chéad ionsaí eile, fuair Baile Átha Cliath cic saor, cic a shlánaigh O’Callaghan chun seacht bpointe a fhágáil idir na foirne.

Bhí dóthain den dea-imirt ann le misneach a thabhairt do Chian O’Neill, áfach. Ón méid atá feicthe againn de Chill Dara go dtí seo, déarfainn gurb iad is láidre sa chraobh seachas Baile Átha Cliath, Ciarraí, Tír Eoghain, agus b’fhéidir Maigh Eo, ach, más fúthu a leithéidí sin a bhualadh, tá feabhas ag teastáil.

Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte. INPHO/Morgan Treacy

Easpa iomaíochta an fhadhb is mó ag Tír Eoghain

Ar an gcéad fhéachaint, is iontach an gaisce é bua Thír Eoghain i gCraobh Uladh na bliana seo. Ní raibh foireann ar bith in aon ghaobhar dóibh. Bhí bua 11 pointe acu in aghaidh Dhoire, bua naoi bpointe a bhí acu in aghaidh Dhún na nGall agus farasbarr ocht bpointe a bhí acu in aghaidh an Dúin.

Aithnítear iad mar cheann de na foirne is láidre sa tír ach seans nach ndéanfaidh na buanna sin mórán maitheasa dóibh as seo amach.

Ó thús an chéid seo, níor tharla sé ach aon uair amháin eile gur éirigh le contae ar bith Craobh Uladh a thabhairt leo agus farasbarr níos mó ná trí phointe acu i ngach cluiche. Is in 2010, nuair a thug Tír Eoghain leo Corn an Anglo-Celt, a tharla sé sin agus chaill foireann Mickey Harte an chéad chluiche eile a d’imir siad, in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceathrú ceannais.

I mbliana, tabharfaidh Tír Eoghain aghaidh ar Chill Dara, Ard Mhacha nó Muineachán sa chluiche ceathrú ceannais agus is í an réchúis agus an easpa iomaíochta is mó a bheidh ag cur as dóibh.

Jamie Clarke ag ceiliúradh. INPHO/Tommy Dickson

Ard Mhacha ag baint leas as a gcuid aclaíochta

Dhá dheireadh seachtaine as a chéile, bhí cluiche ag Ard Mhacha a bhí idir dhá cheann na meá agus an 70 nóiméad imeartha agus faoi dhó d’aimsigh foireann Kieran McGeeney cúil chun an lá a thabhairt leo.

In aghaidh na hIarmhí seachtain ó shin, ba é iarracht Ethan Rafferty a chinntigh go mbeadh an bua ag Ard Mhacha agus i Staid Semple tráthnóna Dé Sathairn, ba é cúl Jamie Clarke a chuir deireadh le Tiobraid Árann.

Léiríonn na deiseanna sin atá á gcruthú acu ag deireadh cluichí go bhfuil leibhéal aclaíochta ar leith bainte amach ag imreoirí Ard Mhacha agus an-bhéim curtha ag Kieran McGeeney ar an ngné sin den traenáil, mar a rinne sé nuair a bhí sé i gceannas ar Chill Dara.

Mar a tharlaíonn sé, is iad Cill Dara atá anois ag fanacht ar Ard Mhacha i mBabhta 4B agus ní bheidh aon easpa aclaíochta ag cur as d’imreoirí Chian O’Neill ach an oiread.

Fág freagra ar 'Seanfhondúirí agus núíosaigh Bhaile Átha Cliath, easpa iomaíochta in Ulaidh agus a raibh le foghlaim ó na cluichí CLG…'