Rún ag ‘Lord Mayor’ Bhaile Átha Cliath a teideal oifigiúil a athrú go Gaeilge

Ba é Séarlas II, Rí Shasana, a chruthaigh oifig an Lord Mayor of Dublin sa bhliain 1665 agus is é an teideal Béarla atá in úsáid i ngnóthaí oifigiúla ó shin i leith

Críona Ní Dhálaigh

Tá sé i gceist anois ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh (SF), rún a thabhairt os comhair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mí Bhealtaine a d’athródh teideal an Ard-Mhéara, go hoifigiúil, chuig an leagan Gaeilge.

Ba é Séarlas II, Rí Shasana, a chruthaigh oifig Lord Mayor of Dublin sa bhliain 1665 agus is é an teideal Béarla atá in úsáid i ngnóthaí oifigiúla ó shin i leith. Tugadh stádas don leagan Gaeilge nuair a bunaíodh an Saorstát ach is é an leagan Béarla atá sa treis.

Nuair a toghadh an Comhairleoir Críona Ní Dhálaigh an bhliain seo caite gheall sí go mbeadh “níos mó Gaeilge á labhairt i Halla na Cathrach ná mar a labhraíodh riamh” le linn a téarma méarachta agus go mbeadh an teideal Gaeilge in úsáid aici “i gcomhthéacsanna Béarla agus Gaeilge araon”.

Mar sin féin, níl aon athrú tagtha ar chuntas oifigiúil ríomhphoist an Ard-Mhéara ná ar na cuntais atá ag an Ard-Mhéara ar na meáin shóisialta. Is é lordmayor@dublincity.ie an seoladh ríomhphoist atá ann agus is é an t-ainm Twitter atá ag an Méara ná @LordMayorDublin. Tá an dá leagan ar an leathanach Facebook ach an lámh in uachtar ag an leagan Béarla.

Dúirt Ní Dhálaigh le Tuairisc.ie nach bhfuil aon athmhachnamh déanta aici ar cheist a teidil ach gurb é an chaoi nach bhfuil smacht iomlán aici ar úsáid na leaganacha éagsúla.

“Úsáidim féin an leagan Gaeilge i gcónaí mar tá sé níos oiriúnaí, i mo thuairim. Nuair a chloistear ‘Lord Mayor’, bítear ag súil le fear agus bíonn mearbhall ann nuair a fheictear mise ag teacht amach as an gcarr. Táthar ann a thugann ‘Lady Mayoress’ orm freisin ach ní maith liom é sin ach an oiread. Tá an teideal ‘Ard-Mhéara’ oiriúnach do mhná agus d’fhir.

“Níl aon smacht agam féin ar na cuntais ríomhphoist ná na cuntais atá ar na meáin shóisialta ach tá sé i gceist agam a rá leis an bhfoireann anseo sa teach gur mhaith liom go mbeadh, ar a laghad, rogha ag an bpobal dul i dteagmháil liom trí @ArdMheara nó ardmheara@dublincity.ie agus araile,” a dúirt Ní Dhálaigh le Tuairisc.ie.

Is fíorbheagán Gaeilge a bhíonn le léamh ar na leathanaigh Facebook agus Twitter sin faoi láthair, ach arís dúirt an tArd-Mhéara nach bhfuil aon bhaint dhíreach aici féin leis na rudaí sin. Dúirt sí go mbíonn ‘Ard-Mhéara’ in úsáid aici féin i gcónaí agus go mbíonn rud ar bith a chuireann sí féin amach, idir chártaí, ríomhphoist agus litreacha, sínithe i nGaeilge aici.

Mhínigh sí gur teideal ársa atá i Lord Mayor agus nach furasta é a athrú de réir mar is mian le hArd-Mhéara amháin.

“Caithfear cead a fháil ón gComhairle féin an teideal a athrú agus tá sé sin deacair. Táthar ann anois a úsáideann Ard-Mhéara i gcónaí ach táthar ann freisin nach n-úsáidfeadh go deo é. Tá sé i gceist againn rún a thabhairt os comhair na Comhairle i mí na Bealtaine agus beidh vóta ann.

“Bhí vóta ann faoi seo anuraidh agus chaill muid é ach tagann sé aníos anois agus arís. Bheadh níos mó muiníne agam as i mbliana mar tá mise tar éis bliain a chaitheamh agus teideal i nGaeilge amháin á úsáid agam feictear nach mbíonn aon fhadhb ag an bpobal leis an teideal Gaeilge agus go bhfuil sé níos oiriúnaí mar theideal d’fhir agus do mhná,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Rún ag ‘Lord Mayor’ Bhaile Átha Cliath a teideal oifigiúil a athrú go Gaeilge'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Tá sé náireach go mbeadh ‘Lord’ á thabhairt ar dhuine ar bith i bPoblacht.

  • Pol

    Mar a dirt Iarla !