Rosc catha fórsúil fileata atá i nDambatheanga Uí Ruairc

LÉIRMHEAS: Tá idir dhánta a dhéanann machnamh ar chás na Gaeilge agus dánta pearsanta ón gcroí amach i gcnuasach nua Mhíchíl Uí Ruairc

Screen-Shot-2014-11-12-at-14.22.57

Dambatheanga/Damlanguage

Mícheál Ó Ruairc

Arlen House, 2014

Praghas: €12.00

Dambatheanga

Aithneoidh léitheoirí na Gaeilge cuid de na dánta in Dambatheanga/Damlanguage ó irisí agus ó fhoilseacháin liteartha le blianta beaga anuas. Is éard atá sa leabhar seo ná an chéad bhailiúchán dánta ón Ruarcach ó bhí 2001 ann. Tá aistriúcháin Bhéarla sa chnuasach (ó pheann Uí Ruairc, glacaim leis) ach díreofar anseo ar na bundánta Gaeilge. Go deimhin, tá go leor machnaimh ar chás na Gaeilge sna dánta seo, agus braitear an díomá agus an t-easpa dóchais a mhúsclaíonn staid na teanga in Éirinn sa bhfile: ‘nach bhfuil inár dtírín/is inár dteanga náisiúnta/um an dtaca seo/ach mar a mbeadh ceithre creatlacha an tí/tógtha ag drochcheardaí/agus an chloch choirnéil/ar iarraidh’ (‘Nitelink 1’). Is cumhachtach an íomhá í, más duairc.

Is í an Ghaeilge atá faoi chaibidil in ‘Dambatheanga’, mórdhán an chnuasaigh seo, ina samhláitear an Ríordánach ag troid i gcoinne thuilte Chorcaí thiar i 2009. Rosc catha fórsúil fileata atá ann ina bhfuil file Inis Cara lán de bhrí agus de spreacadh, a mhalairt den ghnáthíomhá atá againn den othar breoite. Tá an Ríordánach i gcomhrac le tuile an Bhéarla, ‘ag raideadh véarsaí bacacha / in aghaidh srutha mhóir / an uisce aineolaigh’.

Tagann cúrsaí teanga aníos i mórán dánta eile agus roinnt aortha ina measc: ‘Caonach’, ‘Gaelainn’, ‘Irish as a Foreign Language’, ‘Ar an Traein go Cabrach’, ‘High Noon’, ‘Teangaloscadh’ agus ‘Oasis’. Pléitear ábhair eile sa leabhar freisin (buíochas le Dia – níor mhaith linn go bhfíreofaí fís Myles na gCopaleen!). Tá dánta breátha ann i ndilchuimhne a mháthar (‘Doilíos’) agus a athar (‘An Gobán Saor’) a scríobhadh ón gcroí amach. Cloisim macalla Mhichael Davitt sa dán ‘Desiderata: Bailigh leat’, ach an glór níos géire anseo ná mar a bhí in ‘52 Focal Comhairle don Ábhar File’ de chuid Davitt.

Braitear anáil Davitt in ‘Wednesday Morning, 3am’, a thagraíonn d’amhrán le Simon agus Garfunkel. Tá comharthaí poncaíochta in easnamh anseo, faoi mar atá i mórán dánta eile sa leabhar, cé go mbeidís cabhrach in áiteanna. Músclaíonn an t-amhrán seo, atá ‘níos boige níos binne/níos ceolmhaire/ná Dylan agus na Beatles’ cuimhní sa reacaire de ‘chathair Chorcaí/sna seachtóidí/go dtí an cailín/foltchiardhubh/a mhaireann/in árasán/ag barr tí ann’. Ní bhlaistear an fhilíocht mhilis sa chur síos seo agam; ní mór an leabhar a cheannach is an dán a léamh ina iomláine!

Is cuimhin liom ‘An Cailín ar Glaodh Amach Uirthi’ a léamh i ndíolaim a chur Ionad Litríochta an Deiscirt amach roinnt blianta ó shin; is dán é a fhanann leat. Éiríonn leis an Ruarcach an teannas a bhí sa seomra ranga an lá sin a chruthú go cumasach. Ní insítear dúinn an chúis gur glaodh amach uirthi, ach tá bagairt ann, baol fisiciúil, b’fhéidir, nó teachtaireacht nó drochscéal ón taobh amuigh, ó dhomhan na ndaoine fásta. Pé scéal é, bhí deireadh le soineantacht na hóige an lá sin.

Ní éiríonn chomh maith céanna le dánta eile: níl dóthain filíochta sa tsraith ceisteanna in ‘Ealaí ar an Life’, mar shampla. In ‘Ardán an Lánléargais’, ní thagann an meafar slán ón míniú a leanann é. Tá an cur síos ar chomhrá idir dochtúir agus othar rólom sa dán ‘Conair an Fhuail’ agus tá cuma róshaothraithe ar leagan amach na gceathrúna.

Tá áit ann d’iarnótaí sa saol, ach táim in amhras ar chóir iad a úsáid i leabhar filíochta. Is cinnte go raibh an iomarca díobh ann in Dambatheanga is gur tugadh eolas nár ghá in áiteanna: an dán in ómós do Phádraig Ua Maoileoin, cuir i gcás, ina mínítear cérbh é féin agus a raibh i gceist le ‘Gaelainn an Oileáin’. (Is ar an mbundán Gaeilge, seachas ar an aistriúchán Béarla, a crochadh na hiarnótaí.) Arbh éigean Socrates a mhíniú don léitheoir Gaeilge ná Béarla?

De ghnáth, cuireann Arlen House leabhair dhea-dheartha ar an margadh ach bhí díomá orm le leagan amach an leabhair áirithe seo. Bhraitheas go raibh imeall níos leithne ag teastáil ó na dánta agus gur brúdh an iomarca téacsa isteach ar an gclúdach cúil. Is trua gur fágadh rian aibhsithe ar theideal an dáin dheireanaigh sa chnuasach; tá sé le brath nár deineadh an cúram cuí den leabhar agus a bhí tuillte ag filíocht Uí Ruairc.

Tar éis an tsaoil, bhuaigh an cnuasach seo Duais an Ríordánaigh ag Oireachtas na bliana seo caite, an gradam is mó a d’fhéadfadh saothar filíochta a bhaint amach i saol na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Rosc catha fórsúil fileata atá i nDambatheanga Uí Ruairc'