‘Roinnt na cumhachta i ngreim ag Sinn Féin ar mhaithe le bua beag i dtaobh na Gaeilge’ – Arlene Foster

Deir ceannaire an DUP gur cuid ‘luachmhar’ den tsochaí í an Ghaeilge ach go gcaithfear an meas céanna a léiriú ar theangacha agus ar chultúir eile

‘Roinnt na cumhachta i ngreim ag Sinn Féin ar mhaithe le bua beag i dtaobh na Gaeilge’ – Arlene Foster

Tá ráite ag ceannaire an DUP Arlene Foster gur cuid “luachmhar” den tsochaí í an Ghaeilge a bhfuil meas ag a páirtí uirthi, ach dhiúltaigh sí géilleadh don éileamh d’Acht teanga don Ghaeilge amháin.

In alt léi ar an Belfast Telegraph inniu, cuireann Foster i leith Shinn Féin go bhfuil feidhmeannas Stormont ‘i ngreim acu’.

“Sinn Fein should stop holding devolution to ransom for narrow political advantage with the Irish language,” a scríobhann Foster.

Deir sí go bhfuil sé mícheart a rá nach dtacaíonn an DUP le cearta Gaeilgeoirí ach go gcaithfí an meas céanna a léiriú ar theangacha agus ar chultúir eile.

Is í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne is mó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna go dtí seo.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.

Deir Foster inniu go bhfuil Acht Teanga don Ghaeilge amháin mar chuid de “narrow shopping list” Shinn Féin agus gur gá do Gerry Adams féachaint “ar an bpictiúr mór”.

“A continued refusal to look beyond the narrow interests of any one party will either see another election or the inevitable introduction of direct rule.

“The challenge for Sinn Fein over the next few days is whether they will act in the interests of everyone in Northern Ireland rather than maintain that narrow focus,” a deir Foster.

D’fhógair Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, inné síneadh ama eile leis na cainteanna maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont agus dúirt sé go raibh dóchas aige fós go dtiocfaí ar réiteach sna laethanta amach romhainn.

Dúirt Brokenshire go raibh dul chun cinn déanta sna cainteanna faoi chúrsaí teanga, cultúir agus féiniúlachta ach go raibh easaontas i gcónaí idir na páirtithe. Dúirt sé gur chreid sé gurbh fhéidir fós teacht ar chomhaontú an tseachtain seo.

Thug Sinn Féin le fios do Chonradh na Gaeilge inné nach bhfuil an páirtí chun géilleadh maidir lena n-éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin.

Roimh fhógra Brokenshire tráthnóna inné, dúirt an MLA de chuid Shinn Féin Conor Murphy “nach raibh aon phráinn le brath” i ndearcadh an DUP agus gur beag seans go dtiocfaí ar réiteach “sa ghearrthéarma”.

Dúirt Murphy nach raibh aon rogha ann ach stad den chaint toisc “a naimhdí” is a bhí na cainteanna.

“Anois agus an 12 Iúil ag teannadh linn, tá an t-atmaisféar chomh naimhdeach sin nach bhfuil bogadh ná sá i ndán don DUP faoi cheist ar bith,” a dúirt Murphy.

Fág freagra ar '‘Roinnt na cumhachta i ngreim ag Sinn Féin ar mhaithe le bua beag i dtaobh na Gaeilge’ – Arlene Foster'