RIO 2016: An fáth nach bhfuilim ag na Cluichí Oilimpeacha…

Is ait an mac an saol agus bíonn sé deacair rudaí a phleanáil don fhadtréimhse, a scríobhann ár gcolúnaí

RIO 2016: An fáth nach bhfuilim ag na Cluichí Oilimpeacha…

Bíonn sé deacair rudaí a phleanáil, go háirithe don fhadtréimhse.

Abraimis, mar shampla, go dteastódh ó dhuine na Cluichí Oilimpeacha a mhealladh go dtí a chathair féin. Chaithfeadh sé tús a chur leis an bpleanáil ar a laghad deich mbliana roimh ré chun iarratas a chur le chéile do Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha. Seacht mbliana roimh an imeacht a gheobhadh sé amach an éireodh leis an iarratas.

Gach seans go mbeadh an chuma ar chúrsaí ag an am sin go mbeadh gach rud go breá seacht mbliana níos déanaí. Ag an am sin, bheadh rath ar an gcathair, nó ní bheadh iarracht déanta aici na Cluichí Oilimpeacha a mhealladh agus ní bheadh glactha ag an IOC leis an iarratas.

Ach ag an bpointe sin, nuair a thosódh an phleanáil dháiríre, is ar éigean a d’fhéadfadh a fhios a bheith ag duine a bheadh tar éis na Cluichí Oilimpeacha a mhealladh go dtí a chathair féin go mbeadh géarchéim eacnamaíochta, géarchéim pholaitiúil agus géarchéim shláinte sa tír seacht mbliana níos déanaí, agus na Cluichí ar siúl.

Mar a deirim, bíonn sé deacair rudaí a phleanáil, go háirithe don fhadtréimhse.

Nuair a thug mé féin agus m’iar-leathbhádóir Brasaíleach cuairt ar chathair Rio de Janeiro i Mí an Mheitheamh 2009, bhí an stocaireacht chun Cluichí Oilimpeacha 2016 a mhealladh go dtí an chathair sin fós faoi lánseol. Ar éigean a d’fhéadfadh m’iar-leathbhádóir a shamhlú ag an am sin go mbeadh post aige féin i rannóg acmhainní daonna na gCluichí seacht mbliana ina dhiaidh sin. Agus ar éigean a shamhlódh ceachtar againn nach mbeadh an bheirt againn le chéile nuair a bheadh na Cluichí ar siúl.

Bhí áthas an domhain orm féin i bhFómhar 2009, nuair a fógraíodh go n-eagrófaí na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio. Idir Chorn an Domhain FIFA 2014 agus Cluichí Oilimpeacha 2016 bheadh aird an domhain ar an mBrasaíl ar feadh tréimhse fada. Mar chomhfhreagraí idirnáisiúnta, bhí mé san áit cheart!

Ach anois, agus na Cluichí Oilimpeacha faoi lánseol, níl mé i láthair ar chor ar bith, agus ní bheidh.

Is é an chaoi nach mbreathnaím orm féin mar chomhfhreagraí idirnáisiúnta, ná go deimhin mar iriseoir, le bliain anuas. 

Thit an tóin as an iriseoireacht scríofa: idir 2009 agus 2012, dhún ceithre nuachtán a mbínn ag obair dóibh mar chomhfhreagraí idirnáisiúnta a ndoirse, ceann in Éirinn, Foinse, agus trí cinn i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Sa deireadh, tar éis dom a bheith ag streachailt liom ar feadh blianta le teacht i dtír mar shaoririseoir, rith sé liom go mbeadh sé i bhfad níos fearr do mo shláinte mheabhrach a bheith ag streachailt liom ag iarraidh teacht i dtír mar scríbhneoir cruthaitheach.

Ar a laghad, bainim sult as an scríbhneoireacht chruthaitheach.

Bliain ó shin, d’éirigh mé as an iriseoireacht do na meáin san Ísiltír. Na colúin seo a scríobhaim ar Tuairisc.ie an t-aon obair rialta a bhíonn ar siúl agam a thuilleadh do na meáin in Éirinn, agus ní comhfhreagraíocht a bhíonn i gceist leo sin don chuid is mó, ach tuairimíocht.

Ar an scríbhneoireacht chruthaitheach a bhím ag díriú anois agus post lánaimseartha é sin. Seacht mbliana ó shin, ní shamhlóinn go brách go mbeinn ag plé le cnuasach gearrscéalta nuair a bheadh na Cluichí Oilimpeacha faoi lánseol in Rio de Janeiro.

Ach, mar a deirim, is ait an mac an saol; bíonn sé deacair rudaí a phleanáil, go háirithe don fhadtréimhse.