Riachtanais an Ghaeloideachais le plé inniu i dTithe an Oireachtais

Tiocfaidh Cathaoirleach ainmnithe COGG os comhair Chomhchoiste Oireachtais inniu chun plé a dhéanamh ar na riachtanais ar leith atá ag scoileanna Gaeltachta agus scoileanna Gaeilge

30/01/2014. Dublin Scenes - Weather. Pictured Leinster House in Dublin this afternoon looking through the gates. Met Eireann issued a weather warning for the comming weekend. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Tiocfaidh Cathaoirleach ainmnithe na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) os comhair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais an tráthnóna chun ceisteanna a bhaineann leis an ngaeloideachas a phlé.

Cuirfidh Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirelach ainmnithe COGG, tús leis an bplé nuair a leagfaidh sé amach na riachtanais atá roimh scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Díreoidh sé chomh maith ar a bhfuil ar siúl chun dul i ngleic leis na riachtanais sin.

Dúirt Joanna Tuffy TD, Cathaoirleach an Chomhchoiste, go dtabharfadh an cruinniú le Cathaoirleach COGG deis do bhaill an choiste léargas a fháil ar na dúshláin éagsúla atá roimh scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna “ag am go bhfuil “athrú ag teacht i gcónaí” ar chúrsaí “deimeagrafacha agus teangeolaíochta”.

Fág freagra ar 'Riachtanais an Ghaeloideachais le plé inniu i dTithe an Oireachtais'