Ráiteas Foster faoi ‘chrogaill’ i gcoinne Chomhaontú Aoine an Chéasta – Coiste Oireachtais

Pléitear ceist na Gaeilge ó thuaidh i dtuarascáil nua faoi impleachtaí an Bhreatimeachta don Tuaisceart

Ráiteas Foster faoi ‘chrogaill’ i gcoinne Chomhaontú Aoine an Chéasta – Coiste Oireachtais

Tháinig an méid a bhí le rá ag ceannaire an DUP, Arlene Foster, faoi Acht Gaeilge don Tuaisceart níos luaithe i mbliana “salach ar aidhmeanna agus ar spiorad” Chomhaontú Aoine an Chéasta agus “comhaontuithe eile a bhain leis an nGaeilge”, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag an gCoiste Oireachtais atá ag plé le feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici i mí Feabhra, dúirt Arlene Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge agus chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar a leithéid d’Acht, i gcomparáid le ‘crogaill’.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Sa tuarascáil Na hImpleachtaí atá ag Brexit do Chomhaontú Aoine an Chéasta, a foilsíodh inniu, deirtear go n-aithnítear i gComhaontú Aoine an Chéasta an tábhacht a bhaineann “le meas, tuiscint agus caoinfhulaingt” a léiriú i leith na Gaeilge, agus teangacha eile ó thuaidh.

Deirtear gur thacaigh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine i gcomhaontú Stormont in 2014, leis an ngá meas a léiriú don Ghaeilge sa Tuaisceart agus an gá aitheantas a thabhairt di de réir Chairt Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Deirtear chomh maith, áfach, go mbaineann ceist na teanga le nithe cineachta agus gur cheist í d’Fheidhmeannas Stormont dá réir.

Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil laige i gComhaontú Aoine an Chéasta toisc nach dtagann Tuaisceart na hÉireann faoin gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta. Dá bharr sin, sa chás go sáraíonn Rialtas na Breataine Comhaontú Aoine an Chéasta, níl ann ach líon teoranta bealaí inar féidir dul i ngleic leis na sáruithe sin.

Tá maolú tagtha ar dhearcadh Arlene Foster i leith cheist an Achta Teanga ó rinne sí a ráiteas conspóideach ach tá ceist an Achta fós i measc na gconstaicí is mó roimh athbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Tá Sinn Féin ag éileamh go dtabharfaí isteach acht teanga don Ghaeilge amháin don tuaisceart, ach tá an DUP ag iarraidh go mbeadh aitheantas don Ultais agus gnéithe eile den chultúr mar chuid d’aon reachtaíocht nua.

I Meitheamh na bliana seo chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney in iúl do Phríomh-Aire na Breataine, Theresa May, agus do Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, go dtacaíonn an Taoiseach Leo Varadkar agus a rialtas leis an éileamh go dtabharfaí Acht Teanga don Ghaeilge amháin isteach ó thuaidh.