Pósadh comhghnéis – an DUP ag cur cos i dtaca ina aghaidh in ainneoin na bpobalbhreitheanna

Níl an DUP ag glafaireacht níos mó faoi ‘save Ulster from sodomy’ mar a bhídís ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad ag iarraidh cearta do dhaoine homaighnéasacha

Pósadh comhghnéis – an DUP ag cur cos i dtaca ina aghaidh in ainneoin na bpobalbhreitheanna

Léirigh pobalbhreith Tuairisc.ie go bhfuil móramh mór i dTuaisceart Éireann i bhfabhar an phósta comhghnéis. Ní thabharfar aon aird orthu áfach mar tá an DUP diongbháilte de nach gceadófar pósadh aerach sna cúig bliana seo romhainn.

’Sé Tuaisceart Éireann an t-aon réigiún in Éirinn ná sa Bhreatain ina bhfuil bac ar phósadh comhghnéis. Anuraidh vótáil móramh de na Teachtaí Tionóil i Stormont i bhfabhar an phósta comhghnéis ach bhain an DUP leas as veto – an achainí chásmhaireachta chun an vóta a chealú. D’fhógair Arlene Foster le gairid go ndéanfaidís an cleas céanna arís agus cibé chomh minic agus a bheadh an cheist faoi bhráid an Tionóil. Sin é a gheall siad ina bhforógra réamhthoghcháin, ar sí agus comhlíonfar an gheallúint don téarma uile. Mairfidh an téarma go dtí 2021.

Níl an DUP ag glafaireacht níos mó faoi ‘save Ulster from sodomy’ mar a bhídís ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad ag iarraidh cearta do dhaoine homaighnéasacha. In agallamh a rinne Arlene Foster, ceannaire an DUP leis an Press Association roimh chomhdháil an pháirtí seachtain ó shin dúirt sí go seasfadh an DUP an fód in aghaidh an phósta comhghnéis agus go n-úsáidfeadh sí an veto chun stop a chur le moltaí ina fhabhar san Tionól. Mhaígh sí go raibh íde na muc is na madraí tugtha di féin agus dá páirtí ar líne ag daoine aeracha agus nach athrú polasaí ach a mhalairt a tharlódh dá bharr sin.

Ba mhór idir an cur chuige gortach, gairgeach sin agus an pholaitíocht nua a gheall sí nuair a tháinig sí i gcomharbacht ar Peter Robinson mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire. Ina dhiaidh sin, b’éigean di a rá arís agus arís eile nach ndéanann an DUP cinneadh faoi pholasaí de bharr íde béil. Mhaígh sí chomh maith gur áibhéil agus áiféis ab ea an chonspóid faoinar dhúirt sí. Bhí daoine aeracha i measc lucht tacaíochta an DUP, ar sí, agus aithne aici ar dhaoine aeracha a bhí i gcoinne an phósta comhghnéis. Is fíor go bhfuil sin amhlaidh faoi roinnt homaighnéasach ach ní hé dearcadh na coitiantachta ina measc é.

Ina theannta sin bhain cíocras Foster chun an achainí chásmhaireachta a úsáid ar mhaithe lena páirtí féin siar as daoine. Arís, ba mhór idir sin agus an chaint san Tús Nua go n-éireofaí as mí-úsáid an veto. Níl an DUP ar aon bhuille le páirtithe eile an Tionóil faoin bpósadh comhghnéis seo ach tá dóthain teachtaí acu – 38 – chun an achainí chásmhaireachta a úsáid. 30 teachta atá de dhíth chun leas a bhaint as an mbac a ceadaíodh chun mionlaigh a chosaint ón éagóir.

Níl siad ar aon bhuille leis an bpobal maidir leis an bpósadh comhghnéis, is léir. Díobh sin a cheistigh Tuairisc.ie, bhí 61% i bhfabhar reachtaíochta chun pósadh comhghnéis a cheadú agus 22% ina choinne. Níor nocht 13% tuairim ar bith agus dúirt 4% nach raibh a fhios acu cad ba cheart a dhéanamh. Daoine idir sé bliana déag agus 34, mná agus Caitlicigh ba mhó a thacaigh leis an bpósadh comhghnéis. Daoine aosta ba mhó a bhí ina choinne.

Tá pobalbhreith Tuairisc.ie ag teacht le suirbhéanna eile a rinneadh abhus le blianta beaga anuas. Bhí an líon céanna 22% i gcoinne an phósta comhghnéis i bpobalbhreith a rinneadh ceithre mhí ó shin – laghdú beag ón mbliain roimhe. Sa Mheitheamh seo caite bhí 70% i bhfabhar, ní léir an bhfuil laghdú ar an tacaíocht don phósadh aerach ó shin nó ar aimhrialtacht í an difríocht.

Cuma cé na miondifríochtaí idir torthaí na bpobalbhreitheanna, tá sé soiléir le blianta go bhfuil an tacaíocht don phósadh comhghnéis ag méadú go seasta. Tá a ndóthain teachtaí ag an DUP chun toil an phobail a shárú i Stormont ach níl cumhacht acu sna cúirteanna. Seans go gcaithfidh an lucht aerach a dhul i muinín an dlí chun a gcearta a bhaint amach.