POBALBHREITH TUAIRISC: 61% den phobal den tuairim gur cheart pósadh comhghnéis a thabhairt isteach ó thuaidh

POBALBHREITH Tuairisc.ie/Kantar-Millward Brown: Tá níos mó tacaíochta ag an bpósadh comhghnéis i measc na mban agus an aosa óig ó thuaidh

POBALBHREITH TUAIRISC: 61% den phobal den tuairim gur cheart pósadh comhghnéis a thabhairt isteach ó thuaidh

Tá formhór an phobail ó thuaidh den tuairim gur cheart reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh an pósadh comhghnéis, ach tá difríochtaí suntasacha ann i measc grúpaí áirithe.

De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Tuairisc.ie, aontaíonn 61% den phobal gur cheart cead pósta a thabhairt don phobal aerach ó thuaidh.

Ba iad daoine óga, Caitlicigh agus mná is mó a thug le fios gur aontaigh siad leis an tuairim. D’aontaigh 82% díobh siúd atá idir 16 agus 24 bliain d’aois agus d’aontaigh 69% de na Caitlicigh agus 68% de na mná.

same-sex-Graphs-Pobalbhreith-2016

Bhí tacaíocht fhorleathan ann freisin sna haoisghrúpaí eile suas go dtí 50 bliain d’aois. Thacaigh 72% díobh siúd atá idir 25 agus 34 bliain d’aois agus 65% díobh siúd idir 35 agus 49 bliain d’aois leis an tuairim.

Bhí tacaíocht láidir ann don phósadh comhghnéis freisin i measc an chuid sin den phobal nach mbaineann leis an dá mhórchreideamh. Thug 67% de na daoine nach Caitlicigh ná Protastúnaigh iad le fios go n-aontaíonn siad leis an tuairim.

Ó thaobh na tíreolaíochta de, ba i mBéal Feirste agus an ceantar máguaird ba mhó a bhí tacaíocht don phósadh comhghnéis le brath. Thug 65% den phobal atá ina gcónaí sa chuid sin den tír le fios go dtacaíonn siad leis an bpósadh sin.

Níor thug ach 11% den phobal le fios gur chreid siad nár chóir dlí an phósta a athrú. Ba iad an dream atá os cionn 65 bliain d’aois is mó a mheas nár cheart pósadh comhghnéis a thabhairt isteach (46%). Sna sála orthu sin, bhí an pobal Protastúnach – d’easaontaigh 32% den phobal sin leis an tuairim.

Níor aontaigh 27% de na fir a ceistíodh gur cheart an pósadh comhghnéis a thabhairt isteach ó thuaidh.

Dúirt 4% díobh siúd a ceistíodh nach raibh tuairim bealach amháin nó bealach eile acu ar cheist an phósta comhghnéis.

Cuireadh 1,012 agallamh pearsanta ar rannpháirtithe na pobalbhreithe seo in 60 áit samplála i dTuaisceart Éireann.

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 16+ bliain d’aois.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

 

Fág freagra ar 'POBALBHREITH TUAIRISC: 61% den phobal den tuairim gur cheart pósadh comhghnéis a thabhairt isteach ó thuaidh'