Port Láirge i gcoinne Chill Chainnigh – agus púcaí na staire

Níl an bua faighte ag iománaithe Phort Láirge ar Chill Chainnigh sa chraobh ó 1959 agus beidh jab inniu acu má tá siad chun an ceann is fearr a fháil ar Brian Cody agus na Cait

Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cluiche Leathcheannais na hÉireann – Cill Chainnigh v Port Láirge, Páirc an Chrócaigh, 3.30i.n.

Tá sé 56 bliain ó a bhuaigh Port Láirge ar Chill Chainnigh sa chraobh. Seacht n-uaire a bhuaigh na Cait orthu ó shin i leith agus cluichí leathceannais a bhí i gceithre cinn de na cluichí sin.

Seo é an chéad uair a chasfaidh Cill Chainnigh ar Phort Láirge ó thug na Déisigh isteach an córas imeartha a bhfuil an oiread sin cainte déanta faoi. Bhí Derek McGrath i gceannas ar na Déisigh don chluiche sraithe in aghaidh Chill Chainnigh ag tús na bliana seo caite ach bhí an bainisteoir agus na himreoirí fós ag dul i dtaithí ar a chéile an uair sin. Tugadh greadadh dóibh – 4-22 in aghaidh 0-22 – i bPáirc Uí Nualláin.

D’fhan McGrath dílis don phlean a bhí aige agus tá na torthaí le feiceáil i mbliana; Roinn 1 den tsraith buaite acu agus seans acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó 2008. Is é an dúshlán atá roimh McGrath agus a chuid imreoirí anois ná a thaispeáint go bhfuil siad sách maith le buachan ar an gcontae is rathúla dá bhfuil ann.

Theip orthu sa scrúdú is mó a cuireadh orthu sa chraobh go dtí seo nuair a chaill siad i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan ach ní raibh siad i bhfad as marc. Is é an difríocht a bhí ann idir na foirne an lá sin ná gur thapaigh Tiobraid Árann a ndeiseanna scóráil. Má tá aon seans le bheith ag na Déisigh inniu, beidh orthu féin a bheith i bhfad níos cruinne nuair a thiocfaidh na deiseanna ina dtreo.

Tá sé os cionn mí ó shin ó bhuaigh Cill Chainnigh ar Gaillimh i gcluiche ceannais Laighean agus cé go mbeadh roinnt foirne beagáinín meirgeach i ndiaidh briseadh chomh fhada sin, tá cleachtadh ag foireann Brian Cody ar a leithéid faoin am seo.

Bhí go leor daoine ag moladh na gCat tar éis dóibh Gaillimh a bhualadh ach bhí fir an iarthair chomh dona an lá sin gur bua saoráideach go maith a bhí ann. Ina dhiaidh sin féin, toisc go bhfuil leithéidí Paul Murphy, Richie Hogan agus TJ Reid acu, ní bheidh sé iontach deacair ar Chill Chainnigh feabhsú arís.

Tá gortuithe ag cur as dóibh, áfach, agus an chuma ar an scéal nach mbeidh fáil ar Jackie Tyrell, Richie Power agus Michael Fennelly. Cé gur buille é na himreoirí sin a chailleadh, ní hé seo an chéad uair a bhain gortuithe de na fir chéanna agus ní bheidh aon amhras ar Cody faoi chumas na n-ionadaithe atá á dtabhairt isteach aige.

Seanscéal seafóideach agus meirg air é nach mbacann Cill Chainnigh agus Brian Cody le taicticí agus beidh dianstaidéar déanta acu ar Phort Láirge. Ní hé seo an chéad uair a bheidh stíl ‘chosantach’ roimh Chill Chainnigh ach an oiread. Tá córas Phort Láirge cosúil leis an gceann a d’úsáid Gaillimh in 2012, cé go bhfuil na Déisigh níos cosantaí fós ina gcur chuige siadsan.

Fuair Cill Chainnigh an ceann is fearr ar chóras sin na Gaillimhe in 2012 agus déanfaidh siad amhlaidh le córas Phort Láirge inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Cill Chainnigh v Port Láirge siar sa stair…

John Mullane i gcluiche ceannais 2008. Pictiúr: INPHO/James Crombie
John Mullane i gcluiche ceannais 2008. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cluiche ceannais na hÉireann 1957 – Cill Chainnigh 4-10 Port Láirge 3-12

Chuir an cluiche seo tús le tréimhse dianiomaíochta idir na foirne idir 1957 agus 1963. Bhí Port Láirge 3-10 in aghaidh 2-7 chun tosaigh leath bealaigh tríd an dara leath ach tháinig Cill Chainnigh ar ais go tréan. D’aimsigh siad dhá chúl taobh istigh de 10 nóiméad agus gan ach cúpla nóiméad fágtha, sheol captaen Chill Chainnigh, Mick Kelly, iarracht thar an trasnán chun an bua a chinntiú do na Cait.

Cluiche Ceannais na hÉireann 1959 (Athimirt) – Port Láirge 3-12 Cill Chainnigh 1-10

Tá an cluiche seo a chríochnaigh ar comhscór áirithe i measc na gcluichí is fearr a imríodh riamh. Cluiche lán teannais a bhí ann agus fuair Port Láirge cúl na cothroime leis an mbuille deireanach. Ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, chuir Cill Chainnigh tús iontach leis an athimirt, ach rinne Port Láirge an-teacht aniar agus bhí siad chun cinn ag leath ama. Níor aimsigh Cill Chainnigh ach dhá scór sa dara leath rud a d’fhág an bua ag na Déisigh. Níl an ceann is fearr faighte acu ar na Cait ó shin.

Cluiche Ceannais na hÉireann 2008 – Cill Chainnigh 3-30 Port Láirge 1-13

Ba é seo an chéad chluiche ceannais ag Port Láirge ó 1963 agus na Cait a bhí rompu arís an uair seo. Níor chuir Cill Chainnigh ach dhá iarracht amú agus greadadh á thabhairt acu d’fhoireann Davy Fitzgerald chun Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan don tríú bliain as a chéile. Tá sé fós ar cheann de na taispeántais is fearr a thug Cill Chainnigh faoi cheannas Brian Cody. 

Fág freagra ar 'Port Láirge i gcoinne Chill Chainnigh – agus púcaí na staire'