‘Port Láirge 8-3, Tiobraid Árann 0-0 – cuir fios ar na Gardaí!’

Tar éis dóibh an tSraith a bhuachan den chéad uair, bhí fanacht fada ar Chontae an Chláir agus ar Chontae Phort Láirge go dtáinig an corn an bealach arís chucu

Ní raibh mé ar an saol nuair a bhuaigh iománaithe an Chláir an tSraithchomórtas Náisiúnta den chéad uair i 1946 – an chéad imirt ar an gcomórtas ó d’fhág deacrachtaí taistil gur cuireadh ar athló é ag tús an Dara Cogadh Domhanda, ach tá cuimhne mhaith go leor agam ar an am ar thug Port Láirge an tSraith leo don chéad uair i 1963.

Aisteach go leor tar éis dóibh é a bhuachan don chéad uair, bhí fanacht fada ar an dá chontae go dtáinig an corn an bealach arís, os cionn dhá scór bliain i gcás na nDéiseach (2007) agus os cionn deich mbliana fichead de throscadh ar na Cláirínigh (1977).

Ba ag Port Láirge agus go háirithe ag Tiobraid Árann a bhí na hiománaithe ab fhearr a bhí sa timpeall i ndeireadh na 1950í agus i dtús na 1960í. Ní féidir liom a mhionnú go bhfuil aon chuimhne ghléineach agam ar Chluiche Ceannais ’63, ach d’imir na contaetha a chéile san iomad cluichí craoibhe agus sraithe go gcloisim glór Mhichíl Uí Eithir fós i mo chloigeann, ag craobhscaoileadh ainmneacha na n-imreoirí ba mhó le rá acu – John Doyle, Mick Maher, Kieran Carey, Theo English Jimmy Doyle, Liam Devaney, Donie Nealon ó Thiobraid Árann; Ned Power, Austin Flynn, Martin Óg Morrissey, Tom Cheasty, Frankie Walsh agus Phil Grimes Phort Láirge.

San achar sin, d’imir siad a chéile trí huaire i gcluichí ceannais na Sraithe Náisiúnta agus ceithre huaire i gCluiche Ceannais na Mumhan – Tiobraid Árann a bhuaigh sé cinn de na hocht gcluiche sin agus an fhoireann iontach acu a thug Craobh na hÉireann leo cúig huaire in imeacht seacht mbliana, idir ’58 agus ’65.

I gcás chraobhchomórtais na linne sin, is é ceann 1959 is fear le Déisigh a thabhairt chun cuimhne. Tar éis dóibh liúradh Chonáin a thabhairt do Ghaillimh sa gcéad bhabhta de Chraobh na Mumhan an bhliain sin, cé a bheadh rompu sa mbabhta leathcheannais ach Tiobraid Árann, curaidh na hÉireann agus dream a raibh an bua faighte acu ar Phort Láirge cúpla mí roimhe sin i gCluiche Ceannais na Sraithe.

Tagann Mícheál Ó hEithir isteach sa scéal seo freisin, ainneoin nach raibh sé i láthair sa Pháirc Lúthchleasa i gCorcaigh an lá sin beag ná mór.

Craoladh beo a dhéanamh ar aon chluiche amháin an nósmhaireacht a bhí ag RTÉ an t-am úd agus ba í an athimirt ar bhabhta leathcheannais peile Chonnacht idir Liatroim agus Maigh Eo a bhí roghnaithe acu an lá sin – barúil láidir go mbeadh bua aontaobhach go leor ag Tiobraid Árann ó dheas.

Nuair a shín cúntóir scór leathama na hiomána i lámha an tráchtaire i Ros Comáin, dhiúltaigh Ó hEithir é a léamh, mar go mba dhóigh leis go gcaithfeadh sé go raibh botún déanta ag duine eicínt. Chuir sé cogar i gcluas an chúntóra á rá glaoch gutháin a chur ar Bheairic na nGardaí ar an gCarraig Dhubh, a bhí buailte ar pháirc na himeartha i gCorcaigh lena chinntiú. An scór leathama céanna a tháinig ar ais as siúd, Port Láirge 8-3, Tiobraid Árann 0-0.

9-3, 3-4 an scór deireadh a facthas. Ina dhiaidh sin bhuaigh Port Láirge ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais na Mumhan agus ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann (ní raibh aon bhabhtaí leathcheannais ann fad agus a bhí Gaillimh i gCraobh na Mumhan).

Sa liodán ainmneacha cáiliúla sin ar fad a thagadh ó bhéal Mhichíl Uí Eithir ar na coimhlintí móra idir Port Láirge agus Tiobraid Árann i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí, thugainn suntas ar leith do phéire acu.

Údar nádúrtha go leor a bhí le ceann – Kieran Carey, lánchúlaí ar chlé Thiobraid Árann, a raibh an sloinne céanna air agus a bhí orm féin.

Pictiúr a chonaic mé i nuachtán a tharraing mo ghean ar an bhfear eile – báireoir na nDéiseach, Ned Power, ag dul go hard san aer ag gabháil an tsliotair, fad agus atá a chuid cosantóirí Austin Flynn agus Tom Cunningham ‘in aimhréidh’ le Christy Ring. Grianghraf draíochtúil fós féin.

Bhí sé de ádh orm gur chuir mé aithne mhaith ar Ned ina dhiaidh sin, ní trí thimpiste a thug a mhac, Conor, My Father, a Hurling Revolutionary ar bheathaisnéis a athar nuair a scríobh sé é cúpla bliain ó shin.

Thagadh athrú ar ghuth Ned Power nuair a labhraíodh sé ar an iománaíocht. Thuigfeadh an té nár chas riamh leis go mba seo duine ag trácht ar ábhar a chuaigh go smior ann – b’fhíor sin fiú agus é ag caint ar fhoirne eile seachas iad siúd ba ghaire dá chroí – Port Láirge, a bhaile dhúchais Dún Garbhán, agus Tulach an Iarainn, an áit ar chaith sé formhór a shaoil mar mhúinteoir bunscoile.

Bhí sé ar dhuine den dream beag a spreag an bhéim ar chúrsaí oiliúna nuair a ritheadh cúrsaí don chéad uair i gColáiste Rinn Mhic Ghormáin sna 1950í agus chuidigh sé le hoiliúint iománaithe-contae i chuile ghrád i bPort Láirge.

Nuair a chríochnaigh Cluiche Ceannais Iomána Faoi 21 na hÉireann idir Port Láirge agus Uíbh Fhailí ar chomhscór i 1992, ghlaoigh Ned ar bhainisteoir na foirne, Tony Mansfield, agus dúirt go raibh sé tar éis scrúdú a dhéanamh ar fhíseán den imirt. Thug sé faoi deara, a dúirt Ned, go dtiocfadh sé chun tairbhe do chuid de na himreoirí dá ndéanfadh siad athruithe beaga ar an gcaoi a raibh siad ag breith ar na camáin agus ar na teicnící a bhain le bualadh an tsliotair.

Rinneadar amhlaidh agus bhuaigh Port Láirge an athimirt agus Craobh Iomána Faoi 21 na hÉireann don chéad uair riamh.

Nuair a deirim go raibh Tony Browne agus Paul Flynn ar bheirt de na himreoirí sin, tá dóthain ráite agam.