POBAL ag roinnt a gcomhairle dlí leis an gConradh ó thuaidh

Amhras ar Janet Muller, afach, an gcuideoidh an dúshlán cúirte le fíorú an Achta Teanga atá a éileamh ag Pobal le fada

J Muller
Janet Muller, POBAL

Tá an chomhairle dlí faoi fhorbairt straitéis teanga ó thuaidh a tugadh don scátheagras teanga POBAL le roinnt acu anois le Conradh na Gaeilge.

Dúirt Janet Muller ó POBAL, go raibh “an t-eolas agus an tuairim abhcóide” a fuarthas “tríd an obair leanúnach” le blianta anuas le tabhairt don Chonradh mar go bhfuil cead tugtha don eagraíocht sin athbhreithniú dlíthiúil a thosú sna cúirteanna ó thuaidh faoi theip an Tionóil straitéis teanga a fhorbairt.

Cé go bhfuil sí ag súil “go gcuideoidh an comhoibriú seo eadrainn le hullmhú na n-argóintí maidir le straitéis don Ghaeilge” ní dóigh le Janet Muller go gcuideoidh an dúshlán cúirte le fíorú an Achta Teanga atá á éileamh ag POBAL le fada.

Dúirt Janet Muller gur léirigh taithí phobal na Gaeilge le blianta beaga anuas go bhfuil sé “thar a bheith deacair an dlí a úsáid le tacú le cearta lucht úsáide na teanga nuair nach bhfuil reachtaíocht Ghaeilge ann abhus”.

Tá POBAL ag obair ar cheist na straitéise don Gaeilge ó 2006. Nuair a achtaíodh Acht Cill Rímhinn, leagadh dualgas ar an Tionól straitéis teanga a ullmhú agus a fheidhmiú, dar le POBAL, ach níl sin déanta ag an bpointe seo.

Chomh maith leis sin, mhol Coiste na nAirí de chuid Chomhairle na hEorpa faoi thrí gur cheart straitéis a fhorbairt ach “rinne Westminster féin neamart ar a chuid freagrachtaí” sa réimse seo, dar leis an scátheagras teanga.

Cuireadh deireadh leis an tacaíocht airgid a bhíodh á tabhairt ag Foras na Gaeilge do POBAL nuair a cuireadh atheagar ar na heagraíochtaí teanga thuaidh agus theas tráth ar socraíodh maoiniú a thabhairt do shé cheanneagraíocht, ina measc Conradh na Gaeilge.

Tugadh cead do Chonradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i mBéal Feirste ar an 31 Bealtaine tús a chur le hathbhreithniú breithiúnach i gcoinne Fheidhmeannas Stormont faoi chás na straitéise teanga.