Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís phóilíneachta na hAlban

Ní chaithfear aon airgead breise ó bhuiséad Phoileas Alba ar chur i bhfeidhm an phlean teanga nua

Tá suaitheantais dhátheangacha, Gàidhlig agus Béarla, le bheith ar chultacha na bpóilíní in Albain feasta de réir Plean Gàidhlig Phoileas Alban a seoladh an tseachtain seo.

“Tá an suaitheantas atá ag Poileas Alba le bheith dátheangach ar fud seirbhís Phoileas Alba, rud a léireoidh an meas céanna don Ghàidhlig agus don Bhéarla,” a deirtear sa Phlean, ina leagtar síos na céimeanna a thabharfar leis an teanga a chur chun cinn sna cúig bliana amach romhainn.

Is ar bhonn “nua agus nuachan” a chuirfear an plean i bhfeidhm, is é sin le rá gur ar chultacha nua amháin a chuirfear an suaitheantas nua dátheangach. Ní chuirfear an plean i bhfeidhm i gcás cultacha atá in úsáid cheana féin, ach amháin sa chás go bhfuil deisiú nó “athnuachan” le déanamh ar sheanchultacha.

Fágann sé sin nach bhfuiltear ag súil go gcaithfear aon airgead breise ar an bPlean Gàidhlig agus níl pingin curtha ar leataobh i mbuiséad na bliana seo ag Poileas Alba leis an bplean a chur i bhfeidhm. Tá maoiniú beag faighte ag Poileas Alba ó eagraíochtaí seachtracha Gàidhlig chun an costas beag a bhaineann leis an bplean a ghlanadh . Maítear sa Phlean féin go lorgófar tuilleadh maoinithe ó fhoinsí éagsúla amach anseo.

Tá gealltanais déanta sa phlean nua faoi líon na mball foirne le Gàidhlig, faoi úsáid na teanga in oibríochtaí laethúla na heagraíochta agus sa chumarsáid a dhéantar leis an bpobal agus tá gealltanas eile ann maidir le forbairt chorpas teanga na heagraíochta.

I measc na ngealltanas a thugtar faoi fheiceálacht na Gàidhlig san eagraíocht, deirtear go gcuirfear le líon na mbileog eolais agus foirmeacha a chuirtear ar fáil i nGàidhlig, go gcrochfar comharthaí ‘Fàilte’ i stáisiúin agus go mbeidh comharthaíocht dhátheangach ar fheithiclí, ar litreacha, ar chártaí gnó agus eile.

“Aithníonn Poileas Alba go bhfuil sé tábhachtach go n-úsáidfí an Ghàidhlig taobh amuigh agus taobh istigh den eagraíocht, agus go sonrófaí na hamanna agus na suíomhanna a mbeadh sé feiliúnach nó riachtanach an teanga a úsáid. Aithníonn Poileas Alba a thábhachtaí is atá sé go bhfoghlaimeoidh baill foirne an Ghàidhlig,” a deirtear sa phlean.

Tá sí mar aidhm ag an bplean cur le líon na gcainteoirí Gàidhlig i bPoileas Alba agus deiseanna a thabhairt do bhaill foirne a bhfuil an teanga acu cheana féin í a úsáid ina saol oibre.

Gealltar freisin go gcuirfidh Poileas Alba “fáilte roimh chainteoirí Gàidhlig”. Cuirfear fáilte freisin roimh chomhfhreagras i scríbhinn i nGàidhlig, agus gealltar go bhfreagrófar an comhfhreagras sin sa teanga chéanna. Sainaithneofar na poist a bhfuil an Ghàidhlig riachtanach dóibh, poist na n-oifigeach atá lonnaithe i gceantar ina labhraítear go leor Gàidhlig, mar shampla.

Tá gealltanais eile sa cháipéis ina maítear go ndéanfar iarracht an Ghàidhlig a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh oifigiúil na seirbhíse póilíneachta.

Baineann an gealltanas deiridh atá i bPlean Gàidhlig Phoileas Alba le corpas na teanga féin.

“Tá forbairt na Gàidhlig i soláthar seirbhísí poiblí ríthábhachtach do thodhchaí na Gàidhlig in Albain. Dá mhéid airde a thugtar air seo is ea is fearr a fhorbrófar téarmaíocht agus réimeanna cainte nua, rud a chabhródh le hábharthacht agus leanúnachas na dtéarmaí sin,” a deirtear sa phlean.

Maítear go n-oibreofar go dlúth le heagraíochtaí Gàidhlig agus le heagraíochtaí eile atá ag cur na teanga chun cinn lena chinntiú go mbíonn leanúnachas ann maidir le téarmaí teicniúla agus go gcloífear leis “an dea-chleachtas is nua” i réimse an aistriúcháin.

Fág freagra ar 'Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís phóilíneachta na hAlban'