‘Peacocks’ na Gaeilge ar RTÉ ag déanamh dochair don teanga, a deir scríbhneoir

Tá freagra tugtha ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ ar scríbhneoir a mhaíonn go bhfuil stíl 'ornáideach chanúnach' iriseoirí Gaeilge RTÉ ag cur foghlaimeoirí ó dhoras

‘Peacocks’ na Gaeilge ar RTÉ ag déanamh dochair don teanga, a deir scríbhneoir

Níl aon mhaith á dhéanamh don teanga ag iriseoirí Gaeilge RTÉ toisc go gcuireann a gcaint ‘ornáideach chanúnach’ daoine ó dhoras, dar leis an scríbhneoir Tony Philpott.

Áitíonn an scríbhneoir scripte, a d’oibrigh ar chláir ar nós Taggart agus Proof, nach bhfuil aon ghaol idir an Ghaeilge a fhoghlaimíonn formhór daoine ar scoil agus an Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ.

“RTE Irish is expressed in a regionalised and floridly accented manner, and as such, it ceases to be national and becomes localised and non-inclusive.

“In short, Nuacht readers aren’t doing the language any favours,” a deir Philpott in alt atá foilsithe ar an suíomh idirlín Headstuff.

Áitíonn Philpott go bhfágann na “elisions, enunciations and rhotic embellishments” a bhíonn, dar leis, ag léitheoirí nuachta RTÉ nach dtuigeann an pobal a bhfuil á rá acu.

“It’s as if Nuacht readers are, like peacocks, proudly displaying their speaking ability with coloured vocal acrobatics in order to reveal their high level of competence,” a deir sé.

Molann an scríbhneoir an ‘Received Pronunciation’ a bhíonn ag craoltóirí Shasana toisc go dtuigtear go forleathan é, rud nach bhfuil fíor i gcás na Gaeilge ar RTÉ, dar leis.

“The Irish spoken on RTE doesn’t even reach as far as Crumlin,” a deir Philpott ina alt ‘Have I Got Nuacht For You’.

Dar leis an scríbhneoir gur chun leas na teanga a bheadh sé dá mbeadh caint na gcraoltóirí níos caighdeánaí agus níos gaire do ‘Ghaeilge na scoile’.

“Hearing our native language expressed in broadcast media in a manner that sounds familiar would only promote comprehension.

“It may be sacrilegious to even suggest, but if a homogenised speaking ability were to become an objective for teachers and broadcasters alike, then a new generation of Irish speakers might emerge.”

Dá mbeadh foghraíocht léitheoirí RTÉ “less florid and more democratic” ba thúisce a shealbhódh daoine an teanga, dar leis.

Dar le Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur deacair meabhair a bhaint as an tuiscint “go bhfuil milleán éigin ar chainteoirí dúchais Gaeilge a bhíonn i mbun craoltóireachta ar RTÉ maidir le staid na Gaeilge go náisiúnta”.

“Tá seirbhísí nuachta RTÉ, ar theilifís agus ar raidió, curtha i láthair ar bhonn gairmiúil, ó thaobh ábhar agus urlabhraíochta de. Ní dóigh liom gurb é réiteach an scéil maidir le cur chun cinn na Gaeilge laghdú a dhéanamh ar shaibhreas teanga san áit ina bhfuil sí fós saibhir,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Thug iriseoir amháin, Máire Treasa Ní Cheallaigh, freagra fonóideach seanbhlastúil ar áiteamh Philpott gurb é Nuacht RTÉ a thabharfadh buille maraithe na muice don teanga.

Fág freagra ar '‘Peacocks’ na Gaeilge ar RTÉ ag déanamh dochair don teanga, a deir scríbhneoir'

  • Lillis Ó Laoire

    Sin é a Mháire Treasa. Locht orainne mar nár smaoinigh an t-uasal Philpott go raibh aon leas sa Ghaeilge dó. Rinne sé go maith as a chuid Béarla, treise leis, ach b’fhearr dó slacht a chur ar na cúpla focal atá aige agus an náire úd a chur ar leataobh, sula dtugann sé breithiúnas ar rud nach bhfuil tuiscint chruinn aige air.

  • Breathnóir

    Ceist dheacair í seo, dáiríre. Tá pointe aige, leagan an-chaighdeánach den Bhéarla, den Spáinnis, den Fhraincis srl a úsáidtear ar chláir nuachta sna teangacha sin, agus bheadh sé níos éasca d’fhoghlaimeoirí Gaeilge fhíorchaighdeánach a thuiscint sa chomhthéacs seo. Ach seans go gcuirfeadh úsáid an chaighdeáin olc ar an chuid is mó de na cainteoirí dúchais Ghaeltachta ag an am céanna?

  • Cristín

    Rud a bhfuil a fhios agam féin – Tá sé deachair do mo pháistí ( nach bhfuil ón gaeltacht nó ag dul go dtí scoil lán gaelach) a thuiscint an chuid is mó den gaeilge ar an teilifís – níl na canúintí difriúla go léir ag cabhrú leo an gaeilge á fhoghlaim nó a labhairt.
    In response to Máire Treasa’s comment – I don’t think anyone is blaming Irish speakers for others not being able to speak Irish. All the various regional variations of Irish are represented on tv (as they should be) , but rarely is there a more familiar and more generic Irish(as learned in school) -which would make it more accessible to those who are not immersed in Irish speaking every day. (But who would like to be).

  • Críostóir

    Más ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir atá gach rud, cén mhaith é líofacht a bheith agat? Nach bhfuil an nuacht in aon teanga ann ar mhaithe leis an té atá líofa seachas duine atá ag foghlaim an teanga? Níl aon easpa foghlaimeoirí ag an nGaelainn.

  • Seán

    Cad sa foc athá léite agat? Johnny! Cogarileith! Sín chugam buidéal pínt ansannnn blaaarrrggghhh

  • Seán Buí

    Sé an port céanna i gcónaí. Tuigim anois don ngobadán. Tá Dhá Éirinn ann. Éire ina bhfuil cainteoirí Gaelainne agus Éire dá gceal. Ní ligfeadh an náire don tarna cleas an chéad dhream a fheiscint ag feidhmiú mar ghnáthphobal. Ó neóóó… Is amhlaidh go bhfuil d’fhiacha ar na Gaeil iad fhéinig a athrach chun náire na Galltachta a cheansú. Cuireann sé i gcuimhne dom seanbhruineall a bhíodh ag faoileáil thart liom i mBun Dobhráin sna 70dí. M’anam ach gubh iad na laethanta breátha. Á pógadh is á crúbáil sna bumper cars na haon lá. Ach ní raibh san ealaí san ach seal. Cad é ach nár thug sí orm oíche filleadh beag a chur orm agus píoba mór groí á sá san áit san ná gealfadh solas Dé choíche, agus géarbhach crua gaoithe a séideadh inti go dúthrachtach. Bhíodh a hathair mar threoraí do bhanna píoba i gceann dosna hOileáin san as chósta na hAlban agus b’olc an dailtín é. Bhí sé chomh sprionlaithe san ná ligfeadh sé dá chlann ach allas lachíní a chur ar an mbuilín tráth dínnéir in áit ime. Théadh na créatúirí bochta san amach sa chlós gach maidean le fáinne na fuiseoige ag bailiú braonta allais de thóinte laichíní seachas blúire ime a cheannach. D’fhág san a rian uirthi. Ach mise fé dhuit, nuair a chonac an filleadh beag is an ‘seannsaire’ fada beag caol ar an leabaidh, thugas na boinn liom as an bnb beag cúng san agus fuaireas an chéad bhus thar n-ais chun na Gaillí. Ní fhaca ó shoin í go dtí dhá bhliain ó shoin.. Ard-Fheis Fine Gael a bhí ann. Agus by jaysus do shéideas an oíche san í.

  • Brian Ó Broin

    Go sábhála Dia . . .
    Más mian leis an amadán seo Lárchanúint Ghaeilge a chumadh agus í a chur chun cinn, treise leis.
    Go dtí sin, táimid fágtha leis an nGaeilge atá againn.

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart dúinn Sean-Ghaeilge a labhairt (sularbh ann in aon chor do na canúintí, más fíor)

  • Bríd Ní Chualáin

    Is ionann deireadh le canúintí agus deireadh leis an teanga. (David Crystal, 2000).

  • padraig

    Ard-Fheis Fine Gael, nach in í an áit is córthaí dhuit dul chun feise léi a Sheáin Bhuí? Ar mh’anam ach nach ndeara an ‘t-allas laichíní aon dochar di’! ‘Chugam aniar thú!’ ar sise leat!