Pas nó teip? Scrúdú líne ar líne ar pholasaí Gaeilge Leo Varadkar

Agus an chuma ar an scéal go mbeidh Leo Varadkar ina Thaoiseach, caitear súil ar a bhfuil geallta faoin nGaeilge aige ina cháipéis ‘Taking Ireland Forward’

Pas nó teip? Scrúdú líne ar líne ar pholasaí Gaeilge Leo Varadkar

1. Tá an Ghaeilge lárnach dár bhféiniúlacht agus ní mór tacú go láidir léi.

Seo an gnáthbhéarlagair a tharraingíonn polaiteoirí chucu féin an uair fhánach go mbíonn ceist na teanga faoi chaibidil acu. Bhí leaganacha éagsúla den phlámás polasaí seo, mar shampla, i ngach aon cheann d’fhorógraí toghchánaíochta na bpríomhpháirtithe anuraidh. Tá ‘Is seoid náisiúnta í an Ghaeilge’ ar cheann de na leaganacha eile is mó a mbíonn tóir orthu ag an bhfear breactha polasaí atá ag iarraidh a dhintiúir Ghaelacha a chruthú gan mórán a rá dáiríre. Ní fada, b’fhéidir, go mbeidh a fhios againn an gothaí móra gan aon chur leis atá i ndán arís dúinn.

2. Tá sé riachtanach go dtabharfar faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus go mbeidh sé mar thoradh ar ár mbeartais go mbeidh an teanga le feiceáil agus le cluinstin in úsáid go laethúil ar fud na tíre.

Cuireann focail amhail ‘riachtanach’ cuma théagartha ar gheallúintí doiléire mar seo. Ach ó tharla gur gaire d’fhís theibí ná cáipéis shubstaintiúil polasaí í Taking Ireland Forward – níl inti ach 12 leathanach ar fad – is maith ann mar mhian í. Nuair a deirtear sa pholasaí “go mbeidh an teanga le feiceáil agus le cluinstin”, d’fhéadfadh gur tagairt atá sa ‘le feiceáil’ sin do stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre. Le linn dó a bheith ina Aire Iompair, d’fhógair Varadkar go raibh faoi scéim phíolótach a thabhairt isteach a chuirfeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair, ach chaith a chomharba sa Roinn Iompair, Paschal Donohoe an plean sin i dtraipisí.

(Tá caint ann go mbeidh Donohoe ina Aire Airgeadais sa chás go dtabharfadh Varadakar an lá leis agus ceapachán é sin a d’fhéadfadh impleachtaí níos mó a bheith aige don Ghaeilge ná ceapachán an Taoisigh féin.)

Ba mhaith leat a shamhlú gur ag cuimhneamh ar thorthaí Dhaonáireamh 2016 a bhíothas nuair a breacadh an abairt áirithe seo sa pholasaí. Más ea, is é an trua nár aithníodh go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus ba thrua leis dá gcloífí faoi réimeas an chéad Taoisigh eile leis an dearcadh ‘níl tada le feiceáil anseo, tá sé in am bogadh ar aghaidh’.

3. Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre

Geallúint phearsanta é seo, ach geallúint shonrach a dóthain í mar sin féin. Ar a laghad, bheadh cainteoir laethúil Gaeilge eile lasmuigh den chóras oideachais againn má dhéanann sé beart de réir a bhriathair. Aire an Bheagáin a a thug Cathal Goan ar Joe McHugh nuair a leag Enda Kenny cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air in ainneoin nach raibh aon Ghaeilge aige, agus seans gur mar Thaoiseach na nGiotán Cainte a chuimhneoidh pobal na Gaeilge ar Kenny féin.

Bhí Enda Kenny toilteanach i gcónaí ceist a fhreagairt ó iriseoirí TG4 agus RnaG agus an Ghaeilge a labhairt ar ócáidí poiblí, ach faraor is beag gníomh fónta eile a dhein sé ar son na teanga. An rud deireanach atá ó phobal na Gaeilge ná Taoiseach eile a chreideann gurb é an dualgas is mó atá air ó thaobh na Gaeilge de ná an méid di atá aige a labhairt nuair a oireann. Ar a shon sin uile, is maith ann geallúint seo Varadkar mar chomhartha go bhfuil sé dáiríre faoin nGaeilge a chur i lár an aonaigh.

Ach cé chomh dáiríre is atá sé faoin méid sin?

Bhuel, bhí dearcadh patuar, nó naimhdeach fiú, aige faoin teanga agus é ina pholaiteoir óg, tráth a mbíodh sé ag cur as, mar shampla, faoi airgead a bheith á chur amú ar reachtaíocht teanga. Cé nár thug sé aon óráid shubstaintiúil faoin nGaeilge uaidh sa Dáil ó toghadh é in 2007, tá athrú poirt aige ó shin. Nuair a deineadh Aire Coimirce Sóisialaí de anuraidh, ba é an t-aon Aire a shínigh i nGaeilge Clár na nAirí i dTithe an Oireachtais. Tá dua caite aige le foghlaim na teanga le roinnt blianta anuas chomh maith agus chríochnaigh sé cúrsa Gaeilge do státseirbhísigh shinsearacha le déanaí. Labhair sé Gaeilge agus a cháipéis polasaí á seoladh aige an lá eile agus tá iarracht á déanamh aige le cúig nó sé bliana anuas ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge, mar a léiríonn an físeán seo a dhein mic léinn i Fiontar, DCU, in 2011. An amhlaidh gur ag cur slachta ar a CV don jab a bhí sé? Thuigfeá ó leithéidí an Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne, cara mór leis, nach amhlaidh a bhí, agus nach cuma ar shlí? Tuairiscítear go bhfuil Gaeilge ag a pháirtnéir chomh maith.

4. Tacaím le Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Beidh mé ag obair chun na gníomhaíochtaí cuí in earnáil an oideachais, na n-ealaíon, an chultúir agus i seirbhísí a éascú agus tuigim an tábhacht atá le hacmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise a bhaint amach.

Seo an chuid is laige den ráiteas faoin nGaeilge i Taking Ireland Forward. Aon duine a bhfuil aon chur amach aige ar bhéarlagair seachantach lucht cosanta pholasaí teanga an Stáit, goineann a aire nuair a chloiseann sé trácht ar ‘na gníomhaíochtaí cuí’, go háirithe nuair a luaitear ‘na gníomhaíochtaí cuí’ rúndiamhra céanna leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Féach chomh maith nach ionann in aon chor an “tábhacht” a bhaineann le hacmhainní breise ‘a aithint’ agus acmhainní breise a gheallúint. Plámás polasaí den chéad scoth atá anseo, go háirithe nuair a fhéachtar ar an gcéad líne sa chéad mhír eile sa cháipéis, a bhaineann le cúrsaí ealaíon, cultúir agus spóirt.

Ní hamháin go n-aithnítear sa mhír sin an tábhacht le hacmhainní breise ach deirtear “We will double the Government budget for arts, culture and sport over seven years”. 

5. Aithním freisin na riachtanais ar leith atá ag na pobail Ghaeltachta agus beidh mé ag obair ar son aitheantas agus meas do chearta Gaeilgeoirí.

Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus is maith an rud go n-aithneodh polaiteoir sinsearach “riachtanais ar leith” phobal na Gaeltachta. Seachas daingniú a dhéanamh ar an ithir timpeall ar fhréamhacha na teanga, is baolach go bhfuiltear sásta na fréamhacha céanna a chartadh amach ag súil go mbláthóidh an Ghaeilge áit éigin eile. Mar sin, cé gur beag sonraí atá sa chuid seo den cháipéis, ní beag an ní é go bhfuil an té atá faoi réir le bheith ina Thaoiseach ag trácht ar ‘aitheantas’, ‘meas’ agus ‘cearta’ do phobal na Gaeltachta seachas a bheith cur thairis faoi bhréagfhantaisíocht athbheochana eile.

Ar ndóigh, gníomh mór aitheantais a bheadh ann príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta a leagan ar Aire Sinsearach a bhfuil Gaeilge aige. Dúirt Varadkar le Mícheál Ó Leidhin ó RnaG an tseachtain seo nach mbeadh sé i bhfabhar a leithéid mar nach raibh sé i gceist aige aon cheann de na ranna rialtais a dhúnadh. Ní foláir nár thug sé leis i gceart brí na ceiste, mar níor ghá aon roinn a dhúnadh chun go mbeadh cainteoir Gaeilge ina Aire Sinsearach i Roinn na Gaeltachta.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

6. Cuirfear i bhfeidhm fosta an beartas ríthábhachtach mar atá an Comhbheartas Oideachas Gaeltachta. Déanfar leasuithe substaintiúla ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus déanfar cainteoirí líofa Gaeilge a earcú sa tSeirbhís Phoiblí le cinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge.

Déantar trácht anseo ar thrí cinn de na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe ag lucht teanga faoi láthair: an reachtaíocht teanga; ceist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse; agus an gá le cur i bhfeidhm an pholasaí nua oideachais don Ghaeltacht. Níl aon gheallúint nua anseo, ach léiríonn an chuid seo de mhír na Gaeilge i Taking Ireland Forward go bhfuil Varadkar feasach ar chuid de na mórcheisteanna a bhaineann le cás na teanga, nó, ar a laghad, gur chuir sé an dua air féin labhairt le duine éigin atá feasach ar na mórcheisteanna sin.

Tá na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le cur faoi bhráid Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais amárach, Déardaoin, ach d’fhéadfadh go mbeadh Varadkar ina Thaoiseach faoin am go mbeidh barr slachta á chur orthu. Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh agus chífí an uair sin cad atá i gceist aige le hathruithe ‘substaintiúla’ agus le ‘cainteoirí líofa Gaeilge a earcú’. Is é an dála céanna é i gcás cheist an oideachais sa Ghaeltacht; tástáil an pholasaí a chur i bhfeidhm.

7. Beidh muid réamhghníomhach chun Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus aonaid nua a bhunú chun freastal ar an mhéadú leanúnach ar oideachas trí mheán na Gaeilge.

‘Tógtar iad, agus b’fhéidir go dtiocfaimis’. Sin an dearcadh a bhí riamh anall ag an Roinn Oideachais agus ag rialtais éagsúla faoi scoileanna lán-Ghaeilge. Mar sin is suimiúil an focal ‘réamhghníomhach’ sa chás seo mar pé gníomh atá á dhéanamh ag an Stát ar son an ghaeloideachais faoi láthair ní réamhghníomh é. Go deimhin, tá an Stát ar a dhícheall le fada ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh aon lorg den idirdhealú dearfach ar aon ghné dá pholasaí teanga. An amaideach an mhaise d’aon duine é mar sin a bheith ag súil go gcuirfeadh fear a luaitear mar leantóir dílis de chuid Thatcher stop – trí ghníomh nó réamhghníomh – le cúlú an Stáit óna dhualgas i leith teanga náisiúnta na hÉireann?

Ní ar aon tslí amháin atá an saol go hait, agus cé go ndéarfadh an té a bhfuil ciall cheannaigh aige gur fánach a bheith ag súil le faic eile seachas an seanpholasaí céanna agus meirg air, i bhfianaise a bhfuil ráite go n-uige seo aige faoin teanga, tá sochar an amhrais tuillte go fóill ag Leo Varadkar.