Óstán Ghaoth Dobhair curtha ar an margadh agus lucht gnó an cheantair ag dúil go mór lena dhíol

Tháinig an scéala inné go raibh an t-óstán mór, a dúnadh thart ar cheithre bliana ó shin, ar díol arís agus beagán níos lú ná €600,000 á lorg ag na ceantálaithe AllSop air

Óstán Ghaoth Dobhair curtha ar an margadh agus lucht gnó an cheantair ag dúil go mór lena dhíol

Is rud “iontach maith” a bheidh ann do pharóiste Ghaoth Dobhair má dhíoltar Óstán Ghaoth Dobhair i Machaire Chlochair an mhí seo chugainn, dar le lucht trádála agus gnó sa cheantar.

Tháinig an scéala inné go raibh an t-óstán, a dúnadh thart ar cheithre bliana ó shin, ar díol arís agus beagán níos lú ná €600,000 á lorg ag na ceantálaithe AllSop air.

Tógadh an t-óstán sa bhliain 1970 agus cuireadh leis an bhfoirgneamh i 1989 agus arís i 1992. Tá tailte 30ha timpeall ar an bhfoirgneamh agus na sé hárasán, ‘Dún na Mara’, atá lena thaobh ar díol leis.

Bhíodh an-tóir ar an óstán do bhainiseacha agus ócáidí eile sa cheantar mar gheall ar áilleacht na háite ina bhfuil sé agus méid na seomraí ócáide.

Beidh an t-óstán agus a mbaineann leis ar ceant i mBaile Átha Cliath ar an 13 Nollaig. Is iad na ceantálaithe AllSop a bheidh i mbun an díolacháin agus tá dóchas ag lucht gnó agus tráchtála sa cheantar go ndíolfar é an geábh seo agus go ndéanfar athchóiriú ar an óstán.

“Díolann AllSop achan rud a bhíonn ar ceant acu. Díolfaidh siad Óstán Ghaoth Dobhair fosta. Is rud iontach maith a bheidh ann don pharóiste má dhéantar suas é, tá an paróiste i ndrochdhóigh le cúpla bliain anuas. Thabharfadh muid tacaíocht 100% don duine a cheannódh agus a dhéanfadh suas é.

“Is ceantar tuaithe, iargúlta atá i nGaoth Dobhair, agus is muid an Ghaeltacht is mó in Éirinn. Thug sé cuid mhaith oibre chun na háite i gcónaí agus go leor cuairteoirí fosta. Bhí achan rud san óstán, bhí sé ag croí an pharóiste agus eolas ag achan duine air,” a dúirt Aodh Mac Giolla Bhríde, cathaoirleach Chumann Tráchtála Ghaoth Dobhair.

Dúirt sé freisin gur chabhraigh an t-óstán go mór le hóige na Gaeltachta dul i dtaithí ar an saol oibre agus scileanna úsáideacha a fhoghlaim sular fhág siad an ceantar le freastal ar an ollscoil.

“Bhíodh chuid mhór daltaí scoile agus mic léinn ollscoile fostaithe san óstán i rith an tsamhraidh agus i rith na bliana. Thug sé sin taithí iontach dóibh sula ndeachaigh siad chuig na cathracha ag staidéar agus ag lorg obair pháirtaimseartha.

Dúirt sé go raibh súil aige go gceannódh duine a “smaoineodh ar an bpobal” an t-óstán agus go mbeadh rudaí “ar an dóigh chéanna arís” ó thaobh cúrsaí fostaíochta agus turasóireachta sa cheantar.

“Tá óstán mór de dhíth i lár an pharóiste seo. Tá muid buailte go maith gan óstán dá leithéid a bheith againn. Bhíodh go leor daoine as an Tuaisceart ag teacht anseo agus tá i bhfad níos lú leapacha ar fáil le cúpla bliain anuas.

“Bhí ráflaí amuigh cúpla mí ó shin go raibh sé ceannaithe ag duine éigin ach nach óstán a bheadh ann. Bhí caint ar árasáin a dhéanamh den áit, agus bíonn daoine i gcónaí ag lorg árasán. Dhéanfadh forbairt ar bith maitheas don áit.”

D’fhan roinnt mhaith daoine cáiliúla san óstán i gcaitheamh na mblianta, ina measc an t-imreoir sacair George Best, an bainisteoir sacair Mick McCarthy agus na ceoltóirí Phil Coulter agus Clannad.

Ar ndóigh, tá an t-óstán feicthe ag na milliúin duine ar YouTube freisin. Ba ann a d’fhan Bono nuair a thaifead sé an físeán ceoil don amhrán ‘In a Lifetime’ le Clannad i 1985. Tá an t-óstán agus radhairc eile Ghaoth Dobhair, baile dúchais Chlannad, le feiceáil san fhíseán sin.

Fág freagra ar 'Óstán Ghaoth Dobhair curtha ar an margadh agus lucht gnó an cheantair ag dúil go mór lena dhíol'