Os cionn 1,000 úsáideoir laethúil ag an aip ‘Léigh Linn’ sa chéad bhliain

Cuireadh dhá leabhar nua leis an aip, ‘Dracula’ le Bram Stoker agus ‘Hurlamaboc’ le hÉilís Ní Dhuibhne le deireanas agus súil ag lucht na haipe tuilleadh léitheoirí a mhealladh

Os cionn 1,000 úsáideoir laethúil ag an aip ‘Léigh Linn’ sa chéad bhliain

Bíonn os cionn 1,000 duine ag léamh an ábhair atá ar fáil ar an aip léitheoireachta ‘Léigh Linn’ gach lá de réir figiúirí atá eisithe ag lucht na haipe don chéad bhliain.

Seoladh leighlinn.com i mí na Nollag na bliana seo caite agus dhá leabhar Buille Marfach le Anna Heussaff agus Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a’ Bhaird, ar fáil air.

Tá dhá leabhar nua curtha leis an suíomh anois, leagan Sheáin Uí Chuirrín de mhórshaothar Bram Stoker, Dracula, agus Hurlamaboc le Éilis Ní Dhuibhne.

Tá tuairim is 70 leathanach den dá leabhar ar fáil saor in aisce ar an aip chomh maith leagan closleabhair. Is féidir an chuid eile de na leabhair agus na háiseanna atá ar fáil leo a cheannach tríd an aip.

Tá gearrfhíseán “spreagúil, fuinniúil” ann ag deireadh gach caibidle ina bhfuil Alan Titley, Ollamh leis an Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, ag labhairt faoin gcaibidil agus na rudaí “suntasacha” a tharla inti.

Is measc na n-áiseanna eile atá ar fáil ar Léigh Linn tá réamhrá faoi na leabhair, agallaimh leis na húdair a mhaireann, agus léirmheasanna a foilsíodh ar na meáin Ghaeilge.

Ligtear don léitheoir na closleabhair agus an téacs a ghabhann leo a íoslódáil, sa tslí is nach gá ceangal idirlín a bheith ann agus an leabhar á léamh agat nó tú ag éisteacht leis an chéad bhabhta eile.

D’eisigh An Gúm Dracula an athuair thart ar Oíche Shamhna 2015 chomh maith le heagrán ríomhleabhair den leagan athchóirithe den leagan a rinne an Déiseach Seán Ó Cuirrín sa bhliain 1933.

Scríobh Stoker, a d’fhás aníos i mBaile Átha Cliath, a scéal uafáis sa bhliain 1897. Bhain an leabhar cáil dhomhanda amach dó féin agus is minic a shamhlaítear an Cunta ard, tanaí bán nuair a chloistear an focal vaimpír sa lá atá inniu ann.

Chuir an Cuirríneach Gaeilge ar an saothar mar chuid de scéim aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí agus foilsíodh leagan athchóirithe a chuir Maolmhaodhóg Ó Ruairc in eagar do chomóradh céad bliain an leabhair sa bhliain 1997.

“Tá sé scríofa i stíl thar a bheith saibhir, thar a bheith foclach in áiteanna, ach stíl í a bhfuil áilleacht faoi leith ag baint léi ó thús go deireadh. Is í Gaeilge na nDéise, nó Gaeilge Phort Láirge atá ann, Gaeilge nach mbíonn chomh minic sin le léamh sa litríocht anois,” a dúirt Titley.

Tá Léigh Linn dírithe orthu siúd “atá ag iarraidh triail a bhaint as leabhair Ghaeilge a léamh”, agus “orthu siúd a bhfuil leisce orthu leabhair Ghaeilge a léamh” freisin.

“D’éirigh thar barr leis ó shin. Ní hamháin gur bhain muid duais don aip is fearr ag an Fhéile na Meán Ceilteach i mbliana, ach mhol cathaoirleach an choiste gur cheart go mbeadh a leithéid ann sna tíortha Ceilteacha eile. Tá muid an-sásta le líon na n-úsáideoirí atá bainte amach againn go dtí seo – suas le 1138 hits gach lá.

“Tá cumas na léitheoireachta ag go leor daoine le Gaeilge, ach ní léann an chuid is mó acu leabhair i nGaeilge. Seans go smaoiníonn siad nach bhfuil leabhair i nGaeilge suimiúil go leor. Ach, taispeánann na ceithre leabhar ar www.leighlinn.com go bhfuil a mhalairt ar fad fíor,” a dúirt Declan McGrath, stiúrthóir an tsuímh.

Dúirt sé gur roghnaíodh na ceithre leabhar toisc iad a bheith “bríomhar, barrúil, cliste” agus go raibh na scéalta chomh tarraingteach céanna le rud ar bith atá ar fáil i mBéarla.

Tá Léigh Linn ag iarraidh cur le líon na leabhar atá ar fáil le linn 2017 agus “leabhar nua gach cúpla mí” a chur leis an aip, dar le McGrath.

“Táimid ag iarraidh níos mó a chur leis an bhliain seo chugainn ach braitheann sé sin ar go leor rudaí. Táimid ag iarraidh leabhair a bheadh soléite agus chomh maith le haon leabhar Béarla. Phioc muid leabhair atá go maith le léamh, agus an uair seo bhí Alan Titley ag iarraidh leabhar a bhí ábhairín níos dúshlánaí. Sin an fáth ar roghnaíodh Dracula.

“Tá an scannán feicthe ag gach aon duine, agus mar sin tá a fhios ag daoine céard é an scéal agus cabhraíonn sé sin. Nuair a bhí Léigh Linn á fhorbairt againn, cuireadh ceist ar dhaoine ‘cén sórt leabhair a léann tú i nGaeilge’ ach fuair muid amach nach léitear mórán i nGaeilge ar chor ar bith!” a dúirt McGrath.