Óráid Uachtarán na hÉireann ag Cóisir Gaeilge Áras an Uachtaráin…

Ag Cóisir na Gaeilge in Áras an Uachtaráin inniu, labhair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, faoi chás na teanga. Seo leagan ciorraithe dá óráid…

Quote micheal D

A Theachtaí Dála,  a Chomhairleoirí agus a Chairde Gael…

Ar an gcéad dul síos, ar mo shon féin agus ar son Shaidhbhín, is mian liom fíorchaoin fáilte a fhearadh romhaibh ar fad chuig Áras an Uachtaráin tráthnóna. Tá áthas orm go raibh an oiread seo de phobal na Gaeilge in ann a bheith linn inniu don chóisir seo. Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an teach, as na gairdíní, as an mbeatha, as an tsiamsaíocht agus as an gcomhluadar.

Is mór an pléisiúr dom an oiread seo daoine a fheiceáil, bailithe le  chéile ag ceiliúradh ról ár dteanga i mbunú ár stáit agus sa lá atá inniu ann. Agus tá sibh tagtha, ní hamháin ó cheann ceann na tíre ach ón iasacht chomh maith, agus baill de chraobh Chonradh na Gaeilge Ghlaschú, agus Chraobh na nAingeal i Los Angeles anseo linn. Tá fáilte romhaibh abhaile.

Agus tá sibh tagtha agus polaiteoirí, aisteoirí, riarthóirí, imreoirí spóirt, iriseoirí, múinteoirí, státseirbhísigh, scoláirí agus ceoltóirí in bhur measc. Tá sibh bailithe ón earnáil phríobháideach, an earnáil dheonach agus an státchóras. Tá roinnt agaibh tagtha ón nGaeltacht agus cuid eile agaibh ón nGalltacht.

Tá cuid agaibh ar bheagán Gaeilge agus cuid eile líofa ar fad. Ach tá sibh ar fad mar an gcéanna sa mhéid is go bhfuil sibh báúil dár dteanga dhúchais agus go bhfuil sibh ar fad, in bhur slite difriúla, ag déanamh iarrachta ar son na teanga, chun í a chaomhnú agus a chothú agus chun an grá atá agaibh di a roinnt leis an bpobal mór.

Agus caithfimid cuimhneamh nach bhfuil anseo inniu ach cuid bheag de phobal i bhfad níos leithne atá ag úsáid a gcuid Gaeilge lá i ndiaidh lae, agus trína ndea-shampla agus a gceannasaíocht, ag cinntiú go mbeidh an teanga slán agus tréan don ghlúin atá le teacht.

An smaoineamh a bhí agam maidir leis an gcóisir seo a reáchtáil ná seans a thabhairt dúinn bhur n-iarrachtaí  a aithint agus a cheiliúradh. Agus, dar ndóigh, taitneamh a bhaint as an tsiamsaíocht iontach atá curtha ar fáil i dtimpeallacht ghalánta an Árais.

Bhí an rún agam féin i mbliana, agus muid ag déanamh comóraidh ar Éirí Amach na Cásca 1916, béim ar leith a leagan ar an nGaeilge agus ar úsáid na Gaeilge, chun aitheantas a thabhairt don ról lárnach a bhí ag an teanga agus ag athbheochan na teanga i bhfís na réabhlóidithe céad bliain ó shin. Chomh maith leis sin, bhíos ag iarradh deis a thabhairt dúinn uile beagáinín machnaimh a dhéanamh ar an áit ina bhfuilimid leis an teanga, céad bliain i ndiaidh an Éirí Amach.

Mar chuid den chur chuige seo, bhí deis agam freastal ar roinnt mhaith ócáidí ina raibh an Ghaeilge mar chuid lárnach díobh. Labhraíos faoi ról na teanga agus athnuachan na teanga sa ghlúin réabhlóideach agus fillfidh mé ar an ábhar sin ar ball.  Bhí deis agam chomh maith machnamh a dhéanamh ar staid na teanga sa lá atá inniu ann agus na rudaí dearfacha agus diúltacha atá ina luí uirthi.

I mí na Bealtaine bhíomar ag ceiliúradh le chéile saibhreas na cumarsáide trí mheán na Gaeilge ag Oíche Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mBóthar na Trá. Tugann sé an-sásamh dom an t-ardchaighdeán atá á bhaint amach ag TG4, Raidió na Gaeltachta, RTÉ, BBC agus na stáisiúin raidió eile ina gcraoltóireacht i nGaeilge. I rith na bliana comórtha seo, mar shampla, níl dabht ar bith agam ach go raibh na cláracha is fearr ar an Éirí Amach craolta trí mheán na Gaeilge.

Bhí an-lá againn i mBaile Bhuirne agus i gCúil Aodha ag Comórtas Peile na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, i dteannta le hAogán Uí Fearghaíl, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus Mícheál Ó Muircheartaigh. Táid beirt linn inniu agus cuirim fáilte rompu. Comórtas iontach a bhí ann agus do chuir sé gliondar ar mo chroí an méid daoine óga a bhí ann ag baint taitnimh as an saol agus as a gcluichí dúchais trí mheán na Gaeilge.

Tugaim cuairt go minic ar ghaelscoileanna fud fad na tíre. Ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil borradh chomh mór sin tagtha ar líon na nGaelscoileanna nuair a fheiceann tú cé chomh héasca is a théann páistí óga i ngleic leis an teanga. Tuigimid uile na buntáistí a théann leis an ilteangachas agus tá méadú ollmhór tagtha ar líon na dtuismitheoirí atá ag lorg bhua an dátheangachais, ar a laghad, dá bpáistí.

Is léir go bhfuil éileamh anois ar bhreis meánscoileanna chun go mbeidh deis ag na daltaí bunscoile seo leanacht leo lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus is ceart agus is cóir go mbeadh an deis sin acu.  Tá a fhios agam go bhfuil feachtais ar bun le hiarbhunscoileanna Gaeilge a bhunú i bPort Laoise, i mBaile an Chollaigh, Corcaigh; i mBaile Átha Cliath 15,  i gCill Dara Thuaidh; i gConamara; i Sligeach agus i dTuaisceart Chathair Chorcaí.

Tuigim go bhfuil fadhbanna fós acu siúd atá ag déanamh gach iarracht scoileanna a bhunú chun an t-éileamh seo a shásamh. Tá an cheist chéanna pléite agam leis an Taoiseach le déanaí, agus d’fhiosraigh mé an bhfuil slite chun na bacanna seo a bhaint ó iarrachtaí phobail éagsúla meánscolaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cé nach bhfuil ról agam féin i gcúrsaí polasaithe oideachais, déarfainn gur easnamh faoi leith é murar féidir leis an Stát oideachas a chur ar fáil trí theanga oifigiúil na tíre.

Níos luaithe sa bhliain labhraíos le coimisinéirí teanga ó thíortha éagsúla ag seimineár a reáchtáladh in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i nGaillimhe.

Tá go leor le foghlaim againn ón gcur chuige atá i bhfeidhm i dtíortha eile chun a dteangacha a chaomhnú nó chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí stáit.  Tá sé ag cur as dom le blianta fada go bhfuil easpa éigin inár státchóras maidir le sofheictheacht na Gaeilge ag na leibhéil is airde. Ó na ranna Rialtais éagsúla agus i measc ardfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil agus na n-eagras Stáit is annamh a chloistear an Ghaeilge agus dar liom féin tá fadhb chultúrtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an cheannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint, agus ar chóir dóibh a thaispeáint.

Ní hé nach bhfuil buanna áirithe againn maidir leis an nGaeilge nach bhfuil ag roinnt teangacha eile.

Úsáideann saineolaithe teanga slata tomhais éagsúla chun rath teanga a mheas, ina measc an tacaíocht stáit agus an tacaíocht phobail a thugtar di.  Tá an t-ádh orainn anseo in Éirinn go bhfuil an dá chritéar seo le sonrú i gcás na Gaeilge. Sa Stát seo, ag eascairt óna stádas bunreachtúil mar theanga náisiúnta agus oifigiúil, tá cosaint tugtha don Ghaeilge san iliomad reachtaíochta a achtaíodh thar na mblianta, agus tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ach go háirithe, mar chrann taca láidir aici.  Ach mar is eol dúinn, ní hionann an dlí agus an dea-thoil agus ceapaim go bhfuil ceisteanna dáiríre le cur maidir leis an easpa dea-thola i réimsí áirithe den státchóras.

Don chuid eile den bhliain táim chun m’aird a choimeád ar chúrsaí Gaeilge agus tuilleadh plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na dúshláin atá romhainn maidir leis an teanga.

Ag breathnú siar ar an gcéad bliain ón am a raibh an ghlúin réabhlóideach ag plé cúrsaí teanga, is léir go bhfuil roinnt mhaith bainte amach againn i rith na tréimhse sin. Níl a fhios agam an raibh ‘Garden Parties’ ag an Lord Lieutenant Lord Wimborne le linn shamhradh 1916 ach gach seans go gcuirfeadh sé scanradh air dá gceapfadh sé, céad bliain níos déanaí, go mbeadh Uachtarán na hÉireann ag reáchtáil cóisire, i nGaeilge, ina ghairdín féin.

I mbliana, thar bhliain ar bith eile, agus muid ag comóradh agus ag ceiliúradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916, tá cúis mhórtais agaibh ar fad. Bhí athbheochan na Gaeilge ina príomhaidhm ag ceannairí an Éirí Amach. Bhí cúigear den seachtar a shínigh an Forógra gníomhach i gConradh na Gaeilge agus bhí cuid mhór den idéal a bhí acu d’Éirinn bunaithe ar fhís d’Éirinn neamhspleách a mbeadh a teanga labhartha agus scríofa féin aici, nithe a bheadh mar bhunchlocha dá cultúr.

Smaoiním go háirithe ar Sheán Mac Diarmada, agus litir  a scríobh sé chuig a dheirfiúracha agus a dheartháireacha ag impí orthu an Ghaeilge a mhúineadh dá bpáistí.

“Tell them how I struck out for myself and counsel them to always practice truth, honesty, straightforwardness in all things and sobriety. If they do this and   remember their country, they will be alright. Insist on their learning the language and history…”

Is fiú an cheist a chur, má táimid le bheith macánta, an botún a bhí ann iarracht a dhéanamh an Béarla a dhíbirt ar fad agus an Ghaeilge a chur ina áit? An ndearna an cur chuige sin níos mó dochair dár n-iarrachtaí Gaeilge a spreagadh go forleathan i sochaí a bhí tugtha go mór don Bhéarla? Agus is fiú go mór go gcuirfimis na ceisteanna seo orainn féin. Tá dúshlán romhainn anois daoine a mhealladh chuig an nGaeilge.

Caithfimid ár seanslite a cheistiú agus teacht ar shlite agus ar mhodhanna nua chun ár ngrá don teanga a scaipeadh agus an tuiscint atá againn faoina luach dár dtír agus dár sochaí a spreagadh go forleathan.

Is fúinne an fhreagracht seo a ghlacadh, mar a ghlac an Craoibhín agus a chomhghleacaithe freagracht orthu féin ag deireadh an naoú haois déag.  Fúinn atá sé fís an dátheangachais, nó an ilteangachais a fhíorú inár saol laethúil, mar atá sibhse ag déanamh in bhur slite éagsúla. Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom tréaslú libh agus buíochas ó chroí a ghabháil libh dá bharr.

Mar fhocal scoir, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd a chuidigh linn chun an chóisir seo a reáchtáil.

Tá ár bhfoireann féin san Áras tar éis tabhairt faoi ranganna Gaeilge le cúpla mí anuas chun a bheith réidh don lá inniu. Molaim iad agus táim buíoch as an obair ar fad atá déanta acu, idir an bia ar fad a réiteach agus a bheith anseo chun fáilte a chur romhaibh.

Agus, ar deireadh, ba mhaith liom ár mbuíochais chroíúil a ghabháil libhse, as teacht inniu agus as an méid atá déanta, agus atá á dhéanamh agaibh ar son na teanga. Tá neart againn le bheith mórtasach faoi, ó spreagadh na Gaeilge sa Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste, go hoscailt an dara meánscoil ó thuaidh anuraidh; ó dhul chun cinn TG4 go fás ollmhór san éileamh ar scolaíocht trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre.  Ó na mílte déagóir atá ag freastal ar choláistí samhraidh faoi láthair chuig an meon dearfach atá de shíor á léiriú ag an bpobal ginearálta i leith na teanga.

Is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra romhainn maidir leis an nGaeilge ach tá neart ábhar misnigh againn ina dteannta.  Tá sé fíorthábhachtach go leanfadh sibh oraibh ag taispeáint ceannasaíochta in bhur saol chun spreagadh a thabhairt dá chéile agus do dhaoine eile an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a úsáid…