‘Onóir’ a bhí ann do Robbie Henshaw an Ghaeilge ‘a thógáil as an locker’ sa Nua-Shéalainn

Níor labhair Henshaw Gaeilge le tamall fada agus deir sé go raibh sé ábhairín neirbhíseach faoin óráid Ghaeilge a thug sé uaidh ag searmanas fáiltithe traidisiúnta a cuireadh i láthair na Leon sa Nua-Shéalainn

‘Onóir’ a bhí ann do Robbie Henshaw an Ghaeilge ‘a thógáil as an locker’ sa Nua-Shéalainn

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

“Onóir” a bhí ann do Robbie Henshaw a ‘leabhar Gaeilge’ a thógáil amach den chéad uair le deich mbliana anuas agus an teanga a úsáid in óráid a thug sé uaidh ag ócáid a bhí ar siúl sa Nua-Shéalainn inar chuir lucht Māori fáilte roimh Leoin na Breataine agus na hÉireann.

Cuireadh fáilte oifigiúil roimh na Leoin maidin Dé Domhnaigh ag ócáid i láthair stairiúil ag ar shínigh ceannairí na Māori agus lucht na Breataine conradh Waitangi in 1840.

Mar chuid den ócáid chuir lucht Maori pōwhiri, searmanas fáiltithe traidisiúnta ina mbíonn damhsa, amhráin agus óráidí, i láthair na Leon.

Mar chuid de chur i láthair na Leon do na Māori, labhair Robbie Henshaw i nGaeilge.

“Dia dhuit gach duine. Is mise Riobárd agus tá mé i mo chónaí san Iarmhí in Éirinn. Tá mé anseo inniu ag caint as Gaeilge ar son fhoireann na Leon agus ar son fhoireann na hÉireann.

“Ba mhaith liom a rá gur tír álainn, [atá] ar fheabhas í an Nua-Shéalainn. Tá áthas an domhain orainn a bheith anseo inniu. Go raibh míle maith agaibh, go raibh míle maith agaibh,” a dúirt fear na hIarmhí.

Dúirt sé i ndiaidh na hócáide gur “onóir” a bhí ann dó an Ghaeilge a úsáid ina óráid agus nach raibh súil ar bith aige gur ghá dó an Ghaeilge “a thógáil as an locker” agus a thabhairt leis go dtí an Nua-Shéalainn agus gan mórán de feicthe aige le deich mbliana anuas.

“Níor labhair mé Gaeilge le tamall fada. D’airigh mé faoi bheagán brú roimh ré agus bhí mé ábhairín neirbhíseach faoi athshealbhú na teanga agus, ar ndóigh, faoi mo bhlas a fháil ar ais. Bhí sé deacair go maith,” a dúirt sé.

Fuair sé cúnamh óna dheirfiúr Ali, ar múinteoir í atá ina cónaí in Dubai ach dúirt sé gurbh é féin a chum an óráid den chuid is mó.

“Bhí beagán cúnaimh agam sa bhaile, ón teaghlach. Is múinteoir í mo dheirfiúr agus tá Gaeilge réasúnta líofa aici dá bharr. Thug sí cúnamh dom barr feabhais a chur ar [a chuidse Gaeilge]. Bhí sé go maith, agus mo chuid oibre féin den chuid is mó a bhí ann,” a dúirt sé.

Roimh thuras na Leon, mhínigh a mbainisteoir, Warren Gatland, arb as an Nua-Shéalainn é féin, gurb é an t-údar leis an gcur i láthair cultúir seo ná go gceapann sé nach dtuigeann foirne cultúr na Nua-Shéalainne agus go bhfuil an easpa tuisceana sin ar cheann de na cúiseanna a dteipeann ar fhoirne an ceann is fearr a fháil ar na All-Blacks. 

“Is é an rud nach dtuigeann daoine ná go dtéann foirne go dtí an Nua-Shéalainn agus ní bhíonn siad ullamh don dúshlán cultúrtha,” a deir sé. Is é an t-údar atá agam leis sin ná, go háirithe in 2011 (ag Corn an Domhain), chuaigh foirne ann agus ní raibh siad réidh, ó thaobh an chultúir de, don dúshlán a bhí rompu.

“Má thuigeann muid ár gcéilí comhraic nuair a théann muid ann agus má bhíonn muid ullamh, má bhíonn tuiscint níos fearr againn ar an bhfreasúra, is ea is fearr é… Roimhe seo, théadh daoine ann agus ní bhíodh siad ullmhaithe a ndóthain ó thaobh na gné sin de,” a deir Gatland.

Chaill na Leoin inné an dara cluiche a bhí acu ar a dturas chun na Nua-Shéalainne nuair a fuair na Auckland Blues an ceann is fearr orthu, 22-16.