Olltoghchán 2016: Seachain na téarmaí agus na coinníollacha…

Ní foláir MÁ a chur roimh gach faoiseamh agus feabhas atá geallta go tiubh le coicís anuas

Toghchán Strap

Tick Box

Tá na geallúintí á moladh, á gcáineadh agus á gcíoradh fós. Táimid ag dul i dtaithí ar an athrú aisteach atá tagtha ar na ráitis ó bhéal na bpolaiteoirí.

Dá ndéarfadh duine ar bith leat in 2011 go mbeadh na príomhpháirtithe chomh flaithiúil is atá agus go mbeadh tairiscintí chomh mealltach sin á gcur os ár gcomhair acu in 2016, shílfeá go raibh easpa céille ar a laghad ag cur as don chréatúr.

Ach anois teacht an earraigh, tá fás an gheilleagair ag dul chun síneadh. Tá lucht faire phlean ‘tarrthála’ an AE agus an IMF bailithe leo abhaile. Níl aon ábhar imní anois againn mar sin. Bhuel níl aon ábhar imní againn ach an baol go dtitfeadh an tóin as na bainc agus/nó as an margadh idirnáisiúnta airgeadais. D’fhéadfadh sé seo tarlú ar chúiseanna éagsúla:

* dá ngéarófaí ar an gcogaíocht sa Mheánoirthear, nó dá dtosódh cogadh idir thíortha eile, mar shampla idir an Rúis agus an Tuirc

* dá n-ardófaí praghas na hola ón bpraghas fíor-íseal atá ann faoi láthair

* dá vótálfadh an Ríocht Aontaithe i bhfabhar aistharraingt ón AE (bhainfí croitheadh as cuimse as geilleagar na hÉireann)

* dá ndéanfadh géarchéim na dteifeach aontacht agus stiúir an AE a scrios

* dá dtiocfadh géarchéim eile chugainn gan choinne a chuirfeadh ó mhaith gach plean, gabh mo leithscéal, gach aisling, ó thaobh na heacnamaíochta de

Is beag cur síos a rinneadh i bhforógraí galánta na bpáirtithe ar an dainséar atá luaite thuas.

Ní mór an fonn atá ar a n-urlabhraithe iad a phlé seachas a chur i gcuimhne dúinn go bhfuil cistí práinne beartaithe acu – €2.5 billiún i gcás Fhine Gael, mar shampla, nó €1.5 billiún i gcás Fhianna Fáil. Ach theastódh i bhfad níos mó chun déileáil leis an gcineál práinn a spreagfadh leithéid na dtubaistí atá sonraithe thuas.

Glacann gach páirtí leis go mbeidh an chéad rialtas eile ábalta thart ar €8 billiún breise a chaitheamh, gan aon cháin a ardú, idir seo agus 2021. Tá neamhaird déanta acu ar na foláirimh a thug eacnamaithe sa Chomhairle Fhioscach agus san ESRI agus sa Choimisiún Eorpach (agus i bhforais éagsúla eile). Mar a dúirt Michael Noonan Déardaoin:

“There are a lot of Chicken Licken economists who say the sky is always going to fall in. If you believe the sky is going to fall in you will be totally paralysed and you won’t do anything.”

Chuir caint an Aire Airgeadais caint cháiliúil an iarThaoisigh Bertie Ahern* i gcuimhne do scata daoine a casadh ar scríbhneoir an cholúin seo ó shin. Dúirt Ahern in 2007 go raibh sé tinn tuirseach de dhaoine (nár ainmnigh sé) a bhí de shíor ag clamhsán agus ag casaoid faoin ngeilleagar. Níor thuig sé cén fáth, a dúirt sé, nár chuireadar lámh ina mbás féin. Ghabh sé leithscéal an lá dar gcionn.

Ní hionann ar ndóigh an cruachás a bhí ag bagairt ar an tír an uair sin agus anois. Ach nuair a dhéanann an tAire Airgeadais beag-is-fiú dá bhfuil ráite ag eacnamaithe (nár ainmnigh seisean ach oiread) faoi chontúirt ar chóir do rialtas í a sheachaint, is léir an t-ábhar imní.

An chúis imní sin, i mbeagán focal? Tá fiacha €203 billiún ar an stát faoi láthair, agus €6 billiún á chaitheamh ag an rialtas ar íocaíochtaí úis i mbliana. Rachaidh fiacha na hÉireann i méid as seo go dtí 2021, ar a laghad, de réir mheastachán na Roinne Airgeadais.

Cuimhnigh arís ar an liosta tubaistí thuas, agus ar an dochar eacnamaíoch agus airgeadais a thiocfadh astu. An t-ardú a thiocfadh ar an ráta úis, mar shampla. Má thagann ardú a haon nó a dó faoin gcéad ar na rátaí úis a íocann an rialtas, ní €6 billiún ach suas le €7 billiún nó €8 billiún a bheadh á chaitheamh in aghaidh na bliana ar bhille úis an stáit.

Ní caiteachas breise ach a mhalairt a bheadh á fhógairt an uair sin ag Michael Noonan, nó Michael McGrath, nó Piaras Ó Dochartaigh.

Is féidir filleadh ar an ábhar seo i gceann seachtaine, nuair a bheidh deireadh le séasúr na ngeallúintí.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 * “Sitting on the sidelines, cribbing and moaning is a lost opportunity. I don’t know how people who engage in that don’t commit suicide” – Bertie Ahern,

Fág freagra ar 'Olltoghchán 2016: Seachain na téarmaí agus na coinníollacha…'