Ullmhúcháin ar siúl chun ábhar Ardteiste a dhéanamh den Mhandairínis

Forbróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúdú Ardteistiméireachta nuair a bheidh curaclam nua Mandairínise ullamh acu

Ullmhúcháin ar siúl chun ábhar Ardteiste a dhéanamh den Mhandairínis

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Beidh an Mhandairínis á teagasc ag leibhéal na hArdteiste faoi cheann deich mbliana.

De réir eolas nua a cuireadh ar fáil sa Dáil, tá an teanga Shíneach cheana féin ar an gceathrú teanga roghnach is mó a theagasctar ar chúrsaí idirbhliana agus í ar fáil in 86 scoil a bhfuil clár idirbhliana acu.

Is féidir le scoileanna cúrsa 100 uair an chloig i gCultúr agus i dTeanga na Síne a chur ar fáil mar chuid den Teastas Sóisearach i láthair na huaire, agus tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais, faoi Straitéis na dTeangacha Eachtracha, an Mhandairínis a thabhairt isteach mar ábhar Ardteiste.

Thug an tAire Oideachais, Richard Bruton, le fios sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil curaclam nua don Mhandairínis le forbairt ag an NCCA agus go mbeidh próiseas comhairliúcháin ann nuair a bheidh an curaclam sin réitithe.

Dúirt sé go bhforbróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúdú Ardteistiméireachta nuair a bheidh an curaclam nua faofa.

“Together with other measures, this will mean that all of our main target languages in our export strategies will now be provided as curricular Leaving Certificate subjects,” a dúirt Bruton.

Dúirt sé go mbeidh gá le “oiliúint chuí” do mhúinteoirí lena chinntiú go mbainfidh daltaí Ardteiste taitneamh as foghlaim na Mandairínise agus go bhfaighidh siad tuiscint ní hamháin ar an teanga ach ar chultúr na Síne freisin.

Thug sé le fios gur pléadh ceist na Mandairínise ag leibhéal na hArdteiste ag cruinnithe in Éirinn agus sa tSín féin le blianta beaga anuas, agus gur ag cruinniú i mí Lúnasa a pléadh an cheist go deireanach.

Fág freagra ar 'Ullmhúcháin ar siúl chun ábhar Ardteiste a dhéanamh den Mhandairínis'