Ó DHÚCHAS: “An Doineann…níor dhein sí pioc ar na gabhair”

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Agus Brian ar an mbealach, caithfimid súil siar ar Oíche na Gaoithe Móire

Ó DHÚCHAS: “An Doineann…níor dhein sí pioc ar na gabhair”

Oíche na Gaoithe Móire

Thit an rud seo amach i mí na Nollag. Deir na seandaoine gurbh í Oíche Nollag Beag 1839 a bhí ann. An oíche sin deirtear gur leag an ghaoth na tithe go léir i ngach áit. Chuir sé scanradh ar na daoine idir óg agus aosta. Fuair a lán de na seandaoine bás an oíche sin leis an scanradh, cois na tine ag éisteacht leis an ngaoth ghéar chrua a bhí ag séideadh mórthimpeall an tí. Bhí na daoine ag bailiú gach rud mórthimpeall chun an ghaoth a choimeád amach ach theip orthu.

Bhí báisteach agus toirneach measctha léi chun an scéal a dhéanamh níos measa. Leagadh na cruacha féir go léir a bhí san iothlainn, agus ní raibh aoinne ábalta pioc dá gcuid féir féin a dhéanamh amach. Leag sé na crainnte móra ó bhun go barr agus bhíodar sínte ar fud na mbóithre go léir, agus deirtear gur dhein sé sin athrú ar na coillte i ngach áit. D’fhág sé a lán de na daoine bochta stractha as a chéile mar bhí orthu a lán airgid a chaitheamh chun na tithe a chur suas arís agus ba é an scéal céanna leis an bhféar a cheannach i gcomhair na mbeithíoch.

Mharaigh sé a lán capaill bhreátha leis an scanradh a tháinig orthu. Níor stadadar den rith go dtí gur bhuail siad i gcoinne rud éigin agus chuir sin deireadh leo. Chuir a lán de na haibhneacha móra thar maoil, agus scuab siad a lán ainmhithe beaga leo, ach deirtear nár dhein sé pioc ar na gabhair.

An oíche sin leis leagadh teach feirmeora a bhí ina chónaí ina aonar san áit seo. Bhí loch mór ina aice an tí. Chuaigh an feirmeoir amach chun dul go dtí teach a chomharsan a bhí míle go leith slí uaidh. Bhí eagla air go scuabfaí isteach sa loch é agus is é an tslí inar chuaigh sé go dtí an teach eile ná greim a bheith aige ar thor luachra anseo agus ansiúd, agus é ina luí ar a bhrollach. Ar deireadh shroich sé teach a chomharsan tar éis a lán dua.

Cheap na feirmeoirí a bhí ina gcónaí timpeall seacht míle ón bhfarraige go raibh sé ag cur fearthainne agus cad a bhí ann ná sáile, sin uisce ón bhfarraige.

Bhí cruithneacht san iothlainn ag fear ó Leitir Uí Cheallaigh agus ar maidin lá arna mhárach fuarthas í in aice na hInse, sin timpeall dó dhéag míle ón áit seo.

Máire Ní Mhathgamhna

80 de bhlianta

Leitir Uí Cheallaigh

Sráid na Cathrach

Co an Chláir

Mícheál Ó hEaghráin

Scoil Leitir Uí Cheallaigh 

Sráid na Cathrach

Co an Chláir

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: “An Doineann…níor dhein sí pioc ar na gabhair”'