‘Nuair a bheidh Gaeil uile freagrach dá gcomh-mheanma tiocfaidh neart iontu lena slabhraí a chur díobh’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (29 Eanáir 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

claíomh ceart

2                                                                      An Claidheamh                                                 Márta 25,1916

Is iontach í

Meanma cine, meanma náisiúin, nach mór an ní í. Nach í a chorraíonn daoine agus treibheacha agus tíortha. Nach í a spreagann lucht lagmhisnigh agus a chrochann a gcroíthe agus a chuireann tógáil chinn orthu. Is í comh-mheanma an náisiúin an chumhacht is mó bhfuil sa náisiún. Is láidre agus is buaine í rialtas ná aon ghléas smachtaithe dá raibh ag rialtas riamh. Is comhfhad don chomh-mheanma agus don náisiún féin nach mór. Nuair a imíonn an chomh-mheanma ar ceal titeann an náisiún ar lár. Bhí Éire go minic ar lár; bhí comh-mheanma a muintire ar ceal. Tháinig sí dóibh arís. Tá anois acu. Tá ag borradh go tréan, agus tá an t-oideachas agus an saol Gaelach á cothú go breá. Misneach, a Ghaela! Tá an lá libh. Teannaigí go dlúth le chéile, aimsígí an namhaid go glic, go stuama. Ná cúlaígí uaidh. Bígí foighneach agus follúnach agus éireoidh libh. Is í bhur gcomh-mheanma atá do bhur ndlúthú agus do bhur láidriú. Cothaígí bhur gcomh-mheanma. Ná ligigí do chomh-mheanma na nGall greim a fháil oraibh.

Ar mhothaigh sibh chomh-mheanma na nGael Lá Fhéile Pádraig? An bhfaca sibh na comhshiúlta, agus na mílte ag caitheamh na seamróige? An tamall gearr a raibh an tseamróg nó bratán na Gaeilge in airde acu bhí an Galldachas á shéanadh acu bíodh is nach mbeidh cuimhne acu ar Éirinn go ceann bliana arís. Diaidh ar ndiaidh gheobhaidh an chomh-mheanma greim orthu. Ar chuala sibh an Ghaeilge sa teampall, na dánta diaga á gcanadh, agus an Paidrín á rá? Tá an teanga ag teacht ar ais, cé gur mall agus gur righin é a teacht. Tá an bóthar á dhéanamh réidh aici don chomh-mheanma. Tá greim ag comh-mheanma Gall ar Ghall-Ghaeil Éireann. Cuireann sí Gaelachas ar ceal agus chuirfeadh sí Éire ar lár ach go dtiocfadh an neart inti. Osclaímis ar n-intinn agus ár gcroí do chomh-mheanma Gael agus ligimis di ár n-aigne fann a spreagadh agus fuadar agus gluaiseacht a chur fúinn.

Is mór an ní sa domhan náisiún ar a boinn agus ina sláinte. Is mór an ní comhcheangal na meanman a spreagann a muintir go léir. Tá seasamh na sláinte ar an gcomhcheangal. Tá an comhcheangal á shníomh agus á shnaidhmeadh de réir a chéile ag an dream a bhfuil greim ag comh-mheanma Gael orthu. Is iad is mó a thaispeáin agus a ghéill don chomh-mheanma Lá na Féile. Is iad a rinne an slógadh. Is iad atá ag cothú na comh-mheanman ó cheann ceann na bliana, le léann is le hoideachas is le troid in aghaidh an Ghalldachais. Bhí suntas súl Éireann orthu Lá na Féile agus b’ábhar misnigh d’Éirinn uile iad. Níor fhéach siad leis an dá thaobh a fhreastal. Is d’Éirinn a thug siad onóir, agus d’Éirinn amháin. Nuair a bheidh Gaeil uile freagrach dá gcomh-mheanma tiocfaidh neart iontu lena slabhraí a chur díobh. Níl aon ábhar éadóchais anois acu. Tá an domhan mór ag tuar mífhortúin. Má féin níl scanradh orainn roimh an drochthuar; is amhlaidh a dhlúthaigh sé sinn. Ní raibh Gaeil chomh buacach groí aon Fhéile Pádraig le fada de bhlianta is a bhí i mbliana. Bhí a gcroí agus súil a gcroí sáite ina dtír féin.

In éineacht leis an gcomh-mheanma tá foghlaim agus ord agus críonnacht ag teacht orainn. Ní mór iad sin go léir do náisiún a thograíonn saoirse. Ní fiú sop tuí neart gan ord, ná eolas agus foghlaim gan chríonnacht. Cuireann comh-mheanma Ghall mearbhall ar Ghaeil a ghéilleann di. Fágann sí gan ord, gan chríonnacht iad. Fágann sí ina mbád gan stiúir iad. Is iontach í comh-mheanma náisiúin chun scriosta nó chun leasa.

Darach

Comhrá Dí

Caithfidh cúrsaí suilt agus comhrá dlí a bheith sa Chlaidheamh Soluis leis. Bíonn, uaireanta, i ngan a fhios don té a scríobhann. N’fheadar áfach, an mar sin atá, i gcás an údair léannta a scríobh an aiste “Let us Save the Language,” i gClaidheamh na seachtaine (seo caite). Más mar dhreas beag magaidh a cheap sé an chaint tá ceart go leor ina shlí féin. Más lom dáiríre atá súil agam nach dtógfaidh sé orm má deirim go mbeidh daoine nach bhféadfaidh gan sult a dhéanamh den scéal ar léamh chuid den chaint dóibh. “Let us save the langauge,” dar ndóigh. (Let us also free Ireland, a deirimse.) “Set up another Board (of Education) even against the will of the British Government.” “No teacher to be appointed to a National school without the same qualification in Irish as in any other subject.”

“If the people want the language, and, of course, they do, and if they demand the langauge, is the National Board going to stand between the people of Ireland and their own language.”

Caint bhreá ardmheanmnach! Ní an Éire a cheapann Fr. Fullerton a bheith ann atá againn, áfach!

“A couple of years ago,” ar seisean, “I tried to get the Coiste Gnó to move, but nobody seemed to mind. I tried to get them to go to the heart of the question and finish the Gaelic League’s work once and for all and immediately, but that was the beginning and the end of it. I wanted them to try and capture the National Schools.”

Nach breá bog atá agat, a athair, a chroí. Ní hionann an Coiste Gnó s’againne agus arm an Kaiser, faraor.

raibh sé ceart, dar leis an Athair Fullerton troid chomh mór sin a dhéanamh i dtaobh na hollscoile!

Níl sé ceart ach oiread sinn féin a bhodhrú i dtaobh na Gaeltachta!

fiú bacadh leis na Craobhacha ná leis na Timirí!

Níl aon ní ceart dar leis ach a bheith ag iarraidh Bord an Oideachais Náisiúnta a chasadh ar thaobh na Gaeilge, is é sin a bheith ag súil go ndéanfaidh lucht feidhme Rialtas Shasana obair ar mhaithe le náisiúntacht na hÉireann nach ndéanfaidh formhór na nEaspag ná na sagairt ná na daoine. Fastaím!

An gcreideann éinne gur féidir é sin a dhéanamh go dtí go mbíonn Rialtas Gael in Éirinn. Agus b’fhéidir ansin go mbeadh an Ghaeilge marbh dá leanfaí comhairle Fr Fullerton is gan bacadh leis an nGaeltacht ach an obair a dhéanamh lasmuigh di.

Más fíor é seo: “The Coiste Gnó seem to be unable to withdraw their gaze from the Gaeltacht” is maith an scéal é. Tá siad ar an tslí cheart agus is mithid é. Ní féidir giorria a chur as an tor nach mbíonn sé is ní féidir an Ghaeilge a shábháil ná í a mharú ach amháin sna háiteanna a bhfuil sí ina gnáth-theanga ag na daoine.

Seanchonraitheoir