‘Níl na hacmhainní againn ár ndualgais teanga a chur i bhfeidhm’ – Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe le fios don Choimisinéir Teanga nach raibh ar a cumas cloí lena dualgais reachtúla teanga ‘de bharr ualach oibre agus laghdú acmhainní’

An ád mór "An Capall" ar a bhealach amach go Cuan na Gaillimhe agus an rás
Radharc ar chathair na Gaillimhe ó Chuan na Gaillimhe

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a d’fhógair stádas dátheangach don Ghaillimh níos túisce i mbliana, le fios don Choimisinéir Teanga nach raibh dóthain acmhainní acu chun a ndualgais reachtúla teanga a chomhlíonadh.

Mhaígh an Chomhairle go raibh na gealltanais ina scéim teanga “an-sonrach agus go raibh siad insroichte tráth a gcomhaontaithe” ach go raibh “laghdaithe ar a cumas cloí leis an scéim de bharr ualach oibre agus laghdú acmhainní”.

Chinn an Coimisinéir Teanga imscrúdú a dhéanamh anuraidh maidir le teip na Comhairle codanna dá scéim teanga a chur i bhfeidhm.

Mar fhreagra ar chinneadh an Choimisinéara gur sháraigh an Chomhairle Cathrach an dualgas reachtúil teanga atá uirthi, tugadh le fios nach raibh Oifigeach Gaeilge ag an gComhairle “chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar chur chun cinn” na scéime teanga acu.

Thug lucht na Comhairle le fios go raibh “iarrtha arís agus arís eile” acu ar an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cead a thabhairt dóibh duine a earcú don phost mar Oifigeach Gaeilge lánaimseartha.

Tá Oifigeach Gaeilge ceaptha ó shin ag an gComhairle.

Le linn an imscrúdaithe, ghéill an Chomhairle nach raibh codanna dá scéim teanga á gcur i bhfeidhm acu agus deirtear i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga go bhfuil iarrachtaí ar bun faoi láthair an scéal a chur ina cheart.

Deirtear i dtuarascáil an Choimisinéara nach raibh na geallúintí ar fad a bhí tugtha ag an gComhairle curtha i bhfeidhm faoin am a cuireadh deireadh leis an imscrúdú ach go raibh “socrú sásúil molta” ag an gComhairle le cinntiú go ndéanfaí amhlaidh.

Sa tuarascáil tagraítear don stádas a shamhlaítear coitianta leis an nGaeilge i gcathair na Gaillimhe.

“Go deimhin, bhí go traidisiúnta agus tá go fóill an Ghaeilge aitheanta go láidir le Cathair na Gaillimhe. Tá ceantar Gaeltachta mar chuid de cheantar feidhme an údaráis áitiúil agus tá an ceantar Gaeltachta is mó sa tír ag luí ar thairseach na cathrach.

“Tá iarrachtaí móra ar siúl sa chathair le stádas agus úsáid na Gaeilge a neartú inti agus tá an Chomhairle Cathrach féin bainteach le cuid de na hiarrachtaí sin. Láidrigh an méid sin tuilleadh fós an riachtanas go bhféachfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe chuige go gcuirfí gach a raibh geallta sa scéim teanga i bhfeidhm go huile agus go hiomlán, gan trácht ar an dualgas reachtúil go ndéanfaí sin.”

Ba í “fírinne an scéil”, áfach, ná gur theip ar an gComhairle a scéim teanga féin a chur i bhfeidhm.

 

 

Fág freagra ar '‘Níl na hacmhainní againn ár ndualgais teanga a chur i bhfeidhm’ – Comhairle Cathrach na Gaillimhe'

  • Deasún ÓSeanáin

    Bhuail mé le cúpla turasóirí as Paris sa tóir ar an musaeum sa sráid cúpla lá ó shin anseo i nGaillimh agus ní raibh go leor Bearla acu. Tá cúpla focail Fraincise agam ‘bonjour’ ‘Premiére visité en Irlande?’ agus mar sin ó mo laethe ar scoil fadó. Agus chuir mé caint orthu sa bhFraincís bhriste agus bhí siadsan an-sásta le sin.
    Níl raibh na daoine atá ag obair san NDLS (Oifig Ceadúnas Tiomántais) ag na deascanna seirbhise focail amháin a rá liom as Gaeilge. Níor stop mé ag éilimh seirbhis trí Ghaeilge. Dúirt an príomhoifigeach liom nach raibh dualgais acu é sin a dhéanamh-dhiúltaigh imeacht agus tar éis leathuair fuair siad teangaire!! Tharla an rud cénna liom sa Halla na Cathrach de bharr nach raibh mé toilteannach Béarla a labhairt. CATHAIR DHÁTHEANGACH?

    • Fearn

      maith an fear.

  • Fearn

    ‘Níl na hacmhainní againn ár ndualgais teanga a chur i bhfeidhm’ – Comhairle Cathrach na Gaillimhe?

    An bhfuill na hacmhainní acu an teanga ( nach bhfuil dualgais orthu) a chur i bhfeidhm ?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is léiriú é seo nach bhfuil sa stádas ‘Cathair Dhátheangach’ ach cuid eile den chur i gcéill, faraíor.

    • Críostóir Ó Faoláin

      Cuir i gcéill nó uirlis le chur ina luí ar na húdaráis nach mór dóibh breis seirbhísí a chur ar fáil?

  • Críostóir

    Ní leor é a rá nach bhfuil na hacmhainní ag an gcomhairle. Tá le foireann dátheangach. Níl sé proifisiúnta ná ceart an ualach oibre Gaeilge a bhrú ar oifigeach amháin Gaeilge.

    Tá gá le polasaí earcaíochta ag teastáil ina a fhostaítear scata mór oibrithe leis an dá theanga. Mura ndéantar é seo- ní bheidh na “hacmhainní” acu ariamh.