Níl mé bródúil as ach, lá den saol, agus mé beo bocht mar mhac léinn, rinne mé pornó…

Chuir na scéalta ar na meáin Ghaeilge faoin gcéad iris phornagrafaíochta ar aistear samhlaíochta ár gcolúnaí…

Pól star

Eagla a bhí orm nuair a chonaic mé an mhír ar Tuairisc.ie go raibh iris phornó anois le fáil i nGaeilge go raibh mo rún scaoilte – go bhfaigheadh daoine amach gur mé Pole O’Pumpedup, pornréalta.

Tá sé chomh maith agam é a admháil anois. Níl a fhios agam cá fhad eile go mbeidh mé in ann an rún a choinneáil laethanta seo Wikileaks agus eile. Níl mé bródúil as an saol ceilte a bhí agam ach, lá den saol, agus mé beo bocht mar mhac léinn, rinne mé pornó.

Is beag seans go mbeidh mo phornscannán feicthe agat nó is ar VHS amháin a bhí sé le fáil. (Sea, tá mé chomh sean sin.) Criú scannáin as an tSeapáin a bhí i mBéal Feirste agus iad ar lorg ‘aisteoirí’ le páirt a ghlacadh i scannán faoin chathair.

Bhí spéis agam féin san aisteoireacht an t-am sin agus shíl mé gur sórt ‘art house movie’ a bhí le bheith ann. Níl Seapáinis agam agus níor thuig mé teideal an scannáin mar ba cheart: Pole O’Pumpedup – Beo i mBod Feirste a bhí air.

Go bunúsach, is scéal é faoi mhac léinn sa Tuaisceart le linn na dTrioblóidí. Tugann an t-ábhar bolscaireachta buille faoi thuairim – nó bod faoi thuairim – duit faoin phlota: “Tá buachaill as Bod Feirste réidh leis an RPG idir a chosa a scaoileadh saor agus a chairde a líonadh le sementex nó go bpléascann siad le pléisiúr.”

Maith go leor, b’fhéidir nach é an píosa scríbhneoireachta is fearr amuigh é ach bhí cuspóir dáiríre leis an scéal. Mar shampla, castar foot patrol de sheisear bansaighdiúirí de chuid arm na Breataine orm agus baineann siad mo chuid éadaí díom agus tugann siad íde na muc agus na madadh do mo cholainn lomnocht (iontach!) óg ar shráideanna iarthar Bhéal Feirste.

Ach sin an t-am a chuireann muid tús le próiseas na síochána dár gcuid féin le gangbhang le linn Feelie an Phobail.

Agus muid seachtar ag bualadh craicinn arís agus arís – agus arís!!! – eile; is mó gur summer of love é ná radharc brúidiúil d’arm eachtrannach bheith ag déanamh cos ar bolg ar Ghael bocht. (Bíodh is go bhfuil radharc de chos ar bolg agus cíoch ar bolg agus tóin ar bolg ann fosta!)

Aimsíonn muid ár ndaonnacht féin sa deireadh agus muid saor ó éadaí.

Tuigimse, a luaithe agus a chuireann na bansaighdiúirí a gcuid smachtíní i leataobh gur cairde craicinn muid. Nochtann siad an Bhreatain rúnda sin dá mbrollach dom agus léiríonn muid go dtig linn ionradh de chineál éigin eile a dhéanamh, ionradh gan ionsaí, ionradh an ghrá, go dtig linn ár muinín a chur i gcumarsáid na collaíochta.

I ndáiríre, is mír an-chorraitheach agus an-lárnach sa scannán í an mhír sin agus muid ag dí-armáil a chéile lenár dteangacha.

Tá radharcanna eile ann ina mbíonn an lámh in uachtar (agus an béal in íseal) ag an chollaíocht ar an seicteachas fosta.

Tugaim pléisiúr do gach duine a chastar orm.

Is cuma liomsa Caitliceach, Protastúnach nó Easaontóir í. Tugaim pléisiúr do dhaoine ar bhonn trasphobail agus ar bhonn uile-Éireann. Ní shéanaim an claíomh sonais ar dhuine ar bith ná in áit ar bith.

Sin mé le bean de chuid an Oird Bhuí, ár mbaill ghiniúna ag cur aithne ar a chéile ar an 12 de mhí Iúil, ár ngéaga lúbtha i ngrá le chéile.

A fhad agus atá na Lambegs ag scaoileadh buillí fuatha chun na spéire, scaoileann muidne muid féin chun na spéire; tugann muid cúl ár gcinn agus ár dtóineanna leis an ord agus glacann chugainn féin anord na colainne, saor ó smacht, saor ó rialacha.

Círéib phearsanta colainne a bhíonn ar siúl againn, círéib a fhágann spíonta muid ach a nascann le chéile muid fosta. Ní dhéantar dochar do rud ar bith ach amháin do bhuidéal mór baby oil. Bhainfeadh an radharc álainn seo deoir as cloch, chomh híogair agus atá an teachtaireacht ann, chomh bendy agus atá mise agus mo leannán beag buí ar bhruacha na Banna.

Agus sin an teachtaireacht atá taobh thiar den scannán i ndáiríre – go bhfuil muid uilig nocht faoi na héadaí a chaitheann muid; go santaíonn muid uilig a chéile; gur fearr géilleadh don ghnéas ná seasamh leis an seicteachas.

(Idir na radharcanna iontacha craicinn, bíonn radharcanna eile díom agus mé ag streachailt leis an tSean-Ghaeilge. Taitníonn na radharcanna sin go mór leis an lucht féachana fosta nó léiríonn siad gur intleachtaí mé, chomh maith le bheith i mo stail gan sárú.)

Is míle trua gur thit an tóin as an chomhlacht a léirigh an scannán agus gur cailleadh na cóipeanna ar fad – beagnach.

Seans go bhfuil seanchóip faoi cheilt sa chófra agam féin má tá spéis ag duine ar bith in TG4 ann? Ní bheadh sé doiligh a aistriú go Gaeilge.

Fág freagra ar 'Níl mé bródúil as ach, lá den saol, agus mé beo bocht mar mhac léinn, rinne mé pornó…'

  • John

    drochscribhneoireacht an babhta so…