Níl aon ghuth ceart ag an nGaeilge ná ag an nGaeltacht sa Dáil – an ar ghluaiseacht na Gaeilge atá an locht?

Níor chuir gluaiseacht na Gaeilge aon eagar orthu féin san olltoghchán, ní raibh aon bhaint cheart acu leis an bhfeachtas, agus ní hionadh nach dtugtar aon aird orthu anois

27/04/2016. Dublin Weather Scenes. Pictured a women walks past Leinster House as its reflected in a puddle after a recent hail/rain shower in Dublin this afternoon. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Toghadh 23 Teachta Dála neamhspleách san olltoghchán, le hionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine i dtaobh ábhair éagsúla ó fhadhbanna na tuaithe, fadhbanna Chiarraí, deacrachtaí infheisteoirí beaga, bagairt an Aontais Eorpaigh, éilimh dhaoine faoi mhíchumas agus eile.

Ach tá ábhar amháin ann nach bhfuil aon ionadaí ag troid ar a shon. Tá guth amháin nach bhfuil le clos i measc na neamhspleách, agus is é sin guth na Gaeilge is na Gaeltachta.

Sea, tá na páirtithe aitheanta ann. Rinne Fine Gael is Páirtí an Lucht Oibre athdhearbhú ar a ngealltanas faoin Straitéis Fiche Bliain – straitéis a lig siad i ndearmad le linn a dtréimhse rialtais. Bhí polasaí Gaeilge ag Sinn Féin a bhí neamhghnách sa mhéid go raibh sé chomh cuimsitheach sin agus thug Fianna Fáil freisin tacaíocht d’éilimh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge.

Ba iad na héilimh sin ná go gceapfaí duine le Gaeilge ina Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht; go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais buan don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile;  agus go ndéanfaí infheistíocht €18 milliún sa bhreis i bhForas na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú.

Ach má thug Fianna Fáil tacaíocht do na héilimh sin, is beag tionchar a bhí ag polasaí Gaeilge an pháirtí ar na cainteanna a bhí acu le Fine Gael agus coinníollacha á leagan síos don rialtas mionlaigh nua.

Ní luaitear na héilimh seo ar thug Fianna Fáil ‘tacaíocht’ dóibh ar chor ar bith sa chlár rialtais a aontaíodh idir an dá pháirtí mhóra.

Agus tá contrárthacht eile ann. Le linn an fheachtais olltoghcháin bhí Fianna Fáil ag maíomh as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach – sin é an tAcht a chuireann iachall ar institiúidí stáit, ar nós an Gharda Síochána, seirbhísí Gaeilge dá gcuid gnó a chur ar fáil.

Nach ait mar sin gur chuir urlabhraí an pháirtí, Timmy Dooley, fáilte roimh chinneadh na cúirte achomhairc nach bhfuil sé riachtanach leagan Gaeilge de thoradh tástála anála a bheith ar fáil.

Agus ’sé an rud is aite ar fad faoin scéal ná nár cháin ceannaire an pháirtí, Mícheál Martin, nó iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an ráiteas céanna.

Níl ach míniú amháin air seo: ’sé sin, nach bhfuil i gcaint Fhianna Fáil faoin nGaeilge ach cur i gcéill.

Chuir Sinn Féin polasaí níos cuimsithí amach, agus anois tá beirt urlabhraithe Gaeilge cumasacha roghnaithe acu: Peadar Tóibín sa Dáil agus Trevor Ó Clochartaigh sa Seanad.

Seans, ar ndóigh, go ndéanfadh Sinn Féin beart de réir a mbriathar, ach cá bhfios, mar is treise i bhfad an brú i gcoinne na Gaeilge ná an brú ar a son.

Agus ba threise chomh maith Sinn Féin maidir leis an gcás áirithe seo dá mbeadh tacaíocht acu, ó pháirtí eile nó ó Theachtaí Dála neamhspleácha a sheasfadh leo chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

’Sí an fhadhb is mó, feictear dom, ná gur fhan Gluaiseacht na Gaeilge (má tá a leithéid ann) amach as an olltoghchán, taobh amuigh den bhrú a chuir Conradh na Gaeilge ar na páirtithe lena gcuid éileamh.

Ní raibh oiread is iarrthóir amháin a sheas ar son na n-éileamh sin agus na n-éileamh sin amháin; ní raibh oiread is iarrthóir amháin arbh í an tosaíocht aige nó aici cúis na Gaeilge nó fadhbanna na Gaeltachta.

Agus an toradh? Toisc nach bhfuil éinne ann sa Dáil a labhródh thar ceann na Gaeilge thar rud ar bith eile is féidir dearmad iomlán a dhéanamh di.

Mhol mé féin roimh an toghchán gur chóir dúinne, lucht na Gaeilge, iarracht a dhéanamh iarrthóirí a chur chun cinn.  Ach ba é an freagra a fuair mé nach n-éireodh linn, gur ag léiriú a laige is a bhíomar a bheimis seachas aon rud eile agus go mb’fhearr dúinn ár gcás a cheangal le héilimh na tuaithe is eile.

Bhuel, cá bhfuil guth na tuaithe anois, agus Denis Naughten ina aire rialtais agus cúram na tuaithe ar Heather Humphreys (in éineacht leis an nGaeltacht to be sure, to be sure)?

Bhíomar sa riocht seo cheana ar ndóigh, thiar sna seascaidí nuair a tháinig Daoine Measúla (sea!) le chéile le hachainí ‘no less’ a dhéanamh ar an rialtas i dtaobh na Gaeilge.  Níor tugadh aon aird orthu ach an oiread, ach ar a laghad b’iarracht éigin í.

Bhunaigh Máirtín Ó Cadhain Misneach le bealach eile a thriail le cúis na Gaeilge a bhrú chun cinn. Agus tá Misneach nua againn anois.

Ach bhí pobal Gaeilge na linne seo sásta gurbh leor na héilimh a bhí ag Conradh na Gaeilge agus nárbh ghá aon ghealltanas eile a lorg.  Níor chuireamar aon eagar orainn féin, ní raibh aon bhaint cheart againn leis an bhfeachtas, agus ní hionadh nach dtugtar aon aird orainn anois.

An bhfuil ceacht le foghlaim againn as sin?