Tá sé ráite ag an bhFeisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada, inniu, go bhfuil sí chun dul ar ‘stailc teanga’ ó thus mhí Márta go dtí deireadh Sheachtain na Gaeilge, mar chomhartha agóide i gcoinne mhaolú na Gaeilge san Aontas Eorpach agus chun a míshástacht faoi easpa dea-thola Rialtas na hÉireann i leith na teanga a léiriú.
Bhí Ní Riada ar dhuine de na cainteoirí a labhair ag an gComhdháil Cearta Teanga Idirnáisiúnta a eagraíodh i mBaile Átha Cliath inniu.
Dúirt an Feisire go mbeadh sí “ag dul ar stailc teanga” agus go raibh sé mar aidhm aici aird a tharraingt ar an gceist seo d’fhonn “muintir na Gaeilge agus muintir na tíre a spreagadh chun brú a chur ar an Rialtas”.
“Tá cuireadh tugtha agam dos na Feisirí eile a bhfuil Gaelainn acu tacú leis an bhfeachtas agus bheith liom ar an stailc.
“Fuair an Ghaeilge stádas iomlán san Aontas Eorpach i 2007 ach tá maolú déanta uirthi ó shin. Mar sin, níl oibleagáid ar na hInstitiúidí Eorpacha gach cáipéis a chur ar fáil trí Ghaeilge ná seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil laistigh de chruinnithe nó coistí sa Pharlaimint.
Dúirt sí gur cúis aifeála é di féin go pearsanta, “mar ionadaí poiblí, mar Éireannach agus mar bhean Gaeltachta” nach féidir léi a teanga féin a labhairt agus í i mbun a cuid oibre, de dheasca easpa seirbhísí aistriúchán comhuaineach. “Cuireann sé déistin orm nuair a bhím ag suí sa Pharlaimint agus nuair a deirtear liom ag tús cruinniú go bhfuil seirbhís ateangaireachta ar fáil i ngach teanga; dar ndóigh, ní bhíonn Gaeilge ar bith ar fáil.”
Dúirt sí dá gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge go gcruthófaí breis agus 180 post. An Eoraip amháin a d’íocfadh as a leithéid, a dúirt sí, rud a d’fhágfadh nach n-íocfadh an gnáth-cháiníocóir ach “cúpla cent” gach bliain. “Chun na poist seo a chruthú, níl le déanamh ag rialtas na hÉireann ach a iarraidh go foirmeálta ar Chomhairle na nAirí go gcuirfí deireadh leis an maolú sealadadh, atá i bhfeidhm le 10 mbliana.”
Dúirt sí gur gá gníomhú anois mar, mura gcuirtear deireadh leis an stádas maolaithe i mbliana, nach mbeidh deis eile ann go dtí an bhliain 2020.
“Tá mé ag súil le tacaíocht don stailc agus cuirim fáilte roimh gach éinne páirt a ghlacadh san agóid agus a stailc féin a dhéanamh agus Gaeilge amháin a labhairt ar feadh tréimhse le linn Sheachtain na Gaeilge. Cuir in iúl dúinn é leis an hashtag #StailcTeanga. Chomh maith leis sin, táim ag iarraidh ar dhaoine a n-ainmneacha a chur le hachainí phoiblí a chuirfear faoi bhráid an rialtais. Beidh na sonraí le fáil ar na meáin shóisialta”, a dúirt sí.