Ní Riada le stailc a chur suas

Gaeilge amháin a labhróidh an Feisire Eorpach nó go dtabharfar stádas cuí don teanga san Eoraip

Pic Liadh Ní Riada

Tá sé ráite ag an bhFeisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada, inniu, go bhfuil sí chun dul ar ‘stailc teanga’ ó thus mhí Márta go dtí deireadh Sheachtain na Gaeilge, mar chomhartha agóide i gcoinne mhaolú na Gaeilge san Aontas Eorpach agus chun a míshástacht faoi easpa dea-thola Rialtas na hÉireann i leith na teanga a léiriú.

Bhí Ní Riada ar dhuine de na cainteoirí a labhair ag an gComhdháil Cearta Teanga Idirnáisiúnta a eagraíodh i mBaile Átha Cliath inniu.

Dúirt an Feisire go mbeadh sí “ag dul ar stailc teanga” agus go raibh sé mar aidhm aici aird a tharraingt ar an gceist seo d’fhonn “muintir na Gaeilge agus muintir na tíre a spreagadh chun brú a chur ar an Rialtas”.

“Tá cuireadh tugtha agam dos na Feisirí eile a bhfuil Gaelainn acu tacú leis an bhfeachtas agus bheith liom ar an stailc.

“Fuair an Ghaeilge stádas iomlán san Aontas Eorpach i 2007 ach tá maolú déanta uirthi ó shin. Mar sin, níl oibleagáid ar na hInstitiúidí Eorpacha gach cáipéis a chur ar fáil trí Ghaeilge ná seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil laistigh de chruinnithe nó coistí sa Pharlaimint.

Dúirt sí gur cúis aifeála é di féin go pearsanta, “mar ionadaí poiblí, mar Éireannach agus mar bhean Gaeltachta” nach féidir léi a teanga féin a labhairt agus í i mbun a cuid oibre, de dheasca easpa seirbhísí aistriúchán comhuaineach. “Cuireann sé déistin orm nuair a bhím ag suí sa Pharlaimint agus nuair a deirtear liom ag tús cruinniú go bhfuil seirbhís ateangaireachta ar fáil i ngach teanga; dar ndóigh, ní bhíonn Gaeilge ar bith ar fáil.”

Dúirt sí dá gcuirfí deireadh le maolú na Gaeilge go gcruthófaí breis agus 180 post. An Eoraip amháin a d’íocfadh as a leithéid, a dúirt sí, rud a d’fhágfadh nach n-íocfadh an gnáth-cháiníocóir ach “cúpla cent” gach bliain. “Chun na poist seo a chruthú, níl le déanamh ag rialtas na hÉireann ach a iarraidh go foirmeálta ar Chomhairle na nAirí go gcuirfí deireadh leis an maolú sealadadh, atá i bhfeidhm le 10 mbliana.”

Dúirt sí gur gá gníomhú anois mar, mura gcuirtear deireadh leis an stádas maolaithe i mbliana, nach mbeidh deis eile ann go dtí an bhliain 2020.

“Tá mé ag súil le tacaíocht don stailc agus cuirim fáilte roimh gach éinne páirt a ghlacadh san agóid agus a stailc féin a dhéanamh agus Gaeilge amháin a labhairt  ar feadh tréimhse le linn Sheachtain na Gaeilge. Cuir in iúl dúinn é leis an hashtag #StailcTeanga. Chomh maith leis sin, táim ag iarraidh ar dhaoine a n-ainmneacha a chur le hachainí phoiblí a chuirfear faoi bhráid an rialtais. Beidh na sonraí le fáil ar na meáin shóisialta”, a dúirt sí.