Ní hé an t-úll lofa a thit ó chrann na Bruiséile an t-aon fhadhb ag an Rialtas seo…

In ainneoin na cainte láidre ar gach taobh faoi chás Apple is léir na fadhbanna atá ag Rialtas mionlaigh agus Dáil scoilte

Ní hé an t-úll lofa a thit ó chrann na Bruiséile an t-aon fhadhb ag an Rialtas seo…

Ó thit an t-úll lofa ó chrann na Bruiséile seachtain ó shin, ní raibh aon dul as ag an Rialtas ach an Dáil a ationól Dé Céadaoin, trí seachtaine níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.

Ní chuirfeadh an chuid is mó dá ndúradh aon iontas ar léitheoirí an cholúin seo. Cháin urlabhraithe Shinn Féin agus an AAA/PbP ‘meatacht’ agus ‘bréaga’ an Rialtais ó rialaigh an Coimisiún Eorpach ar chás Apple. Dúirt an Taoiseach nach ndearnadh margadh speisialta le comhlacht ar bith riamh, agus go gcaithfí cur in aghaidh rialú éagórach an Choimisiúin. Agus mar sin de.

Lasmuigh den Dáil, áfach, bhí scéal eile ar fad á phlé go tréan, scéal a chuir seasmhacht an Rialtais i mbaol. Dúirt an t-aire stáit John Halligan go mb’fhéidir go dtitfeadh an Rialtas as a chéile mura gcomhlíonfaí geallúint go bhfeabhsófaí seirbhísí croí in ospidéal Phort Láirge.

Ní léir agus an colún seo á scríobh conas a thiocfaidh an rialtas as an tsáinn seo. Ach tá sé soiléir go raibh coinníoll tábhachtach i gclár an rialtais maidir le forbairt an ospidéil. Dúradh sa chlár go mbeadh an scéim forbartha ag brath ar athbhreithniú cliniciúil neamhspleách. Níor aontaigh na dochtúirí le tuairim John Halligan, agus níor aontaigh seisean leo.

Cibé toradh a bheidh ar an gconspóid, léirigh sé an laige agus an t-easaontas atá ag bagairt i gcónaí ar an rialtas. Ní tearc na fadhbanna éagsúla atá á gcur ar an méar fhada acu toisc nach bhfuil móramh cinnte Dála ann chun tacú leo maidir le hábhair nár luadh sa chomhaontú idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

Mar shampla, léirigh suirbhé idirnáisiúnta a foilsíodh Dé Luain go bhfuil gach ollscoil in Éirinn (ach amháin Ollscoil na hÉireann Gaillimh) ar chéim níos ísle ó thaobh caighdeán oideachais anois ná mar a bhí bliain ó shin. Níl an suirbhé gan locht, mar a léirigh an tOllamh John O’Hagan agus é á chíoradh go tomhaiste aige san Irish Times Dé Céadaoin, ach, mar sin féin, tá an riachtanas soiléir.

Caithfear maoiniú breise stáit a thabhairt do na coláistí, nó iasachtaí a thabhairt do mhic léinn, nó meascán de dhá bheartas atá molta ag uachtaráin na n-ollscoileanna a thabhairt isteach. I mí Iúil, foilsíodh roghanna maoinithe éagsúla i dtuairisc a dhréachtaigh coiste a raibh Peter Cassells ina chathaoirleach air. Chuir an tAire Oideachais Richard Bruton na moltaí faoi bhráid coiste oideachais an Oireachtais.

Anois, ní inniu ná inné a thosaigh rialtais ag seachaint roghanna crua. Agus cá bhfios ach go mb’fhéidir go mbeidh móramh ar an gcoiste oideachais ar aon tuairim faoi bheartas a réiteoidh an fhadhb seo, agus go gcuirfear an beartas sin i gcrích.

B’fhéidir go mbeidh dea-thoradh freisin ar an bplé atá beartaithe ag coistí eile ar roghanna eile polasaí agus caiteachais (i gcúrsaí sláinte mar shampla).

B’fhéidir go mbeimid ag caint amach anseo ar an gcur chuige fónta a lean ‘an nua-pholaitíocht’ ó 2016 ar aghaidh.

Agus b’fhéidir go léireofar amach anseo gur imní gan chúis a bhí ar dhaoine a dúirt nach mbeadh an rialtas mionlaigh seo ná an Dáil scoilte seo ábalta aghaidh a thabhairt riamh ar fhadhbanna móra.

Tá amhras ort? Ormsa leis.