‘Ní haon áit do naimhdeas frithGhaelach í Alba’ – Aire na Gàidhlig

Dheimhnigh an tAire John Swinney go leanfaidh rialtas na hAlban ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don Ghàidhlig agus go bhfuil sé féin tiomanta an teanga a chothú agus líon na gcainteoirí a mhéadú

‘Ní haon áit do naimhdeas frithGhaelach í Alba’ – Aire na Gàidhlig

Ní “comhcheilg náisiúnach” í an tacaíocht a thugtar don Ghàidhlig in Albain, dar le hAire na Gàidhlig, John Swinney.

Níltear ag caitheamh leis an teanga níos fearr ná ba chóir, dar leis, ach tá cothrom na Féinne á thabhairt do “mhionteanga na hAlban”.

Dheimhnigh an tAire Swinney go leanfaidh rialtas na hAlban ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don Ghàidhlig agus go bhfuil sé féin tiomanta an teanga a chothú agus líon na gcainteoirí a mhéadú.

Bhí an tAire ag labhairt ag Léacht Cuimhneacháin Angus Macleod ag an Mòd Nàiseanta Rìoghail atá faoi lánseol i Steòrnabhagh i Leòdhas faoi láthair.

Dúirt sé go raibh “forais mhaithe in áit” anois le tacaíocht a thabhairt don Ghàidhlig ach go gcaithfí feidhm cheart a bhaint as le “torthaí na héagsúlachta a bhaint”.

“Is í aidhm shoiléir agus tosaíocht an Rialtais an Ghàidhlig a chur chun cinn. Tá cúis shimplí leis an tiomantas sin. Is le hAlbain a bhaineann an Ghàidhlig. Tá sí á labhairt anseo le i bhfad os cionn 1,000 bliain agus creidim go bhfágann sé sin go bhfuil dualgas agus freagracht orainn aire a thabhairt don oidhreacht sin.

“Ní haon fhabhraíocht ná comhcheilg náisiúnach é seo. Níl ann ach na céimeanna is ceart a thabhairt lena chinntiú go dtabharfar cothrom na Féinne dár mionteanga, atá á labhairt againn le blianta fada,” a dúirt sé.

Thug sé le fios freisin go raibh sé ag iarraidh go gcuirfeadh an Ghàidhlig leis an bhfás eacnamaíochta agus le deiseanna fostaíochta, agus go bhféadfaí go leor a dhéanamh sa ré nua dhigiteach.

Beidh Bòrd na Gàidhlig, macasamhail Fhoras na Gaeilge, ag foilsiú plean nua forbartha níos deireanaí i mbliana agus gheall an tAire Swinney go n-oibreodh sé as lámh Bòrd na Gàidhlig lena chinntiú go mbeidh bearta fónta ar mhaithe le dul chun cinn na Gàidhlig in Albain sa phlean sin.

Thug Swinney aghaidh ar an bhfrithGhaelachas le linn na hóráide freisin agus é ag maíomh “nach haon áit do naimheas in aghaidh na Gàidhlig í Albain”.

Dúirt sé go raibh an dearcadh frithGhaelach “gan bhunús” agus nach gcuirfí aon fháilte roimh a leithéid.

“Léiríonn a leithéid de dhearcadh drochthuiscint ar ár dtír, ár stair agus an meas ba cheart a thaispeáint do mhionphobail. Inseoidh mé an fhírinne faoi seo. Labhraítear an Ghàidhlig ar bhonn laethúil. Is ceart airgead poiblí a chaitheamh ar an nGàidhlig.

“Tugann an Ghàidhlig réimse leathan buntáistí d’Albain. Is teanga luachmhar í agus tá tacaíocht an phobail, ó gach aon chúlra polaitíochta in Albain, tuillte aici,” a dúirt sé.