Ní foláir do na Déise an dá thrá a fhreastal

An fhadhb is mó a bhaineann leis an gcóras cosantach acu ná go mbíonn an oiread sin imreoirí ag dul siar an pháirc gur ar éigean a chruthaíonn siad deis ar chúil iad féin

Munster GAA Hurling Senior Championship Semi-Final, Semple Stadium, Tipperary 7/6/2015 Waterford vs Cork Waterford's Barry Coughlan catches a high ball as Pa Cronin of Cork looks on Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Barry Coughlan. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cad é mar ocht lá den chultúr Gaelach a bhí agam le déanaí. Dé Sathairn rinne mé an turas soir chuig Loch Garman agus Corcaigh i gcoinne na foirne baile. Ansin ó thuaidh liom chuig ceanncheathrú CLG chun féachaint ar na Cait agus iad i mbarr a maitheasa.

Ar an Luan thugas faoi thobar an cheoil Ghaelaigh i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir. Bhí an caighdeán thar barr ar fad i ngach a bhfacas agus ar chualas. Ceann de na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an méid ceoltóirí óga a bhí ann agus iad cé chomh cumasach sin ar gach sórt gléas ceoil.

B’sheo liom as Sráid na Cathrach go dtí teampall na hiomána. Bhí an turas trastíre mall go leor agus muintir an Chláir agus Luimnigh ar a slí go Durlas Éile.

Ní fhéadfá a rá go raibh an chéad chluiche go hiontach. Bhí a ndóthain spáis agus deiseanna ag Luimneach a bhuafadh dhá cluiche dóibh ach ní raibh aon léiriú ar a bhforlámhas le feiscint ar chlár na scór. Chuir siad an iomarca seansanna amú agus d’íocadar go daor as.

Sa dara cluiche ní raibh faic idir na foirne don chuid is mó den am ach chríochnaigh Corcaigh go láidir. Ní fhéadfadh go bhfuil bainisteoir an Chláir sásta leis an méid atá bainte amach aige féin agus a phainéal imreoirí ó Mheán Fómhair 2013.

Bhí an-atmaisféar i mbaile Durlas Éile go luath Dé Domhnaigh. Bhíos sa bhaile timpeall meán lae agus bhí slua mór go leor ann ceithre huaire roimh chaitheamh isteach an tsliotair.

Sa staid féinig bhí na bratanna agus na dathanna le feiceáil an-luath freisin.

Is dócha gur bhuaigh an fhoireann is fearr a chruthaigh ar an lá cé go raibh na Déise go maith leis.

Mar atá déanta acu i ngach cluiche i mbliana, d’oibríodar go fíochmhar agus chinntíodar nach raibh mórán spáis os comhair chúl Stephen O’Keefe. Taobh amuigh den chúpla cúilín iontach ní fhacamar Bubbles Dwyer agus an liathróid aige rómhinic. Anuas air sin, chuir lánchúlaí na nDéise, Barry Coughlan, smacht ar Seamus Callinan, ceann des na tosaithe is fearr sa tír. Ní bhfuair Callinan oiread is scór amháin ón imirt. Is fada leis ó chonaiceamar Bonner Maher chomh ciúin is a bhí sé. De ghnáth is é Maher a bhíonn ag stiúradh imirt na dtosaithe ach is beag a rinne sé Dé Domhnaigh. Mar sin is féidir a rá gan aon amhras in aon chor go ndearna na cosantóirí sárobair.

An fhadhb is mó a bhaineann leis an gcóras cosantach sin ná go mbíonn an oiread sin imreoirí ag dul ar gcúl an t-am ar fad gur deacair leo an dá thrá a fhreastal. Dá dheasca sin, bíonn sé dian orthu cúil a fháil nó fiú amháin deiseanna ar chúil a chruthú.

Caithfidh Derek McGrath agus a fhoireann bhainistíochta beagáinín oibre a dhéanamh ar a gcóras chun an fhadhb sin a réiteach.

I bhfianaise an mhéid a chonaiceamar ó Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, bheinn ag ceapadh go mbeidh na Déise rómhaith dóibh an tseachtain seo chugainn. É sin ráite, ní rabhamar ag súil go gcaillfeadh foireann faoi 21 Phort Láirge Dé Chéadaoin bheag seo. An bhfuil na rotha ag titim den chairt? Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Ní foláir do na Déise an dá thrá a fhreastal'