‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont

D’fhógair Carles Puigdemont i bparlaimint na Catalóine inniu gur “stát neamhspleách” a theastaíonn ó mhuintir na Catalóine agus gur léiríodh an mhian sin i reifreann na seachtaine seo caite

‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont

Tá fógra oifigiúil neamhspleáchas na Catalóine curtha ar athlá ag uachtarán na tíre Carles Puigdemont ar mhaithe le tuilleadh cainte agus comhrá le rialtas Madrid faoi phróiseas síochánta leis an neamhspleáchas a bhaint amach.

Dúirt Puigdemont i bparlaimint na Catalóine inniu gur “stát neamhspleách” a theastaíonn ó mhuintir na Catalóine agus gur léiríodh an mhian sin i reifreann na seachtaine seo caite.

“D’éirigh leis an bhfeachtas ar son an neamhspleáchais, ainneoin go raibh orainn troid in aghaidh an fhoréigin. Bhí an vóta ar a shon níos mó ná an vóta ina aghaidh,” a dúirt an t-uachtarán.

Dúirt sé, áfach, go molann rialtas na Catalóine “go gcuirfí ar athlá iarmhairtí fhógra an neamhspleáchais go ceann cúpla seachtain chun comhráite a thosú”.

“Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair. Is gnáthdhaoine muid, agus níl uainn ach vótáil. Bhíomar réidh chun cainte agus comhrá.

“Níl tada againn i gcoinne na Spáinne. Teastaíonn uainn tuiscint níos fearr a bheith againn leis an Spáinn. Níor oibrigh an caidreamh le blianta fada, agus ní mhairfidh an caidreamh anois,” a dúirt Puigdemont.

Dúirt an tUachtarán go mbeadh an Chatalóin ina stát neamhspleách amach anseo, agus tugadh bualadh bos dó sa pharlaimint, ach dúirt sé go gcaithfí dul i mbun cainte sula ndéanfaí fógra oifigiúil.

Thug sé le fios go bhféadfaí eadránaí idirnáisiúnta a úsáid leis an ngéarchéim idir an Chatalóin agus an Spáinn a réiteach agus gur féidir teacht ar an réiteach sin trí chomhráite agus modhanna síochánta.

Dúirt sé go bhfuil uair na cinniúna tagtha agus gur ceist thar a bheith tromchúiseach atá inti, ach go gcaithfidh gach páirtí glacadh lena ndualgais.

“Ní chaithfimid cur leis an bhforéigean, ach a mhalairt. Caithfimid cúrsa an daonlathais agus na síochána a leanúint agus meas a léiriú ar dhaoine atá difriúil linn,” a dúirt sé.

Vótáil 90% ar son an neamhspleáchais i reifreann na seachtaine seo caite, ach táthar ann a mhaíonn nach reifreann bailí a bhí ann toisc nár cheadaigh rialtas Madrid é. Rinne póilíní stáit iarracht an reifreann a chur faoi chois ach d’éirigh le 43% den toghlach a vóta a chaitheamh. Vótáil 90% díobhsan ar son an neamhspleáchais.

Fág freagra ar '‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont'