Tá fógra oifigiúil neamhspleáchas na Catalóine curtha ar athlá ag uachtarán na tíre Carles Puigdemont ar mhaithe le tuilleadh cainte agus comhrá le rialtas Madrid faoi phróiseas síochánta leis an neamhspleáchas a bhaint amach.
Dúirt Puigdemont i bparlaimint na Catalóine inniu gur “stát neamhspleách” a theastaíonn ó mhuintir na Catalóine agus gur léiríodh an mhian sin i reifreann na seachtaine seo caite.
“D’éirigh leis an bhfeachtas ar son an neamhspleáchais, ainneoin go raibh orainn troid in aghaidh an fhoréigin. Bhí an vóta ar a shon níos mó ná an vóta ina aghaidh,” a dúirt an t-uachtarán.
Dúirt sé, áfach, go molann rialtas na Catalóine “go gcuirfí ar athlá iarmhairtí fhógra an neamhspleáchais go ceann cúpla seachtain chun comhráite a thosú”.
“Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair. Is gnáthdhaoine muid, agus níl uainn ach vótáil. Bhíomar réidh chun cainte agus comhrá.
“Níl tada againn i gcoinne na Spáinne. Teastaíonn uainn tuiscint níos fearr a bheith againn leis an Spáinn. Níor oibrigh an caidreamh le blianta fada, agus ní mhairfidh an caidreamh anois,” a dúirt Puigdemont.
Dúirt an tUachtarán go mbeadh an Chatalóin ina stát neamhspleách amach anseo, agus tugadh bualadh bos dó sa pharlaimint, ach dúirt sé go gcaithfí dul i mbun cainte sula ndéanfaí fógra oifigiúil.
Thug sé le fios go bhféadfaí eadránaí idirnáisiúnta a úsáid leis an ngéarchéim idir an Chatalóin agus an Spáinn a réiteach agus gur féidir teacht ar an réiteach sin trí chomhráite agus modhanna síochánta.
Dúirt sé go bhfuil uair na cinniúna tagtha agus gur ceist thar a bheith tromchúiseach atá inti, ach go gcaithfidh gach páirtí glacadh lena ndualgais.
“Ní chaithfimid cur leis an bhforéigean, ach a mhalairt. Caithfimid cúrsa an daonlathais agus na síochána a leanúint agus meas a léiriú ar dhaoine atá difriúil linn,” a dúirt sé.
Vótáil 90% ar son an neamhspleáchais i reifreann na seachtaine seo caite, ach táthar ann a mhaíonn nach reifreann bailí a bhí ann toisc nár cheadaigh rialtas Madrid é. Rinne póilíní stáit iarracht an reifreann a chur faoi chois ach d’éirigh le 43% den toghlach a vóta a chaitheamh. Vótáil 90% díobhsan ar son an neamhspleáchais.
Fág freagra ar '‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont'