Nach mór 100 bliain ó bunaíodh é, an bhfuil Tuaisceart Éireann inmharthana mar aonad polaitiúil?

Tá líon na gceisteanna a chaithfidh na páirtithe a fhreagairt ag méadú agus amhras faoi inmharthanacht Stormont

Nach mór 100 bliain ó bunaíodh é, an bhfuil Tuaisceart Éireann inmharthana mar aonad polaitiúil?

Thug sé Laurel agus Hardy chun cuimhne. Praiseach bhreá eile. Arís. Ní hamháin nár tháinig na páirtithe i Stormont ar réiteach chun na hinstitiúidí a athbhunú faoin spriocam ag a ceathair a chlog Dé Luain ach bhí amhras faoina dtiomantas do roinnt na cumhachta. Chothaigh sé sin amhras faoi inmharthanacht rialtas díláraithe i Stormont. Dhá lá roimh fheidhmiú na forála a chuirfeadh ceann leis an mBreatimeacht, ní raibh na polaiteoirí i Stormont in ann margadh a dhéanamh faoi na seanfhadhbanna céanna gan trácht ar a dhul i ngleic leis na fadhbanna nua a bhainfidh le fágáil an AE.

Ní nach ionadh chuir an DUP an milleán faoin tsáinn ar Shinn Féin agus chuir Sinn Féin an milleán ar an DUP. Den dara huair i mbliana, taobh istigh de ráithe, dhiúltaigh Sinn Féin LeasChéad-Aire a ainmniú, céim a chinntigh nárbh fhéidir feidhmeannas a bhunú. D’aontaigh na páirtithe nach mbeadh cruinniú Tionóil ann. Mhaígh Sinn Féin nár deineadh dul chun cinn sna trí seachtaine ó lá an toghcháin. Cé go raibh cainteanna in ainm is a bheith ar siúl le trí seachtaine is léir nach raibh oiread is cruinniú ollpháirtí amháin ann agus nach raibh eagar ná struchtúr ar an obair.

Cad atá le déanamh mar sin? Fuaireamar freagraí ar chúpla ceist. Níl riail dhíreach ó Westminster á cur i bhfeidhm agus níl toghchán eile á bhagairt. Níl aon dúil i dtoghchán tobann eile, arsa Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, agus plean á chur as an áireamh aige arb é féin an t-aon duine amháin a chuir suim ann riamh. Ba léir go raibh drogall ar rialtas na Breataine a dhul i gceannas. Bheadh achar gearr ag na páirtithe le haghaidh idirbheartaíochta, a dúirt Brokenshire, agus ba chosúil go raibh deireadh mhí Aibreáin ar intinn aige mar spriocam nua. Mura mbeadh réiteach aimsithe faoin am sin? Bhuel, cá bhfios?

Tá seans fós ann ar riail dhíreach ó Westminster (i gcomhairle le rialtas na hÉireann mar a aontaíodh in 2006?). Má táthar chun é sin a sheachaint caithfidh Sinn Féin agus rialtas na Breataine an t-easaontas eatarthu faoi cheisteanna slándála maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí a fhuascailt.

Is iomaí duine a chreideann nach réiteofar an cheist sin choíche mar nach mian le ceachtar taobh an fhírinne ar fad a nochtadh. Caithfear an t-easaontas idir an DUP agus náisiúnaithe – Sinn Féin agus an SDLP maidir le hAcht Gaeilge a fhuascailt freisin. Maítear go raibh an DUP toilteanach glacadh le hAcht don Ghaeilge ach Ultais agus forálacha eile faoi chúrsaí féiniúlachta a bheith san áireamh. Ní raibh sé sin sásúil. Dúirt James Brokenshire gur deineadh dul chun cinn i leith ábhar eile ach bhí amhras ar na mionpháirtithe faoin bpróiseas. Mhaígh an SDLP, an UUP agus Alliance nach raibh eagar sásúil ar na cainteanna. D’éiligh Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, go gceapfaí cathaoirleach neamhspleách chun dlús a chur leis an obair atá le déanamh sna seachtainí romhainn amach.

Dúirt gach páirtí gur theastaigh a thuilleadh cainteanna uathu agus go raibh siad ag iarraidh na hinstitiúidí a athbhunú. Ach cheistigh an DUP tiomantas Shinn Féin do Stormont. Fearacht cuid de lucht leanúna an pháirtí phoblachtánaigh cheap Arlene Foster go mb’fhéidir go raibh cinneadh déanta ag Sinn Féin nárbh fhiú dua a chaitheamh feasta le céim Stormont dá bhfeachtas. Is cinnte nach bhfuil a gcur chuige i ndiaidh ré Martin McGuinness chomh soiléir is a bhí.

Ar an lámh eile, tá Sinn Féin agus daoine nach iad go mór in amhras faoi thiomantas an DUP do roinnt na cumhachta. Ná déanaimis dearmad go raibh an DUP dubh dóite in éadan Chomhaontú Aoine an Chéasta – ní foláir nó go bhfuil rian den naimhdeas sin fós le brath is iad in ainm is a bheith ag roinnt na cumhachta. Sa bhFeidhmeannas deiridh, a mhair ocht mí, leag Arlene Foster béim go seasta ar an scéala gurbh iad an DUP príomhpháirtí Thuaisceart Éireann agus gurbh ise an t-aon Chéad-Aire. Níor chuir sí fiacail ann lena maíomh go raibh gradam aicise thairis an leaschéad-aire, d’ainneoin iad a bheith comhionann faoin dlí. Bhí an nós a bhí aici í féin a iompar amhail is gurbh í féin amháin a bhí i gceannas, faoi riail an mhóraimh, ar cheann de na cúiseanna le cliseadh an fheidhmeannais agus roinnt na cumhachta.

Bíodh cuid de na socruithe a bhaineann le coincheap roinnt na cumhachta lochtach nó ná bíodh, níl aon rogha réadúil eile i sochaí dheighilte mar seo. Mura mbeidh na páirtithe tofa in ann cumhacht a roinnt, an ionann sin agus a rá nach bhfuil Tuaisceart Éireann inrialaithe? Agus a rá nach dtig leo Stormont a choinneáil ag imeacht? Nó ag druidim le céad bliain ó bunaíodh é, nach bhfuil Tuaisceart Éireann inmharthana mar aonad polaitiúil?

Fág freagra ar 'Nach mór 100 bliain ó bunaíodh é, an bhfuil Tuaisceart Éireann inmharthana mar aonad polaitiúil?'

  • Breathnóir

    Níl :-)