Nach deas é? I do líochán agus ag gearradh do mhuiníl san am céanna…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? I do líochán agus ag gearradh do mhuiníl san am céanna…

Bheadh  sé i do líochán agus ag gearradh do mhuiníl san am céanna a déarfaí faoi dhuine arbh fhearr a bheith san airdeall air. Duine fealltach lena rá ar bhealach eile.   Teanga liom leat a bheadh aige.  Mo léan géar bhíodh na Gaeil ar a n-aireachas i gcónaí ar a leithéid de chrochadóir.  Duine sách maith é, a deiridís mura bhfuil sé i bhfolach ann. Sionnach i gcraiceann na caorach atá ann, a déarfadh duine eile. Tá cúpla míniú eile ar an bhfocal líochán seachas an obair a dhéanann  teanga an duine: líochán a thugtar ar bheagán féir le n-ithe, go háirithe féar ag tosú ag fás. Tá líochán gadhair ina chuid gruaige, a déarfaí faoi dhuine a mbeadh a chuid gruaige mar a lífeadh gadhar í. Bíonn péire líochán gadhair i gcorrdhuine.

Shamhlaítí go mbíodh an bhó ag líochán na gruaige freisin. Tá ‘cowlick’ againn i mBéarla. Lióg nó deisealán atá air i nGaeilge. I do líochán agus ag gearradh do mhuiníl san am céanna. Nach deas é?