Nach deas é? Cá fearr ball go gcaithfeá é?

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Cá fearr ball go gcaithfeá é?

Bhí Donncha Shéamais Ó Drisceoil, ó Chomalán Chléire, ar dhuine de shaoithe an oileáin úd agus go deimhin den nGaeltacht ar fad. Ghabh tuairisceoir áirithe chuige lá, d’fhonn téip a dhéanamh leis do chlár raidió. Mura bhfuair an tuairisceoir céanna ceacht fealsúnachta, ní lá go maidin é:

TUAIRISCEOIR: Bhuel tá do shaol ar fad caite agat fhéin anso ar an oileán anois, is dócha gur tháinig scaipeadh na mion-éan ar do mhuintir féin…

DÓD: Tá dearúd trom ort. Níl mo shaol go léir caite agamsa fós, bheadh súil agamsa maireachtaint leathchéad bliain eile ar a laghad!

TUAIRISCEOIR: Agus le cúnamh Dé mairir!

DÓD: Agus le cúnamh Dé mura maire, geobhaidh mé bás!

TUAIRISCEOIR: Bhuel, cuirimid mar seo mar sin é, tá do chuid ama ar fad go fóill caite agat ar an oileán.

DÓD: Tá. An chuid is mó dhe, an chuid is tábhachtaí dhe, an cuid is práinniúla dhe. Agus ní fearr bóla eile. Cá fearr ball go gcaithfeá é?

TUAIRISCEOIR: An dóigh leat gur chaillis aon rud i do shaol anois, nár gheibhis amach a’ féachaint ar a’ dtír mór?

DÓD: Níor chailleas. Má chailleas aon ní, níl caillte agam ach mo shaol, agus do chaillfinn é sin pé bóla dá mbeinn.

TUAIRISCEOIR: Agus níl sé sin caillte fós agat.

DÓD: Le cúnamh Dé. Agus sinn go léir slán. Ní fheicim go mbeadh aon ní caillte aige duine. Ní dhéanann sé difir ar bith do dhuine cá mbíonn sé. Ní chailleann sé dath. Fé dhuine féinig a bhíonn sé sin. Cad tá le cailliúint aige duine? Abair téir a’ taisteal. Taistil a’ domhan agus cad a chífidh tú? An rud is iontaí a chífir, nuair a bheidh sí feiscithe agat, níl sé iontach a thuilleadh.

Saíocht na Gaeltachta. Cá fearr ball go gcaithfeá é? Nach deas é?