Ná tiomáinimis muintir Chorca Dhuibhne isteach i dTigh na mBocht arís…

Tá an moladh go ndéanfaí athchóiriú ar shean-ospidéal an Daingin agus árasáin a dhéanamh as ar cheann de na pleananna is áiféisí dár chuala ár gcolúnaí le tamall fada

OspidealDaing

Tá sé molta ag an gComhairleoir Contae agus an Ceantálaí ó Bhaile an Mhuilinn, Michael D. O’Shea, Fianna Fáil, go ndéanfaí athchóiriú ar shean-ospidéal an Daingin agus árasáin a dhéanamh as d’fhonn leigheas éigin a fháil ar an ngéarchéim tithíochta agus iostais i mbaile an Daingin a raibh tuairisc anseo againn faoi an mhí seo caite. Deir O’Shea nach bhfuil formhór mhuintir an cheantair in acmhainn tigh nó dún a cheannach, agus nár tógadh aon tithíocht shóisialta ann le seacht mbliana anuas. Tá líon mór seanbhaitsiléirí sa cheantar, dar leis, agus é ag dul dóibh aon áit chónaithe a fháil dóibh féin. I dteannta na seanphlandaí seo, tá deacracht mhillteach ag gnóthaí áitiúla dóthain foirne a earcú toisc easpa lóistín sa bhaile.

Anois, ní lia duine ná tuairim, agus caithfear O’Shea a mholadh as aird a tharrac ar an ngéarchéim. Ach tá sé seo ar cheann de na pleananna is áiféisí agus is aite dár chuala le han-tamall. Mura bhfuil eolas agaibh i dtaobh an ospidéil, seo dhuit é; tógadh é i rith an Drochshaoil agus osclaíodh é sa bhliain 1852 mar Thigh na mBocht, agus bhí ina ospidéal agus ina dhílleachtlann ina dhiaidh sin. Bhí ospidéal fiabhrais ar an láthair, agus tá reilig ón drochshaol i ngiorracht urchair méaróige den áit.

Tá áit lárnach ag an láthair ar fad inár n-oidhreacht anseo i gCorca Dhuibhne; bhí an tigh lán go dtí na fraitheacha lenár sinsir i rith an drochshaoil, agus chaith cuid eile acu tamallacha fada nó gearra i dtigh na mbocht ina dhiaidh sin.

Tugadh sár-aire dár muintir agus dár seanmhuintir ann agus é ina ospidéal i rith an fhichiú haois, agus is ann a chaith scata a laethanta deiridh sarar chuadar chun na síoraíochta. Tógadh ospidéal pobail nua ar imeall thoir an bhaile agus dúnadh an sean-ospidéal in 2010 agus an foirgneamh os cionn céad go leith bliain d’aos.

Ó dúnadh an t-ospidéal, tá an áit iata folamh, gan aon úsáid á bhaint aisti, cé gur mó moladh fónta a deineadh ina taobh.

Bhíothas chun ionad ealaíne a dhéanamh as, agus bunaíodh meitheal chun an sprioc san a bhaint amach. Moladh iarsmalann a dhéanamh as, áis oideachais agus foghlamtha chun éachtaint a thabhairt do dhaoine ar an uafás, an tragóid agus an bás a bhain le Tigh na mBocht.

Dúradh chomh maith go bhféadfaí músaem mara nó músaem a bhainfeadh le saol na tuaithe a chur ann. Ar an taobh eile den scéal, dúradh gur cheart an suíomh a thabhairt ar láimh d’fhorbróirí d’fhonn na seanfhoirgnimh a leagan agus óstán breá gléineach ornáideach gan anam a thógaint ina áit, agus le déanaí bhí sé á rá ar shráideanna an Daingin gur chóir teifigh ón tSiria a chur isteach sa sean-ospidéal. Agus anois an moladh seo ón gComhairleoir O’Shea.

Ní haon ionadh go mbeadh ceantálaí, agus go háirithe ceantálaí atá ina chomhairleoir contae, dall ar aon rud ach bloic agus moirtéal, ach tá an plean seo lochtach ar mhórán cúiseanna. Ar bhonn praiticiúil, bheadh costas millteach ag baint le foirgneamh ársa 160 bliain d’aois a athchóiriú agus a chur in oiriúint d’úsáid an lae inniu.

Bheadh sé i bhfad níos saoire tithe nua a thógaint, nó tithe folmha a cheannach ná amhlaidh a dhéanamh. Ach gan cúrsaí eacnamaíochta a bhac in aon chor, cuimhnigh ar an méid dár stair agus dár n-oidhreacht a chaillfí dá ndéanfaí árasáin aonchineálacha d’fhoirgneamh atá chomh tábhachtach i stair an phobail.

Rud síceolaíoch é seo chomh maith – conas a bhraithfeá dá mbeadh an Chomhairle Contae do do sheoladh go dtí an poorhouse?

Dá mbeadh ár n-ionadaithe poiblí tar éis ábhar fadradhairc bheith acu agus a bheith beagáinín ní ba cháiréisí nuair a bhíodar ag athchriosú talún agus ag tabhairt cead pleanála d’fhorbróirí eastáit tithíochta a thógaint thoir, thiar, thall is abhus ní bheadh aon fhadhb tithíochta i mbaile an Daingin.

Bheadh tarrac ar thithíocht shóisialta tógtha taobh le taobh leis na tithe príobháideacha. Ach níor tógadh. Dá bhféadfaí liúntas cánach agus íocaíochtaí a thabhairt dóibh siúd a scaoileann a gcuid sealúchais amach ar cíos go fadtéarmach, laghdódh san an ghéarchéim, nó na tithe atá i seilbh NAMA a thógaint ar láimh agus a ligint amach go fadtéarmach, nó orduithe ceannaithe éigeantacha a dhéanamh orthu.

Ach no. Caith na milliúin ar an bpoorhouse agus tiomáin muintir na háite isteach i dTigh na mBocht aríst.