Murphy i mbarr a mhaitheasa ó thuaidh agus cluiche cinniúnach roimh Charna-Caiseal agus Naomh Anna, Leitir Móir

Imríodh neart cluichí tábhachtacha sna contaetha Gaeltachta ag an deireadh seachtaine, cluichí ceannais sinsir peile Dhún na nGall, Chiarraí agus Chorcaí ina measc

Murphy i mbarr a mhaitheasa ó thuaidh agus cluiche cinniúnach roimh Charna-Caiseal agus Naomh Anna, Leitir Móir

An beart déanta arís ag Michael Murphy agus Gleann tSúilí

Ní fhéadfadh Michael Murphy mórán níos mó a dhéanamh chun a mharc a fhágáil ar Chraobh Sinsir Peile Dhún na nGall. Ní hamháin go bhfuil a ainm ar an gcomórtas agus urraíocht déanta ag a shiopa ar an gcraobh ach ba é laoch na himeartha é i gcluiche ceannais an Domhnaigh agus 1-5 scóráilte aige chun an ceann is fearr a fháil ar Chill Charthaigh.

Is beag duine taobh amuigh de cheantar Ghleann tSúilí a cheap go mbeadh siad in ann an ceann is fearr a fháil ar Chill Charthaigh, a bhfuil go leor imreoirí contae acu, ach b’in díreach a tharla a bhuíochas do thaispeántas láidir, díograiseach. Aon phointe amháin a scar na foirne ar deireadh, 1-10 in aghaidh 0-12.

Mar a tharla nuair a bhuaigh Gleann tSúilí an chraobh in 2011 agus 2013, ba é Murphy a spreag arís inné iad agus bhí cúl tábhachtach aimsithe aige taobh istigh de dheich nóiméad. Sheol Neil Gallagher liathróid mhór fhada isteach i dtreo Murphy ar imeall na cearnóige, fuair an lántosaí an ceann is fearr ar Conor McShane agus bháigh sé a iarracht san eangach.

D’aimsigh Murphy cúpla sárchúilín ó chiceanna saora sa chéad leath chomh maith agus bhí Gleann tSúilí ceithre phointe chun tosaigh ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-6.

Na sárthaispeántais a bhí tugtha acu go dtí seo i mbliana an chúis go raibh Cill Charthaigh go láidir mar rogha na coitiantachta roimh an gcluiche ach theip orthu an t-ardchaighdeán sin a bhaint amach inné agus an chuma ar an scéal go raibh an brú ag cur as dóibh agus iad sa chluiche ceannais den chéad uair le 23 bliain.

É sin ráite, thosaigh siad an dara leath go láidir agus d’éirigh leo trí phointe as a chéile a aimsiú, ceann gleoite ó Ryan McHugh san áireamh, chun an farasbarr a laghdú go dtí aon phointe amháin ach chuir ciceanna ar fóraoil as do Chill Charthaigh as sin go deireadh an chluiche.

Níor scóráil Gleann tSúilí ach trí phointe sa dara leath, ceann an duine ag  Murphy, Ciaran Bonner agus Ciaran Gibbons, ach bhí siad in ann a ndóthain a dhéanamh chun Cill Charthaigh a choinneáil faoi chois agus a dtríú craobh chontae a bhuachan.

Cath Gaeltachta a bheidh sa chluiche dícháilithe i gCraobh Sinsir Peile na Gaillimhe

Is in iomaíocht lena chéile a bheidh Carna-Caiseal agus Naomh Anna, Leitir Móir, chun áit a choinneáil i gCraobh Sinsir Peile na Gaillimhe don bhliain seo chugainn agus é socraithe gurbh iadsan a bheidh in aghaidh a chéile sa chluiche ceannais dícháilithe.

Buaileadh Carna-Caiseal in aghaidh Chill Fhir Iarainn an deireadh seachtaine seo caite agus theip ar Naomh Anna an ceann is fearr a fháil ar Eanach Dhúin sa Spidéal ar an Satharn. Choinnigh fir Leitir Móir imreoir na Gaillimhe, Damien Comer, ciúin go maith i rith an chluiche uile ach fós rinne Eanach Dhúin a ndóthain chun an bua a fháil, 0-15 in aghaidh 0-12.

B’fhéidir gur chomhartha luath go maith sa chluiche é nach mbeadh an lá le Naomh Anna nuair a bhuail Éamonn Ó Loinsigh an posta le cic éirice agus gan ach cúpla nóiméad imeartha agus cé gur choinnigh fir cheantar na n-oileán orthu ag troid, ní raibh siad in ann dul chun tosaigh ar an bhfreasúra.

San iomáint, bhí bua stairiúil ag iománaithe Mhícheál Breathnach nuair a bhuaigh siad Craobh Shóisir 1 na Gaillimhe ar an Satharn. Is féidir tuairisc ar an gcluiche sin a léamh anseo.

Imríodh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Iomána na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo chomh maith agus bhí an bua ag Naomh Tomás ar Ghort Inse Guaire. Bua ceithre phointe a bhí ag curaidh na hÉireann 2013 lá fliuch i bPáirc an Phiarsaigh 1-11 in aghaidh 0-10, cúl Seán Skehill agus ceathrú huaire fágtha a chinntigh an bua do Naomh Tomás.

An Rinn slán as babhta na ngrúpaí i bPort Láirge

Cé go raibh áit i mbabhta ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile Phort Láirge bainte amach cheana féin ag An Rinn, rinne siad cinnte don dara háit i nGrúpa 2 lena mbua slachtmhar ar an Aird Mhór ar an Aoine. Deich bpointe d’fharasbarr a bhí acu, 2-10 in aghaidh 0-6, agus An Rinn anois ag tabhairt aghaidh ar an gClais Mhór sa bhabhta ceathrú ceannais.

Ba iad ciceanna saora Corey de Róiste a thug an lámh in uachtar don Rinn sa choimhlint seo, ach ba chic éirice ag Shane Ó Ceallaigh agus 42 nóiméad imeartha a chinntigh an bua dóibh. D’aimsigh Conchúir Mac Diarmada cúl eile d’fhoireann na Gaeltachta agus trí nóiméad fágtha.

Na Crócaigh in uachtar i gCiarraí arís

Colm Cooper and Adrian Spillane 16/10/2016

Ba é Colm Cooper laoch na gCrócach agus Craobh Chontae Chiarraí buaite acu don 11ú uair inné. Seacht bpointe a scóráil ‘Gooch’  i gcoinne Dhúiche Neidín agus b’in an méid a scar na foirne ag críoch na himeartha, 2-16 in aghaidh 1-12.

Bhí na Crócaigh níos láidre do chuid mhaith den chluiche ach is cinnte gur tháinig a gcuid cúl ag an am ceart. D’aimsigh Kieran O’Leary an chéad cheann dóibh agus gan ach ceithre nóiméad fágtha sa chéad leath, scór a d’fhág fir Chill Airne 1-7 in aghaidh 0-6 chun cinn ag leath ama. Ceithre nóiméad isteach sa dara leath, scóráil Johnny Buckley ceann eile dóibh chun bearna seacht bpointe a chur idir na foirne, 2-8 in aghaidh 0-7.

Lena gceart a thabhairt do Dhúiche Neidín, tháinig siad ar ais sa choimhlint go luath ina dhiaidh sin a bhuíochas de chúl Teddy Doyle ach d’aimsigh na Crócaigh cúig phointe as a chéile agus níor ghéill siad as sin go deireadh.

Craobh Shinsir Chorcaí buaite ag Raonaithe Cairbre den chéad uair

Cork Senior Club Football Championship Final, Pairc Ui Rinn, Cork 16/10/2016 Ballincollig vs Carbery Rangers Carbery Rangers celebrate with the trophy Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne

Bhain Raonaithe Cairbre díoltas amach dá dteip i gcoinne Bhaile an Chollaigh i gcluiche ceannais 2014 inné nuair a thug foireann iarthar Chorcaí an lá leo  i gcluiche ceannais eile idir na foirne. Is í seo an chéad uair riamh do Raonaithe Cairbre an chraobh a bhuachan agus beidh siad buíoch go háirithe do Chris O’Donovan a scóráil cúl na cinniúna.

Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne, Raonaithe Cairbre chun tosaigh 0-10 in aghaidh 0-9, nuair a d’aimsigh O’Donovan a chúl agus 38 nóiméad imeartha agus ní raibh Baile an Chollaigh in ann teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin. Bronnadh cic éirice orthu in am breise, cic a shlánaigh Cian Dorgan, ach, ar an drochuair do Bhaile an Chollaigh, bhí an t-am beagnach caite agus trí chúilín ag scaradh na bhfoirne, 1-15 in aghaidh 1-12, agus is mar sin a chríochnaigh an cluiche.

Fág freagra ar 'Murphy i mbarr a mhaitheasa ó thuaidh agus cluiche cinniúnach roimh Charna-Caiseal agus Naomh Anna, Leitir Móir'