‘More Protestants learning to fly a helicopter than are learning Irish’ – ní fíor, a deir Linda Ervine

Tharraing comhrá ar líne idir an gníomhaí teanga Protastúnach, Linda Ervine agus an colúnaí nuachtáin Newton Emerson go leor airde

‘More Protestants learning to fly a helicopter than are learning Irish’ – ní fíor, a deir Linda Ervine

Linda Ervine agus Newton Emerson.

Moladh an gníomhaí teanga Protastúnach, Linda Ervine, go hard i gcaitheamh an deireadh seachtaine mar gheall ar chomhrá a bhí aici ar Twitter leis an gcolúnaí nuachtáin Newton Emerson, a mhaígh gur fíorbheagán Protastúnach atá ag foghlaim na Gaeilge.

Mhaígh Emerson ina cholún ar The Irish News gur dócha go bhfuil “níos mó Protastúnach ag foghlaim cén dóigh héileacaptar a eitilt ná mar atá ag foghlaim na Gaeilge”, trácht a thuill go leor moladh agus gáire ar líne ó dhaoine nár mhian leo go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach.

Chuir Ervine pictiúr den ráiteas ó Emerson amach ar a cuntas Twitter féin, áfach, agus dúirt leis an gcolúnaí go gcuirfeadh sí 100 Protastúnach in aithne dó atá ag foghlaim na Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste dá gcuirfeadh seisean 100 ábhar Protastúnach píolóta in aithne di-se.

Rinneadh 582 athghiolc ar a cuireadh agus tugadh os cionn 1,400 croí dó. Bhí Emerson féin ar dhuine den 90 duine a thug freagra ar ghiolc Ervine agus thug le fios go gcasfadh an foghlaimeoir Gaeilge ar 100 píolóta Protasúntach dá dtabharfadh sí cuairt ar chumann heileacaptar atá lonnaithe ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda i mBéal Feirste.

Lean Ervine comhairle an cholúnaí agus chuir glaoch ar an gcumann le fáil amach cé mhéad duine a bhí ag foghlaim le héileacaptar a eitilt acu.

“Díreach tar éis labhairt leo, agus tá idir cúig dhuine dhéag agus scór daoine ar na leabhair acu faoi láthair. Níor fhiafraigh mé cén creideamh a bhí acu [na foghlaimeoirí],” a dúirt sí leis an gcolúnaí.

Ina dhiaidh sin, lean an plé agus an comhrá ar aghaidh idir an bheirt acu faoin reachtaíocht teanga atá á héileamh ó thuaidh agus na buntáistí nó míbhuntáistí a bhainfeadh lena leithéid don phobal Protastúnach ó thuaidh.

Tá geallta ag Emerson go dtabharfaidh sé freagra cuimsitheach ar Ervine ina cholún a fhoilseofar ag deireadh na seachtaine seo.  Idir an dá linn, tá cuireadh tugtha ag Linda Ervine don cholúnaí teacht chuig ionad Skainos in oirthear Bhéal Feirste le casadh le foghlaimeoirí Gaeilge ón bpobal aontachtach.

Tá Linda Ervine ar dhuine de na Protastúnaigh is mó atá ar son Achta Gaeilge. Bhí sí féin agus roinnt foghlaimeoirí Gaeilge ó oirthear Bhéal Feirste i nGaeltacht Chorca Dhuibhne an mhí seo caite ar chúrsa Gaeltachta, agus tá ranganna Gaeilge á n-eagrú aici don phobal aontachtach le tamall de bhlianta anuas.

Fág freagra ar '‘More Protestants learning to fly a helicopter than are learning Irish’ – ní fíor, a deir Linda Ervine'