Meas tú céard a déarfadh Jean-Baptiste Alphonse Karr le hiománaithe na Gaillimhe?

Ba iriseoir darbh ainm Jean-Baptiste Alphonse Karr, a bhí ina eagarthóir ar Le Figaro tráth a chum an nath plus ça change, plus c’est la même chose. Bhí cuid den cheart aige…

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ba mhór i gceist ag múinteoir Fraincise a bhí agam fadó an nath cainte plus ça change, plus c’est la même chose, ach go dtí ar maidin inniu ní raibh a fhios agam cé as a dtáinig na focail a deir gur mó a fhanann cúrsaí mar a bhí dá mhéid dá n-athraíonn siad.

Mar a tharlaíonn ba iriseoir darbh ainm Jean-Baptiste Alphonse Karr, a bhí ina eagarthóir ar Le Figaro tráth, a chum an abairt. Tá Jean-Baptiste básaithe le os cionn céad bliain ach fágann a cheird agus a chúlra go mbeadh a leagan féin aige ar mhór-eachtraí na seachtaine seo caite.

Alphonse_Karr_by_Antoine_Samuel_Adam-Salomon,_c1876
Jean-Baptiste Alphonse Karr

An Ríocht Aontaithe a bheith ag titim as a chéile – rud nach gcuirfeadh mórán múisiam air, seans; Aontas na hEorpa a bheith i mbaol freisin, (níl a fhios agam cén bharúil a bheadh aige de sin), an Íoslainn ag bualadh Shasana i gCraobh Sacair na hEorpa agus an Bhreatain Bhig ag déanamh níos fearr ná scór de na foirne eile atá ansiúd.

Ó…agus an iomaíocht ar uachtaránacht na Stát Aontaithe a bheith idir bean a chaith cuid den tseachtain á ceistiú ag an FBI agus fear atá chomh deighilte ón liberté, égalité, fraternité agus atá an mhuc ón bparlús. Sin é an plus ça change.

An même chose?

I bPáirc an Chrócaigh a chonacthas é sin, a Jean Baptise a chara, i gcluiche ar a dtugtar iománaíocht. Ansiúd uair amháin eile a chaith lucht leanta na Gaillimhe cosamar leathuaire an chloig ag ceapadh go mb’fhéidir go raibh athrú poirt ar leic na tairsí acu, go bhfuaireadar amach luath go maith ina dhiaidh sin go mba é an seanscéal céanna é.

Léiriú eile ar do mhéit, an même chose – Gaillimh chun cinn ar Chill Chainnigh ag leath ama, ach go maith chun deiridh nuair a séideadh an fheadóg.

Ag siúl amach geata na páirce Dé Domhnaigh chuimhnigh mé go mbeadh costas agus anró go leor sábháilte agam orm féin ach fanacht sa mbaile ag féachaint ar thaifeadadh de chluiche ceannais na bliana seo caite idir na foirne. An uair úd bhí farasbarr trí chúilín freisin ag fir an iarthair ag an sos, ach gur scriosadh sa dara leath iad, mar a tharla arís an tseachtain seo caite.

Chuimhnigh mé ansin go raibh duine éicint tar éis taifeadadh de Game of Thrones a chur sa mullach ar Chluiche Ceannais Iomána 2015. Ní raibh an cath caillte fós agam mar gur dhóigh liom go raibh Cluiche Ceannais 2012 coinnithe in áit éicint – an ceann ina raibh tús seacht gcúilín ag foireann Anthony Cunningham ag druidim le leath ama?

Ach bhí sé sin é féin glanta. Taifeadadh ar an athimirt sa mullach air – an ceann inar scóráil Walter Walsh agus Colin Fennelly cúl an duine agus inar chuir Cill Chainnigh ocht gcúilín leis sin i gceathrú dheiridh na himeartha.

Agus mé ag caitheamh €2.90 isteach i gciseán an dola ag an mBóthar Buí is ea a chuimhnigh mé go ndéanfadh Cluiche Ceannais Laighean 2010 na gnaithí chomh maith céanna. Ba ag Cill Chainnigh a bhí an farasbarr trí chúilín ag leath ama an lá sin, ach tháinig deireadh le haon seans a bhí ann go dtiocfadh Gaillimh níos gaire dóibh nuair a chinn orthusan scóráil idir an 37ú agus an 58ú nóiméad agus nuair a fuair a gcéilí comhraic seacht gcúilín as cosa i dtaca.

Tá dola Cheapaigh an tSeagail euro níos saoire ná sin, ach ba bheag a laghdaigh sin an phian mar gur chuimhnigh mé go mba é Damien Joyce as an bparóiste céanna a bhí mar lánchúlaí ar dheis ag Gaillimh nuair a d’imir siad i gCraobh Laighean den chéad uair in 2009. Ocht nóiméad isteach sa dara leath in aghaidh Chill Chainnigh an bhliain sin bhí farasbarr cúig chúilín ag Gaillimh tar éis do Joe Canning agus do Niall Healy cúil a scóráil. Fuair Eoin Larkin cúig chúilín as imirt agus bhuaigh a fhoireann 2-20 in aghaidh 3-13.

Tá dornán iománaithe fós ag imirt a bhí páirteach sa gcluiche sin, tráth a raibh Larkin, Jackie Tyrrell agus Michael Fennelly istigh ón tús agus inar tháinig Richie Hogan agus T.J. Reid ar an bpáirc do Chill Chainnigh. Tá Fergal Moore, Joe Canning, Cyril Donnellan agus Andy Smith fós ag imirt do Ghaillimh.

Ocht n-uaire a d’imir Gaillimh agus Cill Chainnigh a chéile i gcluichí craoibhe ón lá sin. Na Cait a bhuaigh chuile cheann acu ach amháin Cluiche Ceannais Laighean 2012. An lá sin bhí 2-11 ar gclár ag Gaillimh faoin am a bhfuair Cill Chainnigh scór ón imirt.

Ba é cluiche an Domhnaigh seo caite an 27ú huair ag na contaetha a chéile a imirt sa gcraobh ó thosaigh mise ag freastal ar chluichí. Tá seans ann go bhfaca mé a mbunáite. Cúig cinn acu sin atá buaite ag Gaillimh.

An bhfágfaidh sin sa mbaile mé nuair a imreoidh siad a chéile an chéad bhabhta eile?

Ní móide gurbh í an cheist cheannann chéanna a cuireadh ar Monsieur Jean-Baptiste Alponse Karr, ach níl aon athrú ar an bhfreagra: plus ça change, plus c’est la même chose!

Fág freagra ar 'Meas tú céard a déarfadh Jean-Baptiste Alphonse Karr le hiománaithe na Gaillimhe?'

  • Breandán Delap

    An-alt. Thar a bheith spéisiúil