Martin O’ Malley – dreapadóireacht mhór roimhe ar nós a shinsear i sléibhte an Mháma i gConamara

“We are taking you seriously, man!” a dúirt duine ó champa Hillary Clinton le Martin O' Malley le deireanas. B'shin é 'an dea-scéal agus an drochscéal', a dúradh leis

Martin O’ Malley

Chas Martin O’ Malley amhrán in Óstán an Merrion i mBaile Átha Cliath seachtain ó shin. Bhí daoine muintireacha as an Mám i nGaeltacht na gcnoc i gConamara in éineacht leis. Idir throm agus éadrom a bhí an ócáid. Tarraingíodh anuas ceist na hUachtaránachta i Meiricea sna sealanna idir na hamhráin; ní raibh aon dabht ach go raibh fonn ar Mhartin O’ Malley iarraidh a thabhairt faoi. “Fear é a thugann aird ar an bhfonn atá ina chroí,” a deir duine de na col mór-seisearacha as an Mám. “Ceapann sé gurb í seo uair na cinniúna dósan”.

Ní ag fiach ar phostanna sa gcéad rialtas eile i Washington, ná ar chomghuallaíocht le Hillary Clinton atá Martin O’ Malley, ach an oiread, a deir na daoine muintireacha. Creideann sé gur féidir leis ainmniúchán na nDaonlathach a fháil do thoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá i 2016.

Mar a tharlaíonn sé, is fear mór le staitisticí é Martin O’ Malley. Nuair a chuireann sé cás i láthair, is maith leis é a dhéanamh go gonta agus na figiúiri cuí a chur leis. Tuigfidh sé go maith nach gcuireann na “figiúirí cuí” mórán leis an gcás atá aige go roghnófaí é mar iarrthóir na nDaonlathach do thoghchán na bliana seo chugainn sna Státaí. Tá tacaíocht idir 65% agus 70% ag Hillary Clinton sna pobalbhreitheanna; idir 1% agus 2% a bhí ag Martin O’ Malley sular fhógair sé i mBaltimore ar maidin Dé Sathairn go mbeadh sé sa tóir ar an ainmniúchán. 

Go deimhin, tá an Seanadóir Bernie Sanders as Vermont atá 74, ag fáil tacaíochta go maith as cionn 10%.

Tús corrach le feachtas

Chuaigh Martin O’ Malley go Iowa an deireadh seachtaine seo agus é ag tuineadh leis na Daonlathaigh ansin tacú leis.  Ansin a bheidh an chéad léargas i measc an phobail ar an tacaíocht atá ag Hillary Clinton, Bernie Sanders, Martin O’ Malley agus pé duine eile a thiocfaidh san iomaíocht. 

Níor mhór don Máilleach a lorg a fhágáil go láidir ar na ‘Caucuses’ in Iowa.   Tiocfaidh tuilleadh réamhthóghcháin sciobtha go maith ina dhiaidh sin agus beidh chuile iarrthóir dírithe go fíochmhar ar an gceann i New Hampshire. Faoin tráth sin, chaithfeadh roinnt borradh a bheith faoi fheachtas an Mháilligh – mura mbeadh tada eile ann ach cúrsaí airgid. Mura bhfuil an tacaíocht le feiceáil, ní thiocfaidh na milliúin a theastaíonn le haghaidh an fheachtais isteach. 

Ar an drochuair do Mhartin O’Malley, phléasc na léirsithe i mBaltimore tar éis eachtra thragóideach Freddie Gray, fear óg den chine dubh a bhásaigh de bharr gortuithe a bhain dó agus é faoi choinneáil ag na póilíní. Chuir cuid den phobal dubh i mBaltimore i leith O’ Malley gur chothaigh a pholasaí daingean póilíneachta mar Mhéara míshuaimhneas sa bpobal sin agus gur chuir sin leis na hagóidí le gairid. Tá sin séanta ag an Máilleach ach ní chuidíonn an scéal leis.

  Tá branda liobrálach pholaitíocht na nDaonlathach in oirthuaisceart Mheiriceá ag baint le Martin O’ Malley ach tá siad siúd atá ag iarraidh é a chur dá chois ag rá go léiríonn an córas póilíneachta a chleacht sé mar Mhéara ar Bhaltimore ar feadh ocht mbliana nach ionann a chuid focla agus a bhriathar. Ach, tá an Máilleach á bhfreagairt go láidir. Ar nós chuile pholaiteoir eile a bhfuil stádas chomh hard sin bainte amach aige sa bpolaitíocht, níor éirigh le Martin O’ Malley a theacht slán ó chonspóidí polaitíochta agus pearsanta. 

Ceangal le Conamara

Tá an Máilleach ábalta ar chaidreamh poiblí agus ar chaidreamh leis an bpobal agus tá múnla Bill Clinton agus na gCinnéideach ar a phearsan poiblí. Ní fear é a ndéanfaidh campa Hillary Clinton neamhshuim dó. Is cosúil go bhfuair sé glaoch teileafóin ó eagraíocht Hillary le gairid agus gur dúradh leis:  “Martin, we have good news and bad news for you”. Maith go leor, a deir an Máilleach – céard é an dea-scéala? An freagra:  “We are taking you seriously, man”. 

Ceart go leor, arsa an Máilleach; an drochscéal atá agaibh dom anois. An freagra:  “We are taking you seriously, man!”.   

Is ceart go ndéanfadh mar tá an Teach Bán in intinn Martin O’ Malley le fada. Bhí sé ar dhuine de na príomhchainteoirí ag coinbhinsiún náisiúnta na nDaonlathach i 2012. 

Tháinig O’Malley go Conamara den chéad uair in aois a sheacht mbliana déag – 52 atá sé anois – le grúpa as Coláiste Ghonzaga i Washington, agus chuir sé faoi tigh  Mhichael Mheairt Uí Choisdealbha i gCor na Rón in Indreabhán san am sin. Dúirt sé leo gurb é an cuspóir a bhí aige ná a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá. Ní raibh a fhios aige an uair sin go mba as an taobh ó thuaidh do Chonamara a chuaigh chuid dá shinsir go Meiriceá. 

Nuair a chuathas go bun an údair fuarthas amach gur as an Mám a d’imigh a shin-seanathair, Máirtín Ó Máille as an Mám go Pittsburg i 1870. Tá Martin O’ Malley tagtha anall don Mhám go minic ó shin agus tá tréimhsí  caite aige i seanteach na Máilleach – sin í an tSeanoifig Phoist sa Mám. Théadh sé suas na cnoic agus théadh sé chuig na tithe ósta sa gceantar ag casadh ceoil. Beidh dreapadóireacht de chineál eile le déanamh aige go ceann scaithimh anois agus é ag éisteacht leis an bhfonn atá ina chroí.

Fág freagra ar 'Martin O’ Malley – dreapadóireacht mhór roimhe ar nós a shinsear i sléibhte an Mháma i gConamara'