MÁRTAN Ó CIARDHA: Nuair a théann an sionnach i mbun na gcearc…

Glacann sé suas le scór bliain anois ar réiteoir óg de chuid CLG a bhealach a dhéanamh chomh fada le barr an dréimire. Ní hamhlaidh a bhíodh…

MÁRTAN Ó CIARDHA: Nuair a théann an sionnach i mbun na gcearc…

An réiteoir, Frank Murphy. INPHO/Camerasport

An gceapfá go deo go ndéanfadh fear arbh í cáil an chantail a bhí air dea-réiteoir  Ní móide é, ach féach gur féidir leis tarlú.

‘Cranky Franky’ a baisteadh ar Frank Murphy ag tráth éicint dá shaol imeartha mar leathchúlaí clibirte, ar dtús le Coláiste na mBráithre Críostaí i gCorcaigh agus ina dhiaidh sin ar fhoirne Chúige Mumhan agus Leicester, lenar bhuaigh sé bonn Premiership i 2007.

Faoin am ar aistrigh sé go Connacht an bhliain dar gcionn ní raibh d’athrú ar an scéal ach go mba ‘Cranka Franka’ a bhí anois air! Thaitin na nósanna imeartha a bhí ag Frankie chomh mór céanna leis an lucht leanta ar an mBóthar Beag agus a thaitin sé leo i bPáirc Thuamhan agus i Welford Road.

Bhíodh faobhar ar de shíor agus é ag gluaiseacht ar fud na páirce. Ní raibh aon leisce air léasadh teangan a thabhairt dá chomrádaithe má cheap sé go raibh sé ag dul dóibh agus má bhí barúil aige go raibh a chéile comhraic goilliúnach bhain sé tairbhe as sin. I gcluiche arb é fear na feadóige an té is mó ar an bpáirc a bhfuil ómós dó, ní bhíodh aon scáth ar do Frankie a chur in iúl gur cheap seisean go raibh botún déanta aigesean – más faoina theanga féin é.

In earrach na bliana 2014 tháinig deireadh leis na conarthaí imeartha a bhí ag Murphy, Gavin Duffy agus Dan Parks le Connachta. D’fhógair an triúr acu go raibh siad ag éirí as. D’fhill Parks ar a thír dhúchais, An Astráil (bhí sé 23 bliain d’aois nuair a tháinig sé go hAlbain), áit a bhfuil sé ag obair mar chóitseálaí leis na Sydney Stars agus d’fhan Duffy ag obair le Connachta ag plé le cúrsaí margaíochta.

Níor thug Frankie Murphy cúl don chluiche ach an oiread – thosaigh seisean ag fáil na hoiliúna a cháileodh é mar réiteoir.

Ní raibh an bhliain 2014 sin caite sula raibh na cáilíochtaí a theastaigh bailithe le chéile aige agus ba choimhlint i Roinn 2B de Shraith na hÉireann idir Ard Mhacha agus An Brú an chéad chluiche a raibh Frankie ina cheannas.

Faoi thús an tséasúir seo bhí réiteoireacht déanta ag Murphy ar chluichí idirnáisiúnta Faoi 20, i gCorn na Breataine agus na hÉireann agus i mBealtaine na bliana seo bronnadh an gradam ‘Réiteoir na Bliana’ air i gCúige Mumhan.

Dé Domhnaigh seo caite ba é a choinnigh an tsíocháin sa gcluiche i gcomórtas an Guinness PRO12 idir Newport-Gwent Dragons agus Dún Éideann.

Ní raibh mé ann, ach chuala mé nach raibh fear níos réchúisí ná níos socra ar an bpáirc – an sionnach i mbun na gcearc.

Ní leis féin atá Frank Murphy ag treabhadh na hiomaire seo. Ceithre huaire fichead sula ndeachaigh seisean chun páirce i Rodney Parade bhí an tAlbanach Mike Adamson i bhfeighil na feadóige sa gcluiche PRO 12 i Luimneach idir Cúige Mumhan agus Benetton Treviso – fearacht Murphy d’imir seisean é féin sa gcomórtas.

Níos faide siar ná sin, ar ndóigh, d’imir Alain Rolland d’Éirinn agus do Chúige Laighean sula ndearna sé réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Chorn Rugbaí an Domhain 2007. Is minic anois an t-iarimreoir idirnáisiúnta Joy Neville ag réiteoireacht i Sraith na hÉireann agus mar mhaor taobhlíne sa PRO 12.

Bhí tráth ann i stair Chumann Lúthchleas Gael nuair ba scéal níos iontaí ná sin féin a bhí le n-aithris acusan ó thaobh réiteoireachta mar gur mhinic le peileadóirí agus le hiománaithe a bhí fós i mbun imeartha a bheith ag déanamh réiteoireachta freisin ar chuid de na cluichí ba mhó le rá.

Is le peileadóir na Mí, Peter McDermott nó ‘Fear a’ Chaipín’, a bhaineann an scéal is spéisiúla acu sin. Bhí an Diarmadach sáite i gcúig chluiche ceannais peile a imríodh idir 1951 agus 1954: mar imreoir i 1951, nuair a bhuaigh Maigh Eo orthu, sa gcomhscór agus san athimirt inar bhuaigh an Cabhán ar deireadh orthu i 1952, mar réiteoir idir Ard Mhacha agus Ciarraí i 1953 agus mar chaptaen nuair a bhuaigh Contae na Mí ar Chiarraí i gcluiche ceannais 1954.

Ba é Peter McDermott freisin a rinne réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann 1956, an t-aon duine a bhfuil sé le rá faoi go ndearna sé an cúram sin sula raibh bonn buaite aige féin agus arís tar éis dó an gaisce sin a dhéanamh.

Gaiscíoch iomána ab ea Con Murphy, an Corcaíoch a bhí ina Uachtarán ar an gCumann Lúthchleas idir 1976 – 79. Bhuaigh seisean Craobh na hÉireann ceithre huaire 1942-46 agus bhí sé fós ag imirt nuair a rinne sé réiteoireacht ar Chluiche Ceannais na Sraithe Iomána 1947.

Ní hamháin sin, ach nuair a rinne Con réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Iomána na Mumhan idir Tiobraid Árann agus Luimneach i 1949 bhí imeartha aige in aghaidh na dTiobradach roimhe sin i mbabhta ceathrú ceannais an chomórtais chéanna.

Murab ionann agus an rugbaí ní móide go bhfeicfear scéala Frankie Murphy ag tarlú sna Cluichí Gaelacha arís. Glacann sé suas le scór bliain anois ar réiteoir óg de chuid CLG a bhealach a dhéanamh chomh fada le barr an dréimire.

Chomh fada agus is léir dom is é an Tiobradach Fergal Horgan an t-aon réiteoir de chuid CLG inniu atá ag feidhmiú ag an leibhéal is airde agus a d’imir ag an leibhéal céanna.

Ba é Horgan a bhí ina chúl báire ar fhoireann a chontae a bhuaigh Craobh Mhionúir na hÉireann i 1996 agus rinne sé réiteoireacht ar an gcluiche sin dhá bhliain ó shin. D’imir sé d’iománaithe sinsearacha a chontae freisin agus bheadh sin déanta níos minice aige, seans, murach é a bheith i gcoimhlint le duine de na báireoirí ab fhearr a bhí ag Tiobraid Árann riamh – Brendan Cummins.