Maoiniú stáit ceadaithe do Ghaelscoil Éanna in Aontroim ag an Aire Weir

Is é seo an chéad uair ó ceapadh ina Aire Oideachais é nár dhiúltaigh an tAire Weir d’iarratas ar stádas reachtúil ó scoil lán-Ghaeilge

Maoiniú stáit ceadaithe do Ghaelscoil Éanna in Aontroim ag an Aire Weir

Tá maoiniú stáit ceadaithe ag an Aire Oideachais Peter Weir do naíscoil ag Gaelscoil Éanna i nGleann Ghormlaithe i gContae Aontroma.

Dúirt an tAire gur léir ó líon na ndaltaí atá ag freastal ar an naíscoil, go mbeadh an soláthar oideachais a moladh san iarratas ar an maoiniú “inmharthana”.

Bhí an naíscoil ag feidhmiú gan maoiniú stáit go dtí seo.

“Numbers in the existing non-statutory pre-school suggest that the proposed level of provision would also be sustainable,” a dúirt sé.

Rinneadh iarratas ar mhaoiniú le 26 áit lánaimseartha a chur ar fáil sa naíscoil. Níor ceadaíodh é seo mar gheall ar mhoratóir atá i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais ar an soláthar réamhscolaíochta i láthair na huaire. I leaba an 26 áit lánaimseartha, ceadaíodh 26 áit pháirtaimseartha i Naíscoil Éanna.

Dúirt Maighréad Ní Chonghaile, príomhoide na scoile, go bhfuil tábhacht leis an naíscoil don cheantar, ní hamháin ó thaobh oideachais de ach “ó thaobh cúrsaí cultúir agus sóisialta freisin”.

Is é seo an chéad uair ó ceapadh ina Aire Oideachais é nár dhiúltaigh an tAire Weir d’iarratas ó scoil lánGhaeilge. Diúltaíodh i mí an Mheithimh d’iarratas Gaelscoil an Lonnáin i mBéal Feirste a athlonnú, agus diúltaíodh d’iarratais ó Ghaelscoil na Daróige i nDoire agus ó Bhunscoil an Iúir i gContae an Dúin ar mhaoiniú do naíscoileanna i mí Lúnasa.

Dúirt Conradh na Gaeilge le Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo gur “údar imní” dóibh meon an Aire i leith na Gaelscolaíochta ach gur thuig siad “an baol a bheadh ann” nuair a ceapadh ina Aire Oideachais é.

Chuir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha, fáilte roimh chinneadh an Aire inniu agus dúirt le Tuairisc.ie gur “céim shuntasach chun tosaigh” cinneadh na seachtaine seo d’fhorbairt na Gaelscolaíochta.

“Is cinnte gurb é seo an t-aon chinneadh réasúnta gur féidir agus gur chóir a ghlacadh, ag amharc ar an éileamh atá ann don soláthar sin. Is céim shuntasach eile chun tosaigh í seo d’fhorbairt na Gaelscolaíochta sa chontae.

“Níl ceist ar bith ann ach gur léiriú iontach soiléir, iontach dearfach, é an cinneadh seo ar an obair mhór atá déanta ag foireann agus ag pobal na scoile sin, atá ar an Ghaelscoil is mó fáis ó thuaidh le blianta beaga anuas.

Bhí súil ag Conradh na Gaeilge go leanfadh an tAire leis “an gcur chuige seo” agus go ndéanfaí aon chinneadh eile amach anseo a mheas “de réir láidreachtaí an iarratais” agus i gcomhthéacs “an dualgais reachtúil{ atá ar an Aire maidir leis an Gaeloideachas.

Gheall an DUP le linn feachtas toghcháin na bliana seo go ngabhfadh an páirtí i ngleic leis an “gcóir fhabhrach” a bhí á tabhairt do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil.

Mhaígh an tAire Oideachais nua níos túisce i mbliana go raibh an t-iarAire Oideachais, John O’Dowd (SF), ‘obsessed’ le scoileanna lánGhaeilge. Dúirt an tAire Pobal Paul Givan ón DUP nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag scoileanna eile toisc gur tugadh 20% den £40 milliún a infheistíodh i ndeich scoil do Ghaelscoileanna.

Bhain an tAire Weir an maoiniú a cuireadh ar fáil do dhá scoil lánGhaeilge le hionaid tacaíochta nua a oscailt i mí an Mheithimh díobh. D’éirigh leis an bhfeachtas a chuir Scoil an Droichid agus Bunscoil Bheann Mhadagáin i mBéal Feirste ar bun chun an maoiniú sin a fháil ar ais.