Maoiniú an Fhorais caillte ag An Timire ach ‘leanfaidh siad ar aghaidh mar a rinne le 100 bliain anuas’

Beidh ócáid cheiliúrtha ar siúl anocht ag foireann Timire an Chroí Rónaofa chun ‘a thaispeáint don saol mór go bhfuil tacaíocht’ acu agus ‘dúil’ ag an bpobal ‘ina bhfuil á chur ar fáil’ acu

 

timire_01-758x426

Beidh ceiliúradh á dhéanamh anocht ar obair An Timire agus Foilseacháin Ábhar Spioradálta (FS) ag ócáid i dTeach Belvedere i mBaile Átha Cliath. Cuirfear tús leis an gceiliúradh ag 7.30 pm agus beidh idir cheol, chaint agus seoladh leabhar ann. I measc na gcainteoirí a chloisfear ann, tá Máirtín Ó Murchú, Helen Ó Murchú agus an tAthair Frainc Mac Brádaigh, sj.

Cloisfear ceol agus amhráin ó Ray Mac Mánais, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Gearóid Ó Mordha agus Deirdre Seaver. Seolfar leabhar nua filíochta le heagarthóir Gaeilge an Irish Times, Pól Ó Muirí, dar teideal ‘Srapnal’.

Déanfar na leabhair ‘An Chuallacht Léannta’, cnuasach aistí ar obair Íosánach i ngort litríochta na Gaeilge, agus ‘Conair na Fraince go Santiago’, cur síos ar oilithreacht le Frainc Mac Brádaigh, a sheoladh chomh maith.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Frainc Mac Brádaigh go bhfuil “an oíche seo tábhachtach, mar go bhfuil scéala faighte againn go bhfuil deireadh á chur leis an deontas beag ón stát don Timire, atá á fhoilsiú le os cionn 100 bliain”. Dúirt sé gur tábhachtach an rud é “a thaispeáint don saol mór go bhfuil tacaíocht againn agus dúil ag ár gcairde ina bhfuil á chur ar fáil againn – iris An Timire agus leabhair FS”.

Is le “trí seachtaine nó mí anuas” a fuair An Timire scéala nach mbeadh tuilleadh airgid á fháil acu, de bharr nach dtiteann siad isteach leis an gcóras nua maoinithe atá ag Foras na Gaeilge. Dúirt Frainc Mac Brádaigh go raibh “díomá” air faoin méid sin ach gur “gá leanacht ar aghaidh” in ainneoin an drochscéala. Dúirt sé go bhfuil 900 síntiúsóir ag An Timire agus go bhfuil súil acu 1,000 síntiúsóir a fháil “roimh dheireadh na bliana”.

Ag caint dó faoi ócáid na hoíche anocht, dúirt an tAthair Mac Brádaigh gur féidir bheith ag súil le “neart cainteoirí” maithe, togha an cheoil agus aithris filíochta i gceann de phríomhthithe Bhaile Átha Cliath, atá “maisithe as an nua” i gcomhair na hócáide. “Is fiú a theacht mura mbeadh ann ach an teach a fheiceáil” a dúirt sé.

Ailt ar chúrsaí spioradáltachta, cúrsaí an tsaoil, cúrsaí cultúir agus ceisteanna sóisialta a bhíonn faoi chaibidil sa Timire, atá ar an iris Ghaeilge is faide ar an saol in Éirinn.

Is í Bláthnaid Ó Brádaigh, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013, atá ina Bean an Tí le haghaidh na hócáide.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin ócáid ach ríomhphost a chur chuig antimire@gmail.com nó glaoch ar 01 7758502.

Tá fáilte roimh chách teacht.

Oíche shóisialta agus ómóis An Timire, 7.30pm, Déardaoin, 11 Meitheamh, Teach Belvedere, Sráid na Danmhairge Móire, BÁC 1

Fág freagra ar 'Maoiniú an Fhorais caillte ag An Timire ach ‘leanfaidh siad ar aghaidh mar a rinne le 100 bliain anuas’'

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Nuair nach dtigeann tú ach an dóigh le casúr a úsáid síleann tú gur tairní iad achan rud thart ort – Cathaoirleach An tUltach