Máire Ní Thuathail, ceann feadhna ‘Ros na Rún’, tar éis bháis

Bhí Máire Ní Thuathail ar dhuine de cheannródaithe theilifís na Gaeilge agus baint mhór aici le forbairt na hearnála teilifíse Gaeltachta

Máire Ní Thuathail, ceann feadhna ‘Ros na Rún’, tar éis bháis

Tá Máire Ní Thuathail, an bhean ghnó agus teilifíse aitheanta as Tuar Mhic Éadaigh i nGaeltacht Mhaigh Eo, tar éis bháis.

Bhí Máire Ní Thuathail, a bhí tinn le tamall, ar dhuine de cheannródaithe theilifís na Gaeilge agus bhí baint mhór aici le forbairt na hearnála teilifíse Gaeltachta.

Bhí sí ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Eo Teilifís agus ina Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an sobaldráma Ros na Rún. Bhí cónaí uirthi i Seanadh Gharráin sa Spidéal.

I ndiaidh staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht talmhaíochta i gColáiste na hOllscoile Gaillimh agus UCD, thug sí seal ag múineadh agus seal eile ina hOifigeach Oideachais le Bord na Gaeilge sula ndeachaigh sí ag plé le cúrsaí teilifíse.

Ba i 1989 a bhunaigh sí an comhlacht neamhspleách léiriúcháin Eo Teilifís, atá lonnaithe ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara. Ba ag plé le cláir oideachais agus cláir do dhaoine óga don chuid is mó a bhíodh Eo Teilifís i dtús aimsire.

Sa tréimhse roimh theacht ar an saol do Theilifís na Gaeilge i 1996 bhí baint aici leis na cúrsaí traenála a cuireadh ar bun le hoiliúint a chur ar dhaoine le dul ag obair in earnáil nua na teilifíse.

Máire Ní Thuathail

I 1995 d’éirigh le Eo Teilifís agus Tyrone Productions an conradh a fháil chun an sobaldráma Ros na Rún a dhéanamh do Theilifís na Gaeilge. Ba é an coimisiún aonair ba mhó i stair na teilifíse in Éirinn ag an am. Tógadh baile bréige don sobaldráma, atá in aice le ceannáras Eo Teilifís ar an mBaile Ard ar an Spidéal, agus tá fostaíocht curtha ar fáil ag an gclár do na céadta duine le 21 bliain anuas.

Cé gur le Ros na Rún is mó a shamhlaítear Máire Ní Thuathail, bhí baint aici le go leor clár eile. I 1996, mar shampla, bhuaigh clár puipéid de chuid Eo Teilifís Mire Mara gradam ag Féile na Meán Ceilteach don chlár is fearr do dhaoine óga. Is iomaí gradam atá buaite ag cláir de chuid an chomhlachta ó shin.

D’oibrigh sí chomh maith, mar chomhléiritheoir, ar an tsraith oideachais aitheanta Turas Teanga a craoladh ar RTÉ agus ar an tsraith drámaíochta Seacht. I measc na gclár eile a rinne Eo Teilifís bhí Concerto Caitlín Maude, clár faisnéise suaithinseach faoin bhfile as Conamara a ghnóthaigh duais IFTA in 2005.

I 1997 bronnadh gradam Bean Ghnó Óg na Bliana uirthi agus thug sí seal ina ball den IRTC (an Coimisiún Um Raidió agus Teilifís Neamhspleách), réamhtheachtaí an BAI. Bhí sí ina ball chomh maith de bhoird stiúrtha eagraíochtaí éagsúla eile, ina measc Media Antenna, Screen Producers Ireland agus Fiontar Éireann.

In 2010 bhunaigh sí an nuachtán Gaelscéal i bpáirt leis an Connacht Tribune.

Chreid Máire Ní Thuathail go láidir i dtábhacht na hoiliúna agus na traenála i bhforbairt earnáil na teilifíse Gaeltachta agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí ‘Gréasán na Meán’.

Bhí baint mhór aici chomh maith, mar chomhléiritheoir leis an gcomhlacht léiriúcháin ROSG, le scéimeanna gearrscannán TG4 ar nós Síol agus Údar.

Fág freagra ar 'Máire Ní Thuathail, ceann feadhna ‘Ros na Rún’, tar éis bháis'

  • Ciarán Dunbar

    Go ndéana a dia grásta uirthi.

    Brónach an scéal é seo, rinne sí difear.

  • Bríd Ní Chonghóile

    Beannacht Dé lena hAnam

  • Beannacht Dé lena hanam uasal agus fáilte romhat isteach leis na haingil.

    Eireóidh muintir na Gaeltachta agus an Spidéal Máire Ni Thuathail. Is cúis mór brón a báa da clann cairde agus comharsaim I Seanaghurráin. Ar dheis Dé go raibh do anam uasal a Mháire.

  • Máirín Ni Neachtain Ui Chonghaile

    Comhbhrón ó chroí lena clann cairde agus na comharsain I Seanaghurráin. Go ndeandh Dia trocaire air a hanam uasal.

  • Breda

    Duine uasal dilis cineama b’ea Maire. Bhi si thar cinn uileag maidir le cur chun cinn samhlaiocht, an Gaeilge, o ideachas agus oilliuint. Duine den scoth. Ni bheidh a leithid aris ann. Go ndeanadh Dia grasta ar a hanam uasal naofa x x